Cinneadh Harris

Máirín Ní Ghadhra 
Cinneadh Harris

Seans go mbeidh fonn ar Simon Harris toghchán a ghairm sula mbeidh dóthain ama ag Sinn Féin téarnamh, a deir Máirín Ní Ghadhra

Bheadh seafóid ar an Taoiseach Simon Harris gan toghchán a fhógairt sa bhfómhar. Nó i mí Iúil, Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, b’fhéidir? Lá ar bith, go deimhin, seachas mí Lúnasa, idir seo agus deireadh thréimhse an rialtais i mí an Mhárta seo chugainn. Nó níos déanaí an bhliain seo chugainn má úsáideann tú an dáta gur aontaíodh clár an chomhrialtais mar phointe tosaigh. Is I lár an Mheithimh 2020 a tháinig deireadh leis na cainteanna faoinar bunaíodh an comhrialtas reatha. Thosaigh an cogar mogar i bhfad ó shin ach tá an chaint ag éirí níos glóraí agus níos láidre ó reáchtáladh na toghcháin áitiúla agus Eorpacha. Ní raibh na vótaí comhairthe nuair a bhí leithéid Michael Ring ag áitiú ar Simon Harris olltoghchán a fhógairt sa bhfómhar.

D’éirigh níos fearr le Fine Gael, agus go deimhin le Fianna Fáil, sna toghcháin áitiúla ná mar a bhí súil leis. D’éirigh le Fine Gael éacht a dhéanamh sna toghcháin Eorpacha freisin, go háirithei dtoghlach an Lár Tíre-An Iarthuaiscirt. Níor éirigh le Sinn Féin an dul chun cinn a dhéanamh a bhí á thuar ag pobalbhreitheanna le bliain go leith nó mar sin. Deis le tapú mar sin ag an dá phríomhpháirtí sa rialtas. Is léir ag faire ar an ráta aistriúcháin idir an dá pháirtí go mbreathnaíonn an pobal orthu mar aonad de shaghas ó chuaigh siad i gcomhrialtas le chéile. Is dóigh ná a mhalairt gurb é sin an teachtaireacht a bheidh acu san olltoghchán freisin – féach mar a d’oibrigh muid le chéile i gcomhrialtas. Cén fáth a rachfá sa seans le haon rogha eile rialtais?

Sin ceist mhaith. Bhí pobalbhreitheanna agus an páirtí féin den tuairim go mbeadh toradh i bhfad níos fearr ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha ná mar a bhí súil leis. Cé nach raibh bunús riamh leis an 33% agus 34% a bhí dá bhfáil acu i bpobalbhreitheanna an bhliain seo caite, bhí Sinn Féin ag cailleadh tacaíochta go sciobtha le roinnt míonna. An chúis? B’fhéidir nárbh léir don phobal go bhfuil mianach rialtais iontu? An amhlaidh a shíl an páirtí féin nach raibh le déanamh ach ainm a chur ar pháipéar ballóide agus go mbeadh tacaíocht acu? Go mbeadh an branda sách láidir le tacaíocht a mhealladh beag beann ar cháil agus aithne na n-iarrthóirí? Má shíl, ba é sin an chéad bhotún. An dara botún gur chuir siad an iomarca muiníne i bpobalbhreitheanna agus gur roghnaigh siad i bhfad an iomarca iarrthóirí. I ndeireadh an lae, titim de 2% a tháinig ar thacaíocht an pháirtí san iomlán agus tá comhairleoirí nua tofa acu. Ba dhóigh leat ag éisteacht le tuairiscí ón gcomhaireamh go ndearnadh scrios iomlán orthu. Níor deineadh ach cinnte tá ceacht múinte ag an bpobal dóibh. An mbeidh siad in ann foghlaim ón mbotún sin? Tá siad le machnamh a dhéanamh leis na cúiseanna nár éirigh leo ina gcuid spriocanna a oibriú amach. An mbeidh téarnamh agus borradh le feiceáil ina líon suíocháin mar thoradh ar an machnamh sin? Ní gá go mbeadh, ach is cinnte má thairgeann siad malairt rialtais gan cur síos soiléir a dhéanamh ar an mbealach go gcuirfidh siad na polasaithe malartacha i bhfeidhm go mbeidh ceisteanna ag an bpobal. Níor thaitin le go leor dá lucht leanúna traidisiúnta an ghluaiseacht i dtreo an láir sa bpolaitíocht a chaitheann páirtithe a dhéanamh ionas go bhfaighidh siad dóthain tacaíochta le rialtas a bhunú. Tá sé soiléir le fada an lá sa tír seo nach bhfuil dúil ag tromlach an phobail i bpolaitíocht na heite clé.

Agus é ag déanamh a mhachnaimh faoi dháta olltoghcháin, an mbeidh Simon Harris ag cuimhneamh ar dhul chuig na bothanna sula mbíonn deis ag Sinn Féin ceachtanna an fheachtais seo a fhoghlaim? Níl aige ach breathnú ar an méid a tharla in 2019 nuair a chaill an páirtí leath na suíochán a bhí acu sna comhairlí áitiúla. Roinnt míonna dár gcionn i mí Feabhra 2020 bhuaigh siad ceithre shuíochán déag breise sa Dáil agus ceal iarrthóirí, d’fhág siad cúpla suíochán ina ndiaidh. An mbeidh Simon Harris ag iarraidh an deis a thapú agus iad gonta tabhairt faoi olltoghchán go háirithe agus feachtas dá throid ó thuaidh den teorainn freisin?

Ceann de na hábhair suntais sna toghcháin le gairid ab ea an fás mór i vótaí na neamhspleách ar fud na tíre – tá beagnach dhá chéad comhairleoir neamhspleách tofa anois. An mbeidh an borradh céanna in olltoghchán? Deacair a rá mar ní mar a chéile a chaitheann daoine le holltoghchán agus a chaitheann siad le toghcháin áitiúla agus Eorpacha. Tá baint mhór ag na toghcháin a bhí againn le gairid le ceisteanna logánta, ceisteanna tíreolais agus pearsantachta. Bíonn daoine ag iarraidh ionadaíocht áitiúil agus ag iarraidh go mbeadh na ceisteanna ina gceantar áitiúil á gcur faoi bhráid fheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil. Ní hionann an cás beag ná mór le holltoghchán. Cé go mbíonn líon suntasach neamhspleách sa Dáil, tá sé tugtha faoi deara ag daoine nuair a bhíonn tromlach mór ag rialtas gur beag cumhacht a bhíonn ag neamhspleáigh agus gur beag tionchar a bhíonn acu ar pholasaithe a chuirtear i bhfeidhm. Tá go leor de na neamhspleáigh a toghadh le gairid nua ag an bpolaitíocht agus níl mórán taithí acu ar an gcóras. Bheadh go leor le foghlaim acu dá mbeidís le tabhairt faoi bheith ar pháipéar olltoghcháin. Arbh fhearr, dá réir sin, dul ag an Áras sula mbíonn deis acu taithí a fháil ar an bpolaitíocht agus cur ar a gcumas féin feachtas Dála a throid?

Tá ceist na bhfothoghchán le socrú freisin. An bhfuil fonn ar aon dream dul ag plé le feachtas fothoghcháin luath sa bhfómhar? I mí Mheán Fómhair b’fhéidir, ar mhaithe le dáta an olltoghcháin a bhrú siar go dtí an t-earrach seo chugainn? Tuairiscítear tuairim a bheith ann i measc foinsí rialtais go mbeadh sé feiliúnach fothoghcháin – suas le cúig cinn ar fad - a reáchtáil i Meán Fómhair mar go bhfuil dea-chuma ar na páirtithe móra tar éis na dtoghchán áitiúil agus Eorpach le gairid. Thabharfadh sraith fothoghchán ag an tráth sin deis don rialtas – má éiríonn leo iad a ghnóthachtáil – bonn níos seasta a chur fúthu féin, reachtaíocht a bhfuil práinn léi a rith agus cáinaisnéis a réiteach. Ní fheictear do mhórán go bhfuil ciall leis an tuar sin ach tá an chaint ar bun. Cuimhnigh mar a tharla sa mBreatain - ní mórán a chreid go mbeadh Rishi Sunak ag reáchtáil olltoghcháin ar an 4 Iúil.

Ó tharla gur fhág na toghcháin le gairid an rialtas slán go maith cé is moite do na fothoghcháin atá le rith, is léir gurb é an beart ciallmhar an méid atá á thuar le tamall anois. An cháinaisnéis a fhógairt mar atá beartaithe ar an 14 Deireadh Fómhair agus ansin dáta toghcháin a fhógairt. D’fhéadfadh go dtabharfaí an cháinaisnéis chun cinn cúpla seachtain ionas gur féidir an toghchán a reáchtáil ar an 25 Deireadh Fómhair. Tá an dáta sin luaite go minic. Tá an 15 Samhain luaite go rialta freisin mar dháta ag tráchtairí. Ag an nóiméad áirithe seo níl ach duine amháin cinnte go bhfuil an dáta ar eolas aige. Sin é Simon Harris nach mbeidh 100 lá ina Thaoiseach go dtí an 18 Iúil. Beidh sé ag iarraidh deis a fháil lena chruthú nach aon chuach sa nead é ach ní bheidh sé ag iarraidh aon tairbhe a dhéanfadh an toradh maith sna toghcháin le gairid dó a ligean le sruth.

Máirín Ní Ghadhra 

Is iriseoir agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra. Tá na leabhair Taibhse an Dá Thaobh, Lámh Mharbh Abú!, scríofa aici, agus aistriúchán déanta aici ar An Cúigear Cróga (The Famous Five): A Lazy Afternoon, agus ar an sraith Dónall Dána (Horrid Henry).