Pictiúr

Pictiúr

Gearrscéal le Mícheál Ó Ruairc

Pictiúr a bhí inti. B’shin a dúirt gach éinne.

Chruinníodar ó chian is ó chóngar chun breathnú uirthi an lá ar saolaíodh í. Ní fhacthas riamh leanbh a bhí ní ba ghleoite ná í. Dhein gach éinne, idir óg agus aosta, iontas dá háilleacht. Go háirithe na seanmhná. Bhíodar siúd thar a bheith tógtha léi. Bhíodar faoi gheasa droma draíochta aici.

D’aontaigh gach éinne go mba phictiúr a bhí inti. D’fhéadfaí fráma óraithe a chur timpeall uirthi agus í a chrochadh ar an bhfalla agus an lá ar fad agus cuid mhaith den oíche a chaitheamh ag breathnú uirthi. Bhí sí chomh gleoite sin go raibh sé geall le bheith dodhéanta na súile a bhaint di ar feadh soicind.

Pictiúr!

Agus ar lá a Céad Chomaoinigh mhóidigh gach éinne a leag súil uirthi gurbh í an cailín ba dheise a sheas ag altóir le cuimhne na ndaoine agus í chomh geal le sneachta ina gúna lása fonsa bán. An cailín ba ghleoite dar mhair riamh.

Agus nuair a chuaigh sí faoi lámh an Easpaig, b’é an scéal céanna é. Sheas sí amach ón slua cailíní gealgháireacha cainteacha a bhí ina teannta. Ní fhacthas éinne riamh a bhí ní ba ghalánta na ní ba ghrástúla ná í.

Agus nuair a d’fhág sí an scoil agus d’fhás suas ina cailín óg dóighiúil, chuireadh sí buachaillí na háite faoi gheasa le méid a dathúlachta. Bhídis splanctha ina diaidh, gach uile dhuine acu.

Agus tháinig ógánach caol ard as paróiste eile i bhfad óna ceantar dúchais agus ba dó siúd a thug sí a croí. Buachaill cneasta ab ea é le croí mór maith ach é a bheith ábhairín duairc ann féin uaireanta.

Agus an lá a phósadar dúirt gach éinne nach bhfacadar riamh brídeog a bhí ní ba dheise ná í. Áille na háille. Bhí sí ar nós pictiúir. B’shin a dúradh. ‘Nós pictiúir a chrochfaí ar an bhfalla.’ Pictiúr na háilleachta, na sláinte is na cineáltachta.

Le himeacht ama rugadh mac di féin is dá fear céile. Mac breá dathúil a d’fhás suas ina fhear óg neamhspleách neamhshrianta is a d’fhág croíbhriste ina dhiaidh iad nuair a thóg a sheolta is d’imigh go Londain. Imeacht gan teacht a bhí ann freisin. Dúradh go raibh sé cosúil leo beirt ina dhreach agus ina thréithe. Cosúil lena mháthair chun breathnú air agus cosúil lena athair ina mheon agus ina thréithe.

D’imigh na blianta.

D’éiríodar críonna mar sheanlánúin agus iad fágtha leo féin aige baile.

É mar nós ag an mbean leabhar a léamh nó labhairt lena cairde ar an bhfón nó suí ag an bhfuinneog ag breathnú ar an ngrian ag éirí nó ag dul faoi chun an lá a mheilt nuair a bhí sí léi féin.

É mar nós ag an bhfear dul ag siúl sna cnoic maidneacha san earrach agus tráthnóntaí sa samhradh agus an gadhar dubh ina theannta agus is ar bharr na haille a bhfaighfí é agus é ag breathnú ar na tonnta ag briseadh ar an gcladach thíos faoi dá mbeifeá ag gabháil na slí.

Tháinig lá nár chuaigh sé ní b’fhaide ná binn an tí agus b’annamh go deo a leagfaí súil air sna blianta deireanacha sin dá shaol. Pé ualach a bhí á iompar aige, thug dúlra a logáin iargúlta féin lámh chúnta dó é a iompar feadh na slí.

An oíche a cailleadh é bhí aimsir an scairbhín chomh crua sin gur préachadh uain óga leis an bhfuacht i nGort na hAille, áit a chaitheadh sé uaireanta fada an chloig ag breathnú amach ar an bhfarraige tráth go raibh sé ábalta an tigh a fhágaint.

Ní fada ina dhiaidh a mhair a chéile ionúin. Bhí sí croíbhriste i ndiaidh a grá ghil agus b’fhada léi an lá go bhfeicfeadh sí arís é. Fuair sí bás ina codladh i lár na hoíche i ndúluachair na hathbhliana agus ba í uaill chaointe a gadhair dhílis a thug rabhadh dá comharsa bhéal dorais agus dá dlúthchara, Fionnuala, go raibh pearsa imithe as an saol.

Oíche an tórraimh bhailigh na sluaite isteach sa tigh beag ceanntuí ar imeall an tsráidbhaile bhig. Chuimil bean anseo agus bean ansiúd a súile le ciarsúr. Chaoineadar os íseal í, ag rá arís is arís eile gurbh álainn agus gurbh iontach an bhean a bhí inti. Go raibh sí ar nós pictiúir agus í faoi chlár ansin os a gcomhair amach. ‘Nós pictiúir a chrochfaí ar an bhfalla.’ An corpán ab áille dá bhfaca éinne riamh.

Maidir lena mac ainnis uaigneach dearóil thall i Londain, níor fhill sé don tsochraid.

Ní raibh ar a chumas mar nach raibh costas an bhealaigh aige.

Agus fiú dá mbeadh, bheadh leisce air filleadh ar a fhód dúchais ina aonar d’ócáid bhrónach mar sin.

Nuair a tháinig tuairisc a báis chuige, b’amhlaidh a chlúdaigh sé a aghaidh lena lámha agus í á caoineadh aige go géar goirt sa phicdhorchadas agus é caite ina chnap ar an leaba chnaiste san árasán beag brocach i gceartlár na cathrach móire coimhthíche.

D’fhás deilbh na mná a d’iompair ina broinn é ar feadh trí ráithe agus a thug ar an saol é os a chomhair amach sa dorchadas. Bhí sé in ann í a fheiscint go soiléir ina aigne agus ina shamhlaíocht.

Ar nós pictiúr fráma óraithe a chrochfaí ar an bhfalla is go bhféadfaí an lá ar fad agus cuid mhaith den oíche a chaitheamh ag breathnú uirthi.