An grá agus an ghruaim

Dairena Ní Chinnéide
An grá agus an ghruaim

Tá an grá go tiubh i Rince Aeir, cnuasach nua Chaitríona Ní Chléirchín, a deir Dairena Ní Chinnéide

Ar nós cnagadh an chroí, síneann formhór na ndánta tosaigh sa chnuasach nua seo go drámatúil liriciúil isteach i bhfearann na mban i leith an choirp is an chaidrimh. Na focail is an siombalachas ag cnagadh an léitheoir le fís fhileata, fhadradharcach, ag éirí ós na leathanaigh. Tá macallaí de theoiricí an fhealsúnaí agus an staraí as an bhFrainc – Michel Foucault is Roland Barthes - le brath i bhfocail agus i bhfriotal aoibhinn láidir na ndánta seo. Is é sin gur féidir an corp a thuiscint mar dhromchla atá greanta ar chórais reatha agus stairiúla na cumhachta. Tá drámatúlacht ag baint leis an leabhar an neomat a bheireann tú greim air id’ ghlaic – íomhá de rince draíochtúil, leochaileach, drámatúil ó Chromáin na gCearc ag séirse san aer, deartha ag Sheelyn Browne. Ráiteas atá sa teideal ón gcéad fhéachaint. An t-éan fireann ag taibhsiú na néalta sa spéir d’fhonn an t-éan baineann a mhealladh. I bhfearann na teoirice coirp i bhfealsúnacht feimineach, tá an taipéis níos ilghnéithí agus cuimsíonn sé traidisiúin agus sruthanna ildánacha eispéireas na mban. Tá staidéar déanta ag Caitríona Ní Chléirchín ar na teoiricí seo le leithéidí Julia Kristeva agus Adrienne Rich agus lorg na teoirice fite fuaite le taithí saