I ngéibheann sa bhaile

I ngéibheann sa bhaile

Is iontach mar a tharraingíonn Réaltán Ní Leannáin an ficsean chuici chun aghaidh a thabhairt ar pholaitíocht inscne na coimhlinte, a deir Amber Nic Dháibhéid 

Baineann go leor de shaothar Réaltán Ní Leannáin le saol agus ról na mban sa tsochaí. Gné shuntasach dá saothar is ea an aird a tharraingíonn sí ar thaithí na mban i dtuaisceart na hÉireann agus í ag tarraingt ar a hóige ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste le linn na ‘dtrioblóidí’. Tá tábhacht ag baint leis an saothar seo mar go mbíonn an ról lárnach a bhí ag mná agus máithreacha le linn na tréimhse sin infheicthe in amanna, agus na scoláirí ag díriú barraíocht, dar le hEilish Rooney, ar ‘power politics… the personalities, political parties and armed groups’ (2006: 358). Déanfar anailís san aiste seo ar ghearrscéal amháin as an chnuasach Dílis, ‘Teas’, chun iniúchadh a dhéanamh ar an dúshlán a thugann Ní Leannáin do na steiréitíopaí inscne agus na híomhánna traidisiúnta den bhean a bhí sa treis ar feadh i bhfad sa scríbhneoireacht stairiúil agus sa léiriú ar an mháthair náisiúnach/Chaitliceach, go háirithe. Cuireann Ní Leannáin béim fosta ar an tábhacht a bhaineann leis an bhaile mar thearmann agus an dóigh is féidir le coimhlint agus foréigean bualadh isteach ar an bhaile chomh maith.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Is scoláire í Amber Nic Dháibhéid as Doire