Naomh

Naomh

Gearrscéal nua le Colin Ryan

-Caithfimid na boinn a thabhairt as, a dúirt Letifer.

D’ól sé an bolgam deireanach agus chuir an ghloine ar an gcuntar.

Bhí guamóg de chailín ann, ag éisteacht leis.

-Cá bhfuil do mhuintir? a dúirt Letifer.

-Ar seachrán. Nó dulta i gcré.

D’éirigh an ghuamóg ina seasamh agus d’fhéach amach an fhuinneog: crosbhóthar, sliabh, trí ghabhar. Chuaigh sí ar chúl an chuntair agus thóg gloine Letifer.

-Ceann eile?

Thochais Letifer a cheann, a bhí ag éirí giobach; bhí culaith trí phíosa air, éide sheanfhaiseanta a bhain gáire rúnda as an nguamóg. Mála cáipéisí lena ais.

Scrúdaigh sé í, na lámha míne, an aghaidh stuama. Gan a leithéid de shlacht air féin le fada an lá. Dúirt sé:

-An fada thú ag obair anseo?

-Fada go leor. Ach tá an baile seo beagnach bánaithe anois. Saol suaite. An bus féin is annamh a thagann sí an treo. Rachaidh mé in airde uirthi an chéad uair eile a thiocfaidh sí.

Thug sí deoch eile dó: deoch an dorais.

-Cá mhéad? a dúirt sé agus é ag póirseáil ina phóca.

-Ná bac leis. Feicim go bhfuil gluaisteán agat.

Thochais Letifer a cheann arís agus chaith siar fuílleach na dí.

-Seanghliogar, a dúirt sé. Ar éigean atá a leithéidí ann a thuilleadh. Den seansaol mé.

Bhain an ghuamóg taca as an gcuntar, í á ligean féin chun tosaigh beagán, dreach smaointeach uirthi.

-Siúlfaidh mé an domhan nuair is acmhainn dom é, a dúirt sí.

-Tá an domhan go léir trí chéile. Cén t-ainm atá ort?

-Tyria, a dúirt sí.

D’fháisc sé a liopaí le chéile agus blaisín den ól ar a theanga go fóill. Bhí cuil éigin ag teacht ar an lá, cé nach raibh sé ina mheán lae fós; thit solas fuar na gréine ar an tír, ag tuar an gheimhridh. Dhírigh Tyria í féin go grástúil agus thosaigh ag cur caoi ar an seomra.

-Ar mhiste leat mé a thabhairt leat? a dúirt sí. -Is beag bagáiste atá agam.

Mhothaigh sé ina chroí istigh go mbeadh teir ag baint leis sin; bean a bheith ag siúl in éineacht leis.

-Agus cat, a dúirt sí.

Chuardaigh a shúile an seomra ach ní bhfuair sé aon ní a dtabharfá cat air. Cat agus bean le chéile, b’in teir gan amhras. I dtaca le holc, áfach, níor chead dó obadh di. Ná caill do mhisneach, a bhuachaill. Bheifeá beo ag súil le rath. Tháinig sé slán go dtí seo, ar aon nós.

Nuair a dhún Tyria an doras ina ndiaidh, d’fhéach Letifer siar ar an mbóthar a thug anseo é, bóthar folamh; anois bheadh air bealach eile a shocrú.

Thug an ghaoth fuaim éigin aniar léi, glór maol miotallach. Mhoilligh Tyria.

-Céard é sin? a dúirt sí. Rud éigin míshéanmhar. Chuala mé an lá cheana é ach ní fhaca mé dada.

Níor thug Leviter freagra uirthi ach d’oscail doirse an ghluaisteáin. Chuir Tyria a mála isteach ar an suíochán cúil, taobh le cás seanchaite Letifer. Chonaic sé leabhar nótaí agus píosaí páipéir ag gobadh aníos.

-Bím ag breacadh, a dúirt sí.

-Céard?

-Cuntais, tuairimí, sceitseanna, dánta. Ábhar beatha.

Ábhar beatha, muise. Céard ab ábhar dá bheatha féin? É ag iarraidh cor a chur ar an Diabhal agus an Diabhal sna sála aige. Thug sé cúpla iarracht ar an inneall a mhúscailt agus níor chuala ach casacht. Seanghliogar.

-Sea anois, a dúirt sé, ag oscailt an bhoinéid agus ag féachaint ar an adhaint. Sreanga scaoilte, a dúirt sé agus é istigh arís. Tháinig beocht thobann san inneall agus léim an Diabhal anuas ar a ghualainn. Tháinig racht gáire ar an nguamóg.

