Turgnamh TItley

Tá againn sa cheathrú cnuasach gearrscéalta le Alan Titley scéalta a bhogann ceisteanna na linne chomh maith le ceisteanna na healaíne, a deir Máirtín Coilféir

Ag Dul i bhFad (Cló Iar-Chonnacht) ar an gceathrú cnuasach gearrscéalta atá scríofa ag Alan Titley ó chuaigh sé i mbun pinn a chéaduair beagnach trí scór bliain ó shin. Ba é an saothar gairid a chúram an t-am sin freisin – ba é an léirmheas agus an gearrscéal féin is túisce a d’fhoilsigh sé ar irisí is ar irisleabhair siar sna seascaidí (an iris seo san áireamh), agus go deimhin aon duine a bhfuil cur amach aige ar scríbhneoireacht Titley ó shin – agus tá go leor acu ann – aithneoidh sé an glór sainiúil céanna ag sonadh tríd an sé scéal déag atá bailithe anseo idir chlúdaigh leabhair.

Ní hin le rá gurb ionann reacaire nó carachtar nó go fiú is tuin chainte ó scéal dá chéile sa gcnuasach is deireanaí uaidh. Más aisteach nó más beagán íorónta le rá é, is í an éagsúlacht a tharraingíonn na scríbhinní seo le chéile, éagsúlacht faid agus éagsúlacht stíle go háirithe. Ach san éagsúlacht chéanna sin nochtar meon agus meanma mór-aitheanta an té a scríobh – chomh maith, b’fhéidir, le huaillmhian údair a bhfuil eolas na mblianta aige ar an bhfoirm cheapadóireachta atá idir lámha aige.

Cuid den éagsúlacht agus den uaillmhian sin is léir ar chlár an ábhair féin. Ag Dul i bhFad an teideal atá ar an leabhar mar is i bhfad a théann na scéalta ann: ón scríbhinn tosaigh bhéaloideasa, ‘Balbhar agus an Béal Beo’, a bhfuil fad leathanaigh ar éigean ann; go scéal lár báire, ‘Trí Sheans’, atá beagnach fiche leathanach ar fad; go liag mhór mhullaigh an leabhair, ‘Ar An Ordóig’, a bhfuil naoi leathanach is naocha ann, is faide gach saothar anseo ná an ceann a tháinig roimhe. Ar an gcaoi sin d’fhéadfaí a rá go bhfuil triail nó turgnamh liteartha ar bun ag Titley in Ag Dul i bhFad, féachaint cá seasann teorainn an ghearrscéil féin, cá luíonn feoil na foirme, cá fhaid agus cá hábhar is dual dó nó is fearr dó.

Mar a bheifí ag súil leis agus a leithéid de thriail ar siúl, castar orainn riar mór pearsan agus a mbealach féin acu ar fad. Feiceann muid fear pluaise ag soláthar bronntanas dá bhean chéile in aimsir na réamhstaire (‘An Féirín’); naomh ón luathstair ag dul in iomaíocht scéalaíochta le lucht díchreidimh (‘Balbhar agus an Béal Beo’); daltaí scoile a bhriseann le meon is le mianta an tslua (i ndornán scéalta); iriseoir uirbeach a fhilleann ar an bhfód salach dúchais (‘An Cloigeann Catach’); an Maorghinearál Percival Crawpick-Fluckley (‘Amritsar’); Plobarbhoc agus an Slapaire (‘Idir na Cuaillí’); Gael léannta ar fán i Nua-Eabhrac (‘Sagart, Leanbh, Cogadh – An Seanscéal Riamh’); agus – mar a deirtear – a thuilleadh nach iad.

Ceann de na tréithe stíle a chuaigh i gcion orm agus mé ag léamh faoi na daoine seo ar fad ná an cúram a dhéanann Titley de cheannaithe na gcarachtar. Cúram réasúnta traidisiúnta é sin, déarfá, ach ina dhiaidh sin airím nach mbíonn an cur síos mion ar dhéanamh an duine á chleachtadh an-choitianta sa ngearrscéal níos mó. Nó b’fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuil an-éifeacht leis in Ag Dul i bhFad, mar is minic a bhaineann an t-údar casadh ealaíonta as a thuairisc:

Mar le duine nach raibh tada le rá ná le raideadh aige, ní fhéadfá a rá go raibh sé ciúin. Ba dhóigh leat air gur chonsain ba ea na malaí os cionn gutaí géara a dhá shúil. Chuireadh sé abairt in iúl le casadh a chinn, agus bhí clár a chuid mianta le léamh ar sholas a ghnúise. Ba chasadh leathanaigh é an ghaoth trína chuid gruaige (38).

