15. Cnámh

15. Cnámh

Eoghan Mac Giolla Bhríde

Éabhlóid 2020

Pól Ó Muirí 

Ceardaí oilte an scríbhneoir a thuigeann conas scéal a nochtadh. Comhlíonann an cnuasach seo aidhm na litríochta, cuireann sé breis lenár léamh ar an domhan timpeall orainn agus cuireann sé lenár dtuiscint ar ár gcomhdhaoine. Tá scríbhneoir cruthanta anseo, duine nach mór dó scríobh agus nach mór dúinne léitheoirí a shaothar a léamh. Ghealaigh an saothar mo chroí. Mairimid beo. – Moltóir Oireachtais, 2018

Maith dom é as tús a chur leis an alt seo ar Cnámh (Éabhlóid) le hEoghan Mac Giolla Bríde le cúpla líne ag moltóir Oireachtais gan ainm ón bhliain 2018. Ach tugann an moltóir seo cur síos beacht cruinn cumhachtach ar bhuanna sin Mhic Giolla Bhríde mar scríbhneoir dúinn, léitheoirí na Gaeilge. Ní bheidh ar siúl agamsa ach cur leis an chúpla líne sin nó ní fhéadfainn iad a shárú ar a n-éifeacht ealaíonta ná ar a ngaois ghonta agus níl rún agam léirmheas a scríobh ar na scéaltaí ach tuairim a thabhairt ar thábhacht an leabhair féin.

Samhlaigh, mar sin, léitheoirí sin na Gaeilge a léigh saothar Phádraic Uí Chonaire den chéad uair agus a chuid scéaltaí féin á bhfoilsiú diaidh ar ndiaidh breis agus céad bliain ó shin. Ní doiligh an t-iontas sin a shamhlú nó cá bhfuil an léitheoir nach mothaíonn an t-iontas sin go fóill agus iad ag tabhairt faoina shaothar in DeoraíochtAn Chéad ChlochSeacht mBua an Éirí Amach, abair?

Bhuel, seo muid agus scríbhneoir chomh samhlaíoch cumasach le Ó Conaire atá i ndiaidh preab agus splanc a tharraingt as litríocht na Gaeilge, na Gaeltachta agus na hEorpa don ghlúin seo agus do na glúnta atá le teacht. Tá súil agam nach áibhéil agam a rá go bhfuil cnuasach gearrscéaltaí againn atá chomh tábhachtach sin go mbeidh sé ina shlat tomhais ar gach aon uile chnuasach eile gearrscéaltaí a fhoilseofar go ceann tamaill.

Tá an cnuasach seo ina lóchrann ar chumas an scríbhneora féin, ar a chrógacht, ar a dhílseacht

Ní le beaguchtach a chur ar scríbhneoir ar bith a scríobhaim sin. Níor chóir go gcuirfeadh sárshaothar pinn éad ná eagla ar údar ar bith. A mhalairt. Ba chóir go gcuirfeadh a leithéid iontas orthu, go spreagfadh a leithéid grá an scríbhneora, bíodh an scríbhneoir sin ina scríbhneoir mionteanga nó teanga neamhfhorleathan nó seanteanga ársa Eorpach.

Seo! Seo! Seo is féidir leatsa seo a bhaint amach ach a bheith ciúin díograiseach dílis. Seo! Tabhair aire do do mheán. Pill ar na cuibhrinn. Saothraigh an t-iomaire as an úr. Éist le do theanga dhúchais nó an teanga a d’fhoghlaim tú sa tseomra ranga. Amharc thart ar do cheantar dúchais agus éist. Bíodh meas agat ar do bhunadh féin agus ar an stair ghlórmhar ghránna a mhúnlaigh agus a lúb agus a chráigh iad. Éist leis an Spiorad Naomh, leis na Béithe, le Gáia, le cibé cén chuisle spioradálta atá agat agus ná caill do mhisneach. Tuigeadh tú gur scríbhneoir atá ionat, nach bhfuil tusa cloíte go fóill, go n-iompraíonn tú i d’anam istigh síolta sin na samhlaíochta a shíobfadh pláinéad do phinn amach sa chosmas chruthaitheach le go lasfaí Réalta Thuaidh nua a thabharfadh treoir do thaistealaithe san am atá le teacht.

Barraíocht, a deir tú? Ag dul thar fóir? Béal róbhán agus plámás róbhinn?

Ní dóigh liom é. Tá an cnuasach seo ina lóchrann ar chumas an scríbhneora féin, ar a chrógacht, ar a dhílseacht. Níor chloígh an saol mór gránna eisean ná an pobal teanga lena mbaineann sé – agus ní dhéanann an moladh sin beag is fiú de na húdair mhóra eile agus a saothar a bheas ar an eagrán seo. Tá siad uilig ag cur le clú na litríochta i nGaeilge, gan amhras, agus clú na litríochta de gach aon chineál, i ngach aon teanga. Tá an uile dhuine acu ina seasamh san áth.

Agus, nóta beag rómánsúil sa bhreis, samhlaigh na teangacha sin ar fad atá á labhairt ó íochtar na hIodáile go huachtar na hÍsiltíre go himeall na hÉireann agus nach mbíonn faoi thrácht i meáin mhóra an Bhéarla nó na Fraincise nó na Gearmáinise, seo leabhar a scríobh duine de bhunadh ár n-oileáin iargúlta féin atá chomh maith le haon rud atá á scríobh go comhaimseartha – ach is saothar é atá préamhaithe sa tseanteanga Éireannach Eorpach, i dteanga de na teangacha sin atá ceilte ach nach bhfuil caillte ar fad.

Bíodh dóchas agat. Níl cúis ar bith ann nach mbeifeása in ann an rud céanna a dhéanamh. Sea, ní dhéanfaidh mé trácht ar a mbeidh in ann do na seanteangacha amach anseo. Tuigeann muid uilig na dúshláin. Ach, inniu, thug muid ár gceann liteartha linn.

Mairimid beo, mar a dúirt an té a dúirt.