Manchán Mín
Art HughesDán ómóis le hArt Hughes
dianchrá croí, béim bhróin a bhás;
scab stair ó bhéal le dúil dheonach
súil ghéar eolach ar ar fhás.
Iomad ainm leis lár páirce
pór, luibh, sceach gheal, crann is craobh;
babhla, lámh, plúr, im is arán,
sámh úr linn ár gcarán caomh.
Thit i gcoillidh chnómhar bile,
béim don spiorad, laoch ar lár,
glór ba chuachmhar, crann gan chlaonadh,
luachmhar ann gach craoladh, clár.
Saineolaí suairc, saoi na haoise,
iascach críonna - ba lán lín;
ba tearc le haon ó aois Pharthaláin
raon is gaois cheart Mhancháin mhín.
Art Hughes