7. Bódléar

7. Bódléar

Darach Ó Scolaí

Leabhar Breac 2024

Breandán Ó Cróinín 

Nóibhille álainn dhraíochtúil mheafarach is ea Bódléar atá suite i mbaile beag ficseanúil ar chósta thiar na hÉireann fadó fadó, san ochtú nó sa naoú haois déag b’fhéidir. Úrscéilín stairiúil is ea é seo, más ea, a dheineann dánaíocht ar fhíricí na staire ar shlí amháin agus a thugann ár ndúshlán mar léitheoirí ar mhórán slite eile. Ach nach cuma é sin ar fad nuair ata an saothar chomh mealltach, chomh héadrom, chomh seoigh ó thosach deireadh?

Bódléar draíochtúil ó thaobh na hinsinte is ó thaobh tarraingt agus cur i láthair na gcarachtar ar fad a áitríonn an Baile Beag: fir farraige, fir sléibhe, mná ‘a bhfuil gearradh agus feannadh iontu’, an máistir agus an mháistreás scoile, an tábhairneoir agus an sagart paróiste, agus an dúil atá acu ar fad san amhránaíocht agus sa bhfilíocht. Tá máistríocht neamhchoitianta teangan le fáil anso maidir leis an slí ina gcuirtear na carachtair uile inár láthair trína gcuid cainte agus sa tslí ina ligeann an t-údar dóibh labhairt ar a son féin gan aon chur isteach uaidh féin faoi mar ba dhóigh leat.

Athruithe sa tsaol atá sa treis mar a tharlaíonn, agus go háirithe athruithe i scríobh na filíochta a fhógraíonn an máistir scoile ach a bhfilleann sé ó Chúirt filíochta na Mumhan an bhliain áirithe seo. Is é sin le rá go bhfuil, dar leis, deireadh leis an seanfhilíocht agus go bhfuil sé meáite anois ar fhilíocht nua ‘fhírinneach’ a chumadh, filíocht a bhriseann seanrialacha meadarachtaí na gcúirteanna filíochta agus a thugann dúshlán an tsaoil mar atá ar shlite eile chomh maith.

Is leor é sin chun raic a thógaint gan dabht agus, ní nach iontach, bíonn sé ina bhruíon chaorthainn ar an mBaile Beag ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. Ach cén réiteach atá ar an scéal agus cén tábhacht a bhaineann leis an gcaifitéire sa chúram ar fad? Beidh ort an leabhar a léamh chun é sin a fháil amach.

Ach pé draíocht is fí chliste a bhaineann le Bódléar, gach seans nach é an tuiscint cheanann chéanna a bheidh agat air tar éis duit an scéal a léamh don tarna nó don tríú huair óir is cinnte nach leor aon léamh amháin. Tá sé ráite ag an údar, Darach Ó Scolaí, gur scrígh sé an nóibhille seo mar ómós do Phádraig Ua Maoileoin agus na húrscéalta clasaiceacha a scrígh seisean san aois seo caite.

Is cinnte go smaoineodh an léitheoir ar Bríde Bhán agus ar Fonn a Níos Fiach ar uairibh agus Bódléar á léamh aige/aici ach má dheineann níor mhór a aithint go bhfuil stíl agus fís dá chuid féin ag Ó Scolaí agus éacht dá chuid féin bainte amach aige anso dá réir sin. Mo thuairim ná gurb é Bódléar an saothar is sásúla fós óna pheann. Ní beag san mar a deirtear.