Cara sa chúirt
Táthar ag súil go dtabharfaidh ceapachán Phàdraig MhicAoidh ina fhile náisiúnta spreagadh do litríocht na Gaeilge in Albain, a deir Niall O’Gallagher
Lá amháin, uair éigin thart ar an bhliain 1500, bhí troid idir bheirt fhilí Albanacha. Ní le doirne a bhí siad ag troid, ach le focail. Ba iad na filí William Dunbar agus Walter Kennedy a bhí i gceist, makaris i gcúirt an Rí Seumus IV, áit a rinne siad Flyting ar son fhábhar an Rí, ag cumadh rannta sa teanga a nglaotar an Mheán-Albainis uirthi anois. Rinne an Dunbarach agus an Cinnéideach magadh gan trocaire ar a chéile i gcaint a chuirfeadh náire ar roinnt daoine inniu ach a bhí, i gcúirt Sheamuis, mar chuid dosheachanta den tseánra. Chuir an fhíric shimplí seo faobhar leis an argóint: ba Ghael é an Cinnéideach, ba Ghall é Dunbar. Ersche brybour baird, adeir Dunbar, I tak on me ane pair of Lowthiane hippis / Sall fairar Inglis mak, and mair parfyte, / Than thow can blabbar with thy Carrik lippis.
Bhí an Cinnéideach dian ar an Ghaeilge, ag rá it sowld be all trew Scottis mennis leid / It wes the gud langage of this land, / And Scota it causit to multiply and spreid. Ach, má chum an Cinnéideach filíocht i nGaeilge, níor chosuil gur mhair sí.
An file Gaeilge Albanach Pàdraig MacAoidh atá anois ina Makar, nó file naisiúnta na tíre. As Oileán Leodhais é Pàdraig, atá ina chónaí i nDún Éideann le blianta fada anuas. Is é an cúigiú duine a ceapadh sa ról ó ainmíodh Edwin Morgan mar chéad nua-Makar i 2004 agus an chéad file a chumann a chuid filíochta i nGaeilge na Alban. Ag aois 45, tá sé fós measartha óg. Dhearbh an dá chnuasach aige, Gu Leòr (2015) agus Nàdur De (2020) teacht glúine úire i bhfilíochta na Gaeilge in Albain. Ceisteach agus caolchúiseach, smaointeach agus aoireach, fuair an obair s’aige an dá chuid moladh agus mí-mholadh. Dúirt an file Áth Cliathach / Sgiathanach Rody Gorman gurb é Pàdraig ‘oighre Iain Mhic a’ Ghobhainn’, ach mhaígh léirmheastóir amháin eile nach raibh a chuid filíochta ‘Gaelach’ go leor ar chor ar bith.
Is cosúil gurb iad na tréithe céanna is cúis leis an mholadh agus an cáineadh. Mhol an file Éireannach (agus aistritheoir na filíochta ag Aifric Mac Aodh) David Wheatley a shaothar san Times Literary Supplement, ag rá, ‘Mackay joins a long list of Gaelic satirists who have poked fun at the exoticization of far-flung islands...Island life for Mackay is a dialectic of intimacy and ferocity, resilience and trauma’. Tá an spraíúlacht sin, agus an diúltú glacadh le híomhanna neafaiseacha den dúchas nó den traidisiún, le feiceáil san dán, ‘An Tobar’:
Bidh mi a’ tilleadh gach là dhan tobar air oir a’ bhaile.
ach dha-rìribh chan eil e ann –
’s tha agam ri a chruthachadh on phronnas sgoid ’s ghneiss
’s spaidreach chlachan.
Dimàirt cleachdaidh mi masg de Lego agus breugan,
sìlidh ’s corduroy,
Là-eigin eile, stàilinn Toledo, pàintidh, faclan àiteachail,
itealan gearra-bhuill.
