Sí Réaltán Ní Leannáin mo laoch Seán Ó Muireagáin

Chuaigh sí i gcnámh orm ón chéad lá, Réaltán Ní Leannáin. Rachadh sí i gcoiste ar mo chuidse scríbhneoireachta agus ba í a mhol domh gan dhul as mo chúrsa, go raibh mé ar mo bhealach féin ceart. Ní raibh aon ní ar a chúl sin, ní raibh rud ar bith folaithe aici. Is iomaí dearmad a bhain domh sna luathbhlianta sin ach bhíodh sí ann le treoir a thabhairt domh agus misneach a spreagadh ionam. Nuair a bhí beaguchtach orm, bhíodh sí i gcónaí ag dhul orm cloí leis an scríbhneoireacht seo. Roinn sí a cuid oibre féin go fial liom, rud a chuir stiúir orm ar bhealach nár thuig mé féin ag an am. Ise a bhí ag tabhairt orm gan an deis a ligean uaim. Ach ab é í, agus í do mo ghríosú i gcónaí, tá seans maith ann nach mbeadh rud ar bith foilsithe agamsa mar atá. Is annamh duine mar sin i do shaol, duine atá aitheanta go mór mar scríbhneoir agus í go fóill sásta tacú le scríbhneoir úr. Agus os a choinne sin uilig, is cairde sinn. Agus más cara leat í, is ort atá an t-ádh. Agus tuigim sin.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús