19. An Bhlaosc sa mBois
Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht 2024
Laoighseach Ní Choistealbha
Is scéal thar a bheith daonna é an scéal a insíonn Mícheál Ó Conghaile dúinn san úrscéilín An Bhlaosc sa mBois. Cé go ndírítear ar thragóid pháistí Thuama agus ar iarmhairtí na tragóide sin ar sheanfhear aonair, mothaím go bhfuil uilíochas agus oscailteacht as an ghnáth ag baint leis an saothar seo. Is deacair dom a chreidiúint gur éirigh leis an údar an oiread sin téamaí a phlé in aon úrscéilín amháin: an bás, an creideamh, saol na tuaithe, an tseanaois agus an óige, cultúr na Gaeltachta, bánú na tuaithe, athrú saoil…
Leanaimid an seanfhear thart ar feadh an lae. Siúlann sé thart faoi cheantar i gConamara Theas, agus blaosc a deirfiúirín ar iompar aige. B’fhéidir go bhfuil mearbhall air. Rámhaille. Seachrán. Ach glacaimid a scéal chugainn féin. Cén sprioc atá aige, go baileach? Nílimid cinnte. Siúl timpeall…Ritheann Ulysses linn. Ritheann Hamlet linn. Ritheann Cré na Cille linn. Tá pathos neamhghnách sa scéal seo a chuirtear in iúl go héifeachtach le habairtí gonta agus le siúráil teanga:
Bábóg na Bealtaine, a dúirt sé leis an mblaosc ansin. Mhothaigh sé sruth eile ag dul trína cholainn.
Mo bhábóg. Mo bhábóigín beag féin féin.
Is saothar réalaíoch é seo, go pointe, ach tugann oscailt an scéil – ‘cnag lag faiteach ar an doras’ – le fios go bhfuil gné thábhachtach osnádúrtha sa scéal. Cé gurb é an seanfhear reacaire an scéil, agus go bhfuil an scéal bunaithe go hiomlán ar a shruth smaointeoireachta féin, mothaíonn an léitheoir gurb ionann an bhlaosc agus carachtar gníomhach eile, cé nach ndeir sí focal.
Éiríonn le Ó Conghaile mothúcháin agus teannas an scéil seo a fhorbairt le scil agus le cúram. Ceann de thragóidí móra na tíre é scéal Thuama. Níl deireadh ráite faoi ach an oiread. Éiríonn le Ó Conghaile an tragóid a phlé go healaíonta, gan beag is fiú a dhéanamh den fhulaingt dhaonna ná teacht i dtír ar an fhulaingt sin ar mhaithe leis an insint.
Tá míle rud eile ar féidir liom a rá faoin úrscéilín seo ach is fearr daoibh imeacht agus é a léamh… mura bhfuil sé léite agaibh cheana féin!