Chan e lainnir dealbh-sgàthain a chì mi san fhuaran
ach rasain na mòintich ’s smùr:
sgeulachd toinnte na bhloigh a tha gam innse claon
gach trup a tha mi ga h-aithris.
Mas é seo an tobar céanna a rinne Ruairidh MacThòmais agus Cathal Ó Searcaigh cuairt air, is léir gur tháinig athrú air. Is file Gealach agus Gaeltachta é Pàdraig nach nglacann le baic ar bith ar an mhéid is féidir le file den chineál sin a rá. Anois, ina Makar, tá sé i lár shaol cultúrtha agus liteartha na tíre.
Ag ócáid ag Ollscoil Dhún Éideann lena cheapachán a cheiliúradh, d’inis Pàdraig domh, ‘Is onar agus dleastanas é, ní hamháin a bheith mar an file naisiúnta ach chomh maith mar an chéad Makar a bhfuil Gàidhlig aige’. Ach d’admhaigh sé go bhféadadh cuid a bheith míchompordach leis an cheapachán céanna. ‘Tá sé ina adhbhar imní a bheith inad chainteoir Gàidhlig,’ adeir sé, ‘go hairithithe inad chainteoir dúchais i gcoluadar naisiúntachas na hAlban,’ Ach rinne sé argóint chomh maith go raibh deiseanna ag filí Albanacha i nGaeilge nach raibh ann daofa i mBéarla. ‘I measc na gcineálacha saoirse atá agat mar fhile Gàidhlig tá an tsaoirse ón mhargadh,’ adeir sé. Seachas gearán faoi easpa léitheoirí, cuireann sé dúshlan roimh a chuid chomhfhilí an úsaid is fearr a bhaint as an tsaoirse sin.
Cuireadh fáilte roimh cheapachán Phàdraig ins na meáin Ghaelacha in Albain go háirithe, a thug aitheantas dó mar ócáid stáiriúil. Mairfidh an ceapachán ar feadh trí bliana, go dtí 2027. Do mhuintir na Gaeilge in Albain is ábhar dóchais agus tógáil croí é. Ag an am chéanna, tá dreacrachtaí ann fós a chuireann bac ar leasú na filíochta Gaelaigh in Albain. Ina measc, tá easpa áiteanna inar féidir filíocht a fhoilsiú i nGaeilge na hAlban amháin gan aon aitriúchan Béarla taobh léi. Faoi láthair, ní léir an bhfuil foilsitheoir ann a chuirfeadh cnuasach filíochta amach gan aistriúchán, rud a chuireann bac ar na féidearthachtai atá ag filíocht na Gaeilge in Albain. Tá easpa leabhar le scríobhneoirí óga, mar shampla, a bhfuil na bundánta scríofa acu ach nach bhfuil réidh le Béarla a chur orthu nó nach bhfuil de mhuinín acu aistriúcháin a iarraidh ó fhilí eile, mar a tharlaíonn go minic in Éirinn. Gan fhoilsitheoirí a chuirfidh cnuasach amach gan aistriúcháin Bhéarla, táthar ag iarraidh ar scríbhneoirí óga a bheith ina bhfhilí dátheangacha sula mbeidh oiread is leabhar amháin acu. Fágann seo chomh maith go bhfuil easpa aistriúcháin ó theangacha eile go dtí an Ghaeilge Albanach agus easpa dánta fada – a leithéid An Bhean Feasa le Alan Titley – a líonfadh leabhar leofa féin gan an Béarla ag glacadh seilbh ar achan dara leathanach.
Mar sin féin, tá súil go gcuirfidh ceapachán Phàdraig MhicAoidh le muinín na glúine seo scríbhneoirí, leitheoirí agus foilsitheoirí Gaeilge in Albain a bheith dána go leor lenár litríocht a mhéadú agus oscailt amach, agus go spreagfaidh sé sin eisean – agus Walter Kennedy – leanacht ar aghaidh agus ár n-áit a athshealbhú ag croílár shaol cultúrtha na hAlban mar is cóir.