Má bhí sí a cúig nó a sé de bhlianta níos aosta ná mé nuair a bhíos im dhéagóir óg, bhí sí fiche bliain níos críonna anois. Bhí an aghaidh chéanna aici ach bhí an geimhreadh inti. […] Ní raibh moille shíoraí na hóige inti, ach ba dhóigh leat sruthán caol a cuid fola ag gluaiseacht go slaodach de réir is ab fhéidir (191).

Ní rabhas in Nua-Eabhrac rófhada, mí amháin déarfainn, nuair a casadh orm é. Cuid mhaith níos sine ná mé a bhí sé, ach cuma lánoilte fiteáilte féin air. Smig air ag tabhairt dúshlán an tsaoil, súile a d’fhéach isteach ina chloigeann seachas amach ar an domhan (212).

An tsiúráil cheardaíochta a fheiceann muid sna habairtí sin, meabhraíonn sí dhom ráiteas Martin Amis faoin scríbhneoir (nó faoin ealaíontóir) oilte: ‘I don’t trust an abstract painter unless I know that he can do hands’ (Paris Review, 1998). Tá Alan Titley in ann lámha (agus a thuilleadh nach iad) a léiriú go paiteanta i mbeagán focal agus bíonn an t-údarás scríbhneoireachta a ghabhann leis sin ag feidhmiú ar an léitheoir fós i bhfad amach ó na sleachta aonair féin. Fágann sin níos mó spáis ag an údar, b’fhéidir, a aghaidh a thabhairt ar a chuid ‘abstract paintings’, a chuid ciútaí neamhthraidisiúnta – agus tá go leor acu ann – a shaothrú gan an léitheoir a chur dá bhuille an iomarca.

Ina dhiaidh sin ar fad, b’fhéidir gur maith an rud é a bheith curtha dár mbuille ag an litríocht corruair – agus níl faitíos ar Titley lámh a leagan ar an mball bog i gcuid de na scéalta seo, dúshlán na haimsire íogaire a thabhairt trí leagan claonta cainte a chur i mbéal carachtair nó beart gránna éigin a chur os ár gcomhair. Ar an ábhar sin fágaim focal fónta faoi ‘Sagart, Leanbh, Cogadh – An Seanscéal Riamh’, a bhain preab asam lena raibh ann de chaint leataobhach, lán-oscailte idir beirt charachtar, strainséirí, a chasann ar a chéile i dteach tábhairne. Aithníonn muid na gearáin atá ag duine acu faoi Éirinn ach níl muid chomh cleachtach céanna, b’fhéidir, ar neamhchúis an té atá ag caint leis a fheiceáil i bhfoirm chló:

‘…sa tír mhallaithe sin, sa tír ghránna sin, an tír is measa ar chlár an domhain, an tír ina raibh na sagairt is na heaspaig is na mná rialta i gceannas, an tír inar caitheadh mná sa charcair má bhí siad ag súil le leanbh, an dialathas nach raibh saoirse agat do thóin a thochas ann gan cead a fháil ón sagart paróiste…’ […]

‘Cad a tharla duitse, mar sin?’ d’fhiafraigh mé, ag coinne le scéal bugaireacht nó bumphumpála de shaghas éigin. Ní hé go raibh mé ag coinne leis, ach gur dhóigh liom gurbh é sin a scaoilfí chugam. Ní rabhas go hiomlán ar iomrall ón tslí (226).

Téann an bheirt seo i ngleic le stráicí móra aimhréidhe den ‘dioscúrsa náisiúnta,’ go háirithe na steiréitíopaí is na scannail náisiúnta, ar bhealach nach gcloisfí mórán, cheapfá, ar na meáin phoiblí. Ach, ar fhaitíos an dearmaid, is meán poiblí í an litríocht freisin, agus tá againn in Ag Dul i bhFad scéalta a bhogann ceisteanna na linne chomh maith le ceisteanna na healaíne.

- Tá ‘Ag Dul i bhFad…’ le Alan Titley

Foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

Bhain Máirtín Coilféir BA agus PhD, bunaithe ar shaothar Alan Titley, amach i gColáiste na Tríonóide agus Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht ó OÉ Má Nuad. Tá spéis faoi leith aige sa nualitríocht, sa chritic liteartha agus i léann an aistriúcháin. D’oibrigh sé i gColáiste na Tríonóide, in OÉG, mar eagarthóir liteartha na hirise Comhar, agus ina eagarthóir ar an iris piarmheasta acadúil COMHARTaighde. Tá sé ina Léachtóir Cúnta sa Léann Cheilteach in Ollscoil Choláiste Naomh Mícheál in Ollscoil Toronto.