22. An Bhean Feasa 

22. An Bhean Feasa 

Alan Titley

Cló Iar-Chonnacht 2014

Jackie Mac Donncha

Thug mé suntas d’fhilíocht Ailbhe Ní Ghearbhuigh nuair a tháinig a céad chnuasach Péacadh amach in 2008 agus tá a cuid saothair ag péacadh ó shin. Cnuasach eile Tost agus Allagar in 2016, agus an cnuasach seo Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile in 2022.

Ní bhíonn leabhair Ailbhe i bhfad uaim ariamh. Tá mé in ann lámh a leagan orthu ar an bpointe boise. Is fíorfhile í a bhfuil an-tuiscint aici ar an saol mór agus ar an duine daonna. Tá sí ionraic ina cuid scríbhneoireachta.

Saol máthar agus clainne atá pléite sa gcéad chuid de Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile. San dara cuid tá smaointe agus mothúcháin óna cuid taistil i gcéin.

Tá Ailbhe an-ghrinn. Tuigeann sí go maith an dúshlán a bhaineann le máithreachas: an tnúth, an fhoighid, an neamhchinnteacht. Thuigfeadh máithreacha:

Bean faire anois mé ar stádar síoraí

Ó mhaidin go hoíche is an oíche gan chríoch

Feictear dom go dtagann tréithe go leor amach ina cuid dánta. Chomh maith le grá agus láidreacht, braithim cineáltas, rud atá an-luachmhar. Is dúshlán a bheith i do mháthair agus i d’fhile ag an am céanna, ach ní haon stró di an dá thrá a fhreastal.

Osclaíonn sí a croí sna dánta Rannta do Léan agus an chéad phéire bróg do Éabha. Tá sí ag baint sult as a bheith ina máthair. Agus amach anseo feicim na leanaí ag tochailt i ngach leabhar lena máthair. Seo píosa as an dán Grian na Maidine lch.58, agus nach álainn é:

Tiocfad isteach

ar ghramadach na cruithneachtan

a ghluaiseann mar thonn órga

nuair a shéideann gaoth cháite

Tá teanga na gile go líofa

ag mo leanbán sa bhaile

agus is foighneach an t-oide í.

Tá búda tanaí

ag bun an ghairdín

a mhaitheann dom é

nuair a thitim

in umar an éadóchais.

Ach éiríonn an ghrian arís ar maidin

agus éirímse arís,

ullamh, umhal.

Tá go leor duaiseanna bainte aici le na saothar. Tá go leor le teacht ó pheann Ailbhe fós, agus na buanna aici:

tá sí óg, tá sí muiníneach, agus tá
mé cinnte nach é an cnuasach Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile deireadh
na feide.