An stoirm curtha de ag Trump?

Máirín Ní Ghadhra 
An stoirm curtha de ag Trump?

Ní athróidh a lucht tacaíochta dílis a n-intinn faoi Donald Trump, a deir Máirín Ní Ghadhra

Céard a tharlóidh sa gcás go gciontaítear Donald Trump sa triail atá dá reáchtáil faoi láthair i Nua-Eabhrac? Tá faoi bhun leathbhliain anois idir muid agus toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe i dtús mhí na Samhna agus tá muid lá i ndiaidh lae ag faire na dtuairiscí faoin gcás coiriúil in aghaidh Donald Trump i Nua-Eabhrac.

Tá leagan Stormy Daniels den scéal ar fad cloiste againn. Tá leagan Michael Cohen cloiste againn. Níl aon amhras ach gur íocadh airgead le Stormy Daniels lena béal a choinneáil dúnta faoin gcaidreamh a bhí aici le Donald Trump. Tá sé cloiste againn freisin faoi na hiarrachtaí leanúnacha a bhain le Trump a choinneáil amach as na meáin. Bhí comhghuaillíocht idir dlíodóir Trump Michel Cohen agus foilsitheoir an National Enquirer le Trump a chosaint ar aon drochscéalta a bhféadfadh aon tionchar a bheith acu ar a fheachtas don Teach Bán.

Ar ndóigh, ní hin í an cheist atá le freagairt anseo mar nach bhfuil aon choir sa reachtaíocht dá leithéid sin. Baineann na cúiseanna in aghaidh Trump leis an gcalaois a deirtear a rinneadh nuair a bhí iarracht ar bun an t-airgead a d’íoc Michael Cohen le Stormy Daniels ar iarratas ó Trump a cheilt. Baineann siad le cuntasaíocht bhréagach. Dúirt Stormy Daniels féin agus í ag tabhairt fianaise gurb iad na bréaga atá inste ag Trump an rud is mó a ghoilleann uirthise seachas an méid atá ráite aige faoin gcaidreamh a bhí aici leis.

Níl muid cinnte go fóill an inseoidh an tUachtarán a leagan féin den scéal. Tá a fhios againn go gcreideann sé – de réir an méid atá á rá aige ag slógaí toghchánaíochta – go bhfuil na cúiseanna ar fad ina aghaidh éagórach. Séanann sé go raibh aon chaidreamh aige riamh le Daniels. Cuireann sé i leith Cohen gurb eisean a chum agus a cheap aon chalaois a rinneadh.

Caithfidh sé, mar sin féin, a bheith cineál cúramach ina chuid cainte faoi láthair. Tá an cás i Nua-Eabhrac ar an gcás is lú a bhfuil tábhacht leis, a deir dlíodóirí sna Stáit Aontaithe sa méid agus gur cúiseanna iad a bhfuil sé ciontaithe iontu cheana féin i gcásanna eile. Tá sé follasach chomh drochmheasúil is atá Trump i leith an chórais dlí cé gur mhór aige an deis le ráitis phoiblí antoisceacha faoi gcúirt féin, faoin mbreitheamh agus faoin ngiúiré a dhéanamh os comhair na gceamaraí. Níl againn ach breathnú ar an neamhaird a rinne sé ar an ordú fanacht inar thost agus ar an mbagairt príosúin ón mBreitheamh Merchan lena laghad ómóis atá aige don chúirt a fheiceáil. Tá sé cinniúnach, mar sin féin, mar go bhfuil an cás ag leanacht ar aghaidh agus go bhfuil léargas dá thabhairt ar mhodhanna oibre agus cur chuige Trump i láimhseáil a chuid cúrsaí gnó. Tá Trump agus a lucht tacaíochta ag iarraidh teachtaireacht a chruthú faoi láthair le hamhras a chothú i measc vótóirí coimeádacha. Teastaíonn uathu an tuairim a chruthú i measc vótóirí go mbeifear ag déanamh éagóir ar Trump má chiontaítear é.

Tá dris chosáin sa mbealach ar na cásanna eile atá in aghaidh Trump go ceann tamaill eile. Tá an triail a bhaineann le cáipéisí rúnda a bheith ina sheilbh i Mar-a-Lago i Florida curtha ar atráth go dtí go dtiocfaidh breithiúnas ón gCúirt Uachtarach i mí an Mheithimh faoin díolúine uachtaránachta. Ní tharlóidh tada i gcás Washington DC faoi iarracht an daonlathas a chur as a riocht agus cionta a bhaineann le héirí amach a eagrú nó a ghríosú go dtiocfaidh an breithiúnas sin ón gCúirt Uachtarach freisin. Tá súil leis an mbreithiúnas sin an mhí seo chugainn ach ag an bpointe sin, idir iarratais ar urghairí agus orduithe cúirte, is maith an seans nach mbeidh aon dul chun cinn sna cásanna sin go mbeidh sé ina fhómhar.

