Ag filleadh ar an bhfile eile
Pléann Clíona Ní Ríordáin na tréithe a mheall Ailbhe Ní Ghearbhuigh go saothar Andrée Chedid
Foilsíodh Tonn Teaspaigh, an tríú cnuasach filíochta de chuid Ailbhe Ní Ghearbhuigh, in 2022, sé mbliana tar éis Tost agus Allagar (Coiscéim 2016). Ní hé sin le rá go raibh Ní Ghearbhuigh díomhaoin idir an dá linn agus bhí sí taobh leis an aistriúchán chomh maith leis an bhfilíocht i rith na tréimhse sin. In 2016 foilsíodh leagan dátheangach de dhánta Ní Ghearbhuigh sa leabhar The Coast Road (Gallery Press). D’fhoilsigh Ní Ghearbhuigh féin leaganacha de dhánta Andrée Chedid sa bhliain 2019 le Cois Life. Ba í Ní Ghearbhuigh an file ab óige a bhí páirteach sa tsraith sin, sraith a bhí mar fhís foilsitheoireachta ag an bhfile Liam Ó Muirthile. Bhí cúigear filí Éireannacha (Ó Muirthile féin, Eiléan Ní Chuilleanáin, Tomás Mac Síomóin, Gabriel Rosenstock agus Ní Ghearbhuigh) agus cúigear filí cáiliúla ón Mór-Roinn i gceist sa tsraith. Mar aon leis na filí-aistritheoirí eile sa sraith, tá cumas teangan faoi leith ag Ní Ghearbhuigh sa teanga inar cumadh na bundánta, is é sin le rá an Fhraincis. Bhí an teanga mar ábhar céime aici, mhair sí ar feadh bliana i Rennes na Briotáine, agus chaith sí bliain eile i mBordeaux. San alt seo, tá sé i gceist agam na tréithe a mheall Ailbhe Ní Ghearbhuigh go saothar Chedid a phlé, agus ceangal a dhéanamh idir saothar na beirte.
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús