Laigí Bhille an Údaráis

Laigí Bhille an Údaráis

Ní mór neartú a dhéanamh ar an mír a bhaineann le cúrsaí tithíochta i reachtaíocht nua Gaeltachta, a deir Donncha Ó hÉallaithe

Ní mó ná sásta a bhí an tAire Stáit Gaeltachta, Thomas Byrne nach raibh leagan Gaeilge de na Nótaí Mínithe curtha ar fáil do na Teachtaí Dála le Bille Údarás na Gaeltachta 2024. An Teachta Dála neamhspleách ó Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly, a tharraing aird ar an scéal agus léirigh an tAire Stáit a mhíshástacht gan fiacail a chur ann.

‘Ní raibh a fhios agam nach raibh leagan Gaeilge den briefing note,’ a dúirt sé. ‘Tá mé chun ceisteanna a chur maidir leis sin. Ba cheart go mbeadh gach rud ag teacht amach trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, ní hamháin as Roinn na Gaeltachta ach ón Rialtas leis. Tarlaíonn sé sin san Aontas Eorpach gan aon deacracht ar chor ar bith.’

Ar a laghad bhí Bille Údarás na Gaeltachta 2024 ar fáil sa dá theanga nuair a cuireadh an reachtaíocht os comhair na Dála ar an 11 Iúil 2024, an lá ar scor na Teachtaí Dála don samhradh.

Tá cúlra sách fad ag baint leis an reachtaíocht nua. Nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltacht 1980, leagadh síos go mbeadh seachtar den 13 comhalta ar Bhord an Údaráis tofa go daonlathach ag pobail na Gaeltachta. Sé an t-aire stáit Dinny McGinley (Fine Gael) a thionscain an reachtaíocht a chuir deireadh leis an ngné dhaonlathach a bhain le roghnú Bhord an Údaráis: in áit roinnt de na baill ar an mbord a bheith tofa go daonlathach, fágadh faoi na comhairlí contae éagsúla a raibh ceantair Ghaeltachta faoina gcúram, seachas Comhairle Cathrach na Gaillimhe, daoine a ainmniú ar Bhord an Údaráis.

Fuair Cumann Forbartha Chois Fharraige geallúint i scríbhinn ó Cheannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin go dtabharfaí ar ais na toghcháin le hionadaithe ó na pobail Ghaeltachta a roghnú ar Bhord Údarás na Gaeltachta, dá mbeadh Fianna Fáil sa rialtas.

Acht Údarás na Gaeltachta 1979 a thug cead do phobail na Gaeltachta a gcuid ionadaithe féin a roghnú le suí ar Bhord an Údaráis. Leis na toghcháin don Údarás a chur ar bun aríst, theastódh reachtaíocht nua. Níor léirigh an tAire Sinsearach Gaeltachta, Catherine Martin (Comhaontas Glas) mórán spéise sa gceist agus ní raibh aon fhuadar faoin Aire Stáit Patrick O’Donovan (Fine Gael) tabhairt faoin reachtaíocht ach an oiread, cé gur cuireadh próiseas comhairliúcháin ar bun agus rinne an Comhchoiste Oireachtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, a bhfuil an Teachta Aengus Ó Snodaigh (Sinn Féin) ina chathaoirleach air, tuairisc a fhoilsiú faoin mbille.

Ba léir ó na moltaí a tháinig ó na polaiteoirí ar an gComhchoiste gur theastaigh uathu go mbeadh na toghcháin don Údarás ar bun an lá céanna leis na toghcháin áitiúla. B’in a d’fheilfeadh do na páirtithe polaitíochta. Ach ní raibh an bille réidh in am agus is maith an rud nach raibh.

Ní raibh cúraimí na Gaeltachta i bhfad curtha ar an Teachta Thomas Byrne (Fianna Fáil) nó go raibh Bille foilsithe agus curtha os comhair na Dála. Agus é ag géilleadh don bhrú ó na grúpaí Bánú agus Conradh na Gaeilge, ghlac an tAire Stáit leis go mba cheart an deis a thapú le Alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, a leasú chun cead reachtúil a thabhairt cuid den stoc talún atá ag an Údarás a úsáid chun críche tithíochta. Ag labhairt dhó sa Dáil dúirt an tAire Stáit Gaeltachta gur thuig sé ‘chomh práinneach is atá ceist na tithíochta’ agus go gcloiseann sé ó dhaoine sna ceantair Ghaeltachta ‘cé chomh deacair is atá sé orthu tithe a fháil le ceannach nó ar cíos’.

Ach, mar a dúirt cuid de na Teachtaí Dála a labhair ar an mBille sa Dáil, ní dhéanfadh an Bille, mar a sheasann sé, ach cead reachtúil a thabhairt don Údarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le comhairle contae ‘nó a dhiúscairt ar shlí eile…chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht’ (Mír 6, Bille Údarás na Gaeltachta 2024).

Tá dhá fhadhb leis an reachtaíocht. Ar an gcéad dul síos, níl aon cheo ráite i Mír 6 den Bhille, mar a sheasann sé, a chuirfeadh ceangal ar an gcomhlacht tithíochta ná ar an gcomhairle contae talamh an Údaráis a úsáid ar mhaithe le tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht do chainteoirí Gaeilge. D’fhéadfadh Comhairle Contae an talamh a úsáid le tithe a chur ar fáil do dhaoine gan aon aird a thabhairt ar chúrsaí teanga.

Ar an dara dul síos ní thugann an Bille cead don Údarás talamh feiliúnach, a thiocfadh ar an margadh, a ceannach le haghaidh tithíochta. Gan an cead sin, bheadh lámha an Údaráis ceangailte agus an eagraíocht ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb tithíochta sa nGaeltacht. Níl aon cheist faoi sin.

Le bheith féaráilte don Aire Stáit Byrne dúirt sé sa Dáil go raibh sé oscailte maidir leis an mír sa reachtaíocht faoin tithíocht a neartú ag an gcéad chéim eile.

‘Más féidir liom níos mó a bhaint amach ina leith seo de réir mar a leanann an próiseas reachtach ar aghaidh sa Dáil agus sa Seanad, déanfaidh mé mo dhícheall éisteacht leis na Baill agus é sin a dhéanamh,’ a dúirt sé.

Sa díospóireacht Dála ar Bhille an Údaráis níor labhair oiread is Teachta Dála amháin ón gComhaontas Glas ná ó Fhine Gael, dhá pháirtí sa gComhrialtas. Ní raibh aon chainteoir ach an oiread ó na Daonlathaithe Sóisialta ná ó Pháirtí an Lucht Oibre ná ón bpáirtí nua, Independent Ireland, páirtí a bunaíodh leis na pobail faoin dtuath a chosaint, dar leo féin. Labhair cúigear ó Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, Pa Daly, Johnny Guirke, Ruairí Ó Murchú agus Mairéad Farrell. Labhair Éamon Ó Cuív ó Fhianna Fáil agus Bríd Smith ón bpáirtí Pobal Roimh Bhrabús agus labhair triúr teachtaí neamhspleácha: Catherine Connolly ó Ghaillimh Thiar, Thomas Pringle ó Dhún na nGall agus Matt Shanahan ó Phort Láirge.

Bhí na teachtaí ar fad a labhair dearfach faoin mBille. Níor thóg sé i bhfad ar an gCathaoirleach, Aengus Ó Snodaigh (Sinn Féin) dul go croí na ceiste maidir leis an bhfadhb tithíochta sa nGaeltacht. ‘Tá a fhios agam,’ a dúirt sé, ‘go bhfuil géarchéim tithíochta timpeall na tíre uilig, ach is géarchéim í seo atá ag cothú dainséar don bhunchloch teangeolaíochta atá i gceantair Ghaeltachta.’

Thacaigh sé leis an smaoineamh go mba chóir aitheantas AHB (Comhlacht Ceadaithe Tithíochta) a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta. ‘Ní hamháin go mbeadh an tÚdarás in ann talamh a dhíol, mar atá leagtha amach sa reachtaíocht seo, ach ba cheart go mbeadh sé a in ann talamh a cheannach freisin,’ a dúirt sé.

D’ iarr an Teachta Éamon Ó Cuív (Fianna Fáil) ar an Aire Stáit páipéar a réiteach a leagfadh amach na cumhachtaí atá ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair maidir le talamh a cheannach agus a dhíol.

‘Is ceann de na ceisteanna atá agam ná an bhféadfaidh an tÚdarás AHB Gaeltachta a bhunú agus a bheith páirteach ann? Mura mbeidh deis acu a leithéid a dhéanamh, bheadh faitíos orm faoin toradh a bheadh air seo… Is dóigh liom gurb é an rud atáimid ag iarraidh a bhaint amach ná go mbeidh tithe sóisialta, tithe inacmhainne agus tithe eile ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht, go mórmhór sna Gaeltachtaí sin ina bhfuil sé deacair cead pleanála a fháil i láthair na huaire.’

Ní hí ceist na tithíochta an t-aon cheist a ardaíodh le linn na díospóireachta. Bhí Aengus Ó Snodaigh (SF) ag súil go bhféadfadh na toghcháin don Údarás a bheith ann an lá céanna le toghcháin eile ach bhí dearcadh difriúil ag Éamon Ó Cuív (FF) a dúirt go gcreideann sé go láidir gur cheart ‘go mbeadh toghchán an Údaráis ar lá faoi leith mar chinnteodh sé sin go mbeadh spéis ag na daoine a thiocfadh ag vótáil san Údarás’.

Ceist eile a d’ardaigh Éamon Ó Cuív (FF) ná aitheantas do na bailte seirbhíse Gaeltachta. Faoin reachtaíocht mar atá ní féidir aitheantas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a bhronnadh ar bhaile mura bhfuil daonra 1,000 duine ann. Tá aitheantas ag An Clochán i gConamara ach níl ag An Cheathrú Rua. Tá aitheantas ag An Clochán Liath in Iarthuaisceart Dhún na nGall ach níl ag Gaoth Dobhair. Tá Éamon Ó Cuív ag moladh go ndéanfaí leasú ar an mBille le go bhféadfaí leithéidí na Ceathrún Rua agus Ghaoth Dobhair a ainmniú mar bhailte seirbhíse Gaeltachta. ‘Cén fáth nach láidríonn muid iad sin seachas a bheith ag ligean orainn féin go bhfuilimid chun baile Gaelach a dhéanamh mar shampla den Chlochán?’

Lár na míosa seo, 18 Meán Fómhair, beidh Dáil Éireann ar ais i mbun oibre – an seisiún deireanach roimh olltoghchán, de réir cosúlachta. Ar an 1 Deireadh Fómhair beidh an Buiséad á fhógairt sa Dáil ag an Aire nua Airgeadais, Jack Chambers. Ina dhiaidh sin beidh brú ama sa Dáil agus sa Seanad mar go gcaithfear tús áite a thabhairt don Bhille Airgeadais agus reachtaíocht eile a chaithfear a chur tríd an dá theach den Oireachtas roimh olltoghchán. An mbeidh dóthain ama sa Dáil le Bille an Údaráis a chur trí Chéim an Choiste agus Céim na Tuairisce? Mura mbeidh tá baol ann nach mbeidh Bille an Údaráis ina Acht faoin am a scorfar an Dáil. Ach is cinnte go mbeidh an tAire Stáit Thomas Byrne, ag iarraidh a rá sa bhfeachtas olltoghchánaíochta gur éirigh leis agus lena pháirtí ‘an daonlathas a chur ar ais sa bpróiseas’ le Bord an Údaráis a roghnú, daonlathas a chuir Dinny McGinley agus Fine Gael ar ceal, 12 bhliain ó shin.

Is tráchtaire agus gníomhaí teanga é Donncha Ó hÉallaithe