Ag an tráth sin, tá súil go mbeidh foireann dlí Trump ag maíomh nach bhfuil aon bhealach go bhfaighidh sé éisteacht chóir le linn feachtais toghcháin. Sin an tseift atá á húsáid ag dlíodóirí an iaruachtaráin ó thosaigh na cásanna seo. Teastaíonn uathu an oiread moille agus is féidir a chur ar na cúiseanna dlí, go háirithe na cúiseanna feidearálacha agus a chinntiú leis an moilleadóireacht sin nach mbeidh na trialacha tosaithe faoi mhí na Samhna.

Go fiú agus má bhíonn dátaí do na trialacha socraithe faoin tráth sin, meastar gurb í an aidhm atá ag Trump ná maithiúnas a thabhairt dó féin chomh luath agus a thoghtar é. Ach an féidir leo glacadh leis, mar sin, go dtoghfar é?

Sin í an cheist mhór agus sin an dúshlán atá roimh fhoireann straitéise Trump faoi láthair. Ní athróidh a lucht tacaíochta dílis a n-intinn faoi Donald Trump. Tacóidh siad leis bealach amháin nó bealach eile. Tá sé féin agus Biden gob ar ghob sna pobalbhreitheanna faoi láthair. I bhfianaise chomh deighilte agus atá an pobal sna Stáit Aontaithe agus an córas atá ann le hUachtarán a thoghadh, ní gá go mbeadh Trump sa tóir ach ar sciar beag den phobal vótála. Is iadsan an sciar sin den phobal nach mbeidh chomh dílis dó agus atá a chuid dílseoirí féin.

Sin iad freisin cuid de na haicmí i bpobal na Stát Aontaithe nach mbeadh fonn orthu tacú le Trump go brách. Léiríonn an taighde faoi dhaoine a chaitheann vóta don pháirtí Poblachtach go mbíonn a bhformhór mór geal, os cionn leathchéad bliain d’aois agus nach mbíonn oideachas tríú leibhéal orthu. Go deimhin, más cóir géilleadh don taighde, as an 244 milliún duine sna Stát Aontaithe atá i dteideal vóta a chaitheamh, ní bheidh tionchar ar bith ag 99.5% díobh ar thoradh an toghcháin.

Tá sé stát ar leith aitheanta ag saineolaithe a bheidh cinniúnach sa toradh i ndeireadh an lae – New Mexico, Arizona, Michigan, Wisconsin, Georgia agus Pennsylvania. Cuireann roinnt tráchtairí Carolina Thuaidh san áireamh cé go bhfuil claonadh sa stát sin tacú leis na Poblachtánaigh, bunaithe ar thorthaí roimhe seo. Níl aon amhras faoin bpáirtí lena mbeidh an pobal sna 43 Stát eile ag tacú i mí na Samhna. Tá an dianstocaireacht tosaithe sna Stáit sin cheana féin agus is féidir a bheith cinnte go gcaithfear na milliúin dollar ar fhógraíocht iontu ar fad.

Ach cén chaoi a n-éireoidh le Donald Trump aon stocaireacht a dhéanamh in áiteacha chomh fada ó bhaile le New Mexico nuair atá de chúram air a bheith i láthair sa seomra cúirte i Nua-Eabhrac gach lá? Agus cén chaoi a n-éireoidh leis daoine a chláraíonn mar neamhspleáigh i gcóras polaitiúil na Stát Aontaithe a mhealladh?

Léiríonn an taighde atá déanta le cúpla toghchán nach bhfuil daoine dubha, daoine de chúlra Spáinneach ná mná, chomh dílis don pháirtí Poblachtach agus a bhíodh. Tá teachtaireachtaí dá múnlú ag foireann straitéise Trump a d’fhéadfadh dul i gcion ar na grúpaí sin, grúpaí atá riachtanach leis an toghcháin a ghnóthachtáil. Ní chuidíonn scéalta gáirsiúla an cháis reatha i Nua-Eabhrac le daoine measúla, coimeádacha a mhealladh.

Tá a chuid deacrachtaí féin ag Joe Biden faoi láthair, idir an imní i measc daoine go bhfuil sé róshean agus fearg faoin seasamh atá glactha ag an Teach Bán i leith na n-uafás in Gaza. Cé gur deacair a shamhlú go mbeadh mórán daoine a vótáil do Joe Biden ceithre bliana ó shin sásta vótáil do Trump i mbliana, tá seans láidir ann go gcaithfidh siad a vóta do Robert F Kennedy nó a leithéid, sin nó go bhfanfaidh siad sa mbaile. Chaith an líon is mó daoine ó 1900 a vóta in 2020. Má fhanann siadsan sa mbaile an babhta seo is féidir a bheith cinnte gur mó dochar a dhéanfaidh sé do Biden ná do Trump. Ag an tráth sin, beidh cúpla céad míle vóta sa tír cinniúnach sna sé stát atá idir dhá cheann na meá agus iadsan a chinnteoidh cé a bheidh sa Teach Bán as seo go ceann ceithre bliana.

Máirín Ní Ghadhra 

Is iriseoir agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra. Tá na leabhair Taibhse an Dá Thaobh, Lámh Mharbh Abú!, scríofa aici, agus aistriúchán déanta aici ar An Cúigear Cróga (The Famous Five): A Lazy Afternoon, agus ar an sraith Dónall Dána (Horrid Henry).