-Céard é seo? a dúirt Letifer agus é ag teacht chuige féin.

-An cat. Cat mara. Tugaim Olcas uirthi.

-Th’anam ‘on diabhal, a dúirt Letifer, cé nár léir an le Tyria nó le hOlcas a bhí sé ag caint. Iad ag gluaiseacht, nó gur stad siad ag an gcrosbhóthar.

-Is cuma má ghabhaimid an cóngar nó an timpeall, tiocfaimid ar fhód na ciotrainne, a dúirt Letifer go gruama.

D’fhéach Tyria air agus aoibh an gháire ar a béal.

-Saoi thú, a dúirt sí.

-Saoithín, a dúirt sé, ag iompú ar dheis.

D’éirigh an bóthar, chuaigh le fána agus d’éirigh arís, agus bhí an machaire rompu.

-Cá bhfuil do thriall? a dúirt Tyria.

-An áit is sábháilte.

-Cén áit í sin?

-Feicfidh tú í. Tá rud le seachadadh agam do lucht na háite sin.

Ar aghaidh leo mar sin, faoi sholas oighreata na gréine. Ba mhaith le Letifer a bheith ag tiomáint; bhí saoirse éigin ag baint leis, rud a d’fhuascail ó sheomraí suaracha é agus ó chruachás ar bith; ba mhór an trua nach raibh gluaisteán níos fearr aige, ach caithfidh tú imirt leis na cártaí atá amuigh agat. Ach ba chuma eile a bhí ar an scéal seo agus an bheirt theiriúil úd ann, bean agus cat.

-Cá bhfuil an tOlcas úd? a dúirt sé.

-Áit éigin ar do chúl, a dúirt Tyria agus an gáire le mothú ina guth.

Thug sé amharc i ndiaidh a leicinn uirthi. Cailín comair. Í gan ghustal, ach seiftiúil. Conas a tharla anseo í? Ba thaistealaí eisean, turas le déanamh aige, cuspóir le baint amach. Féach an bóthar seo, bóthar fada.

Bhí cabhlacha briste cruach le feiceáil anseo is anseo, tancanna, carranna armúrtha, meirg orthu agus na toir ag fás tríothu. Bheadh cnámha ann freisin agus iad ceilte ag an bhféar. Seanchathanna. Síocháin ann anois, síocháin an tsolais agus na gaoithe, an féar ag bogadh go mín.

Stad sé agus tháinig amach as an ngluaisteán, ag baint searradh as a ghéaga.

-Sos beag, a dúirt sé, agus chuaigh ar chúl toir chun mún a dhéanamh. Ag filleadh dó bhí sé ag féachaint suas, ag scrúdú an aeir.

-An bhfeiceann tú an seabhac? a dúirt Tyria.

-Pé ní é, ní seabhac é.

An rud úd ag guairdeall in airde, ag scrúdú an domhain. De thimpiste a bhí sé ann, a shíl Letifer; ní bheadh aird ar leith ag an éan bréige úd air féin. Seanghliogar ar bhóthar uaigneach, ní thógfá ceann dá leithéid. Ba mhithid dóibh dul i gceann siúil. Gan moill a dhéanamh.

-Céard atá agat le seachadadh? a dúirt Tyria ar ball.

-Bronntanas.

-Do bhronntanas féin?

-Níl ionam ach teachtaire.

Sa scáthán chonaic sé gluaisteán eile ar a chúl, i bhfad siar; ciaróg dhubh ar réimse caol an bhóthair. Í ag méadú de réir a chéile. Lig Tyria í féin i leataobh agus chonaic an rud céanna, ach ní dúirt sí tada. Thosaigh Letifer ag géarú luais, rud nárbh fhurasta a dhéanamh, an gluaisteán ag gliogarnach, ag clamhsán.

Bhí cor sa bhóthar, ach chas Letifer ar chlé, síos bóithrín míchothrom ar dheacair a bhéal a fheiceáil agus a chuaigh le fána idir bhruacha agus scrobarnach. An gluaisteán ag liongáil. Bhí crainn ísle anseo agus iad crom ar an mbealach.

-An é seo an bealach ceart? a dúirt Tyria.

-Is iomaí bealach ceart ann, agus déanfaidh seo cúis.

-Bhí tú anseo cheana, mar sin.

-Uaireanta.

É ag féachaint sa scáthán. Dada. Thochais sé a smig agus lig osna. Bean agus cat. Cat agus bean. Ach bhí sé san fhaopach cheana agus tháinig as.

-Céard atá romhainn? a dúirt Tyria.

Rinne sé machnamh. Sráidbhaile. É bánaithe anois, b’fhéidir. Ar aghaidh.

Bhí an sráidbhaile ann, nó cuid de. Seantithe, claíocha coscartha. Madraí ar fán. Dhruid Letifer i leataobh síos lána, áit ar dheacair spléachadh a fháil ar an ngluaisteán, agus tháinig amach.

-Téana ort, a dúirt sé. Tá caifé thall.

Scrúdaigh Tyria an caifé go hamhrasach: bathlach tí amhail na tithe eile, cúpla binse amuigh, fógraí ar na fuinneoga. Ach bhí aithne ar Letifer istigh. Dúirt an tseanbhean a bhí ag an gcuntar gurbh fhada nach bhfacthas ann é agus go raibh an saol dulta i ndonas ó shin. Dúirt Letifer nár stad an saol riamh de dhul i ndonas agus nach raibh feabhas i ndán do dhuine ar bith. Rinne an tseanbhean gáire agus chuir dhá chupán ar an mbord.

-An fada an turas atá romhainn? a dúirt Tyria, ag baint súimín cáiréiseach as an tae.

D’fhéach Letifer amach thar na cuirtíní salacha lása. An lá ag téaltú air.

-Fada go leor, a dúirt sé agus rinne comhartha leis an tseanbhean. -Ceapairí!

-Tá siad ag teacht sa tóir ort, a dúirt Tyria. -Ar mhiste leat a rá liom cén fáth?

-Ní áirithe atá i gceist, ní a tugadh dom chun é a thabhairt liom siar. Taispeántán ón Iarsmalann Náisiúnta. Creachadh an chuid eile.

Creachadh go deimhin. An mbeadh súil agat lena mhalairt agus mearbhall cogaidh ann? Ba chuimhin leis Stiúrthóir na hIarsmalainne a fheiceáil sínte i gcosair chró, bean ard a raibh cuma thnáite uirthi tar éis dua na mblianta a fháil le hiarsmaí a charnadh agus a eagrú laistigh de bhallaí ornáideacha. Pléasca le cloisteáil ansiúd is anseo. Bean eile ag druidim aníos leis, í scanraithe, íocón aici agus é á shíneadh isteach ar a lámh chuige.

-Croí an náisiúin, a dúirt sí de chogar. -Tabhair leat siar chun na hArdeaglaise é. Beidh an pobal buíoch díot.

Ní mór an tsuim a bhí ag Letifer i gcúrsaí creidimh, agus bhí amhras air faoi theoiricí iomadúla an náisiúnachais. Ach ba bheag teachtaireacht nach nglacfadh sé leis ach an t-airgead ceart a fháil. Ní raibh airgead le fáil sa chás seo: ní raibh a fhios cén fáth ar thoiligh sé an taisce naofa seo a chrochadh leis. Ceist í a d’fhuasclódh sé amach anseo.

Chuala Tyria trácht ar an íocón ach níorbh é sin a bhí ag dó na geirbe aici. Bhí baint aici le daoine ba bhaol don stát – an seanstát nó pé stát nua a thiocfadh ina áit. B’fhearr léi faoi láthair gan aird a tharraingt uirthi féin.

Chuaigh gluaisteán síos an tsráid, ag imeacht gan deifir, beirt fhear istigh inti, ag faire. Síos an tsráid, suas an tsráid, go mall, réidh.

-Cairde nach cairde iad, a dúirt Letifer, ag íoc as a gcuid.

Amach an doras cúil leo nó gur shroich siad an lána. Dhiúltaigh an seanghliogar dúiseacht agus chroch Letifer an boinéad arís, ag spalpadh mionnaí móra faoina anáil.

-Anois, a chailleach, a dúirt sé agus é istigh arís. Rinne an gluaisteán casacht agus ghluais, síos lána agus síos lána eile nó go raibh bóithrín rompu a thug siar go dtí an bóthar mór iad.

-An fada uainn an ceann scríbe? a dúirt Tyria.

-Uair an chloig, a dúirt Letifer.

Bhí an lá ag giorrú, scáthanna na dtor ag síneadh aniar trasna an bhóthair. Scamaill thanaí le feiceáil thuas, ag fanacht le dathanna deireanacha na gréine.

-Níor thugamar cor dóibh fós, a dúirt Tyria.

An gluaisteán eile sa scáthán arís agus í ag teacht suas leo de réir a chéile.

-Tá na diabhail dígeanta, a dúirt Letifer. -Is deacair éalú uathu anseo.

-Céard a dhéanfaimid?

-Tá pacáiste agam ar do chúl. Oscail é.

Bhí an t-íocón ann, agus scrúdaigh sí é.

-An é an naomh seo a thabharfaidh slán sinn? a dúirt sí.

-A mhalairt ar fad. Is é an naomh seo a d’fhág san fhaopach sinn.

-Caith uait é, mar sin. Fág acu i lár an bhóthair é. Bíodh sé acu. Más é sin atá uathu.

Ach ní raibh Letifer cinnte de gurbh é sin amháin a bhí uathu. Ní raibh sé gan naimhde; rinne sé jabanna do dhaoine a raibh gráin ag daoine eile orthu; más fuath leat an máistir is fuath leat an giolla.

Shín Tyria siar agus rug ar a mála, ag déanamh póirseáil ann. D’iompaigh sí ar ais agus gunna ina glac aici, seanphiostal Rúiseach.

-Th’anam ‘on diabhal, a chailín, a dúirt Letifer. -An bhfuil a fhios agat conas an rud sin a úsáid?

-Déanadh gach duine a chleas féin, a dúirt sí, ag tabhairt súil ar an scáthán taoibh.

An gluaisteán eile i ngar dóibh anois, í ag teacht aniar de luas lasrach, ag druidim taobh leo, ag iarraidh iad a bhrú den bhóthar. Stop Letifer go tobann, ag ligean don ghluaiseacht eile dul ar aghaidh, agus é ag eascainí. Luigh Tyria amach thar an bhfuinneog agus scaoil. Thug Letifer súil i leataobh ar chiumhais an bhóthair, ar thortóga agus ar thoir, agus chas an gluaisteán go tréan, í ag tuairteáil roimpi síos nó gur chlis sí.

-Caithfimid na boinn a thabhairt as, a dúirt Letifer. Tusa an duine is aclaí againn. Tabhair an naomh leat.

Tháinig sé amach, a lámh ar lorg rud éigin ina ucht. Piostal beag ba ea é a mharódh duine i seomra ach ar bheag an tairbhe é amuigh faoin aer. Scaoil sé dhá urchar reatha mar sin féin, agus chonaic Tyria na cosa ag imeacht uaidh. Amach léi.

Bhí beirt fhear tar éis teacht amach as an ngluaisteán eile agus iad ag druidim anuas. An t-íocón mar sciath ar ucht Tyria nó gur bhuail piléar é, buille a leag ar shlat a droma í agus greim aici fós ar an naomh. Í fágtha gan anáil ar feadh nóiméid.

-Mo léan, mo léan, a dúirt sí, ach táim beo, táim beo.

Rinne sí méarnáil ar thóir an Makarov, d’ardaigh é agus scaoil arís. Shuigh duine den bheirt síos go mall, mar a dhéanfá agus fonn ort sult suaimhneach a bhaint as dreach na tuaithe. Tháinig a chara anuas de rúid thar ghluaisteán Letifer, rud a lig don chat léim amach thar an bhfuinneog agus aghaidh an fhir a chrúbáil. Thapaigh Tyria an deis, agus thit an fear go hamscaí.

Níor mhian le Tyria éirí: í sínte ann agus a haghaidh ar spéir an tráthnóna, pian ina hucht, éin de chuid an mhachaire ag labhairt ansiúd is anseo. Chuir sí a cosa fúithi de réir a chéile agus scrúdaigh an t-íocón, é dingthe go maith ach gnúis mharánta an naoimh gan dochar i gcónaí.

Chuir Tyria strainc uirthi féin.

-Nach mé atá beannaithe, a dúirt sí. -Agus féach an turas atá romham anois.

Bhí an chéad fhear beo fós, é ag ligean cnead as, agus mharaigh sí é le piléar san éadan. Bhí Letifer féin chomh marbh le cloch, agus chuaigh sé rite léi é a streachailt léi isteach i ngluaisteán na beirte úd, áit ar shuigh sé ina phleist agus a cheann tite ar leataobh, na súile dúnta, an béal ar oscailt. Ní raibh ach urchar amháin fágtha aici.

-Ó thug tú síob domsa, a dúirt sí, tabharfaidh mé síob duitse.

Mhúscail an t-inneall gan dua; chuaigh siad chun bóthair agus meangadh diamhair ar an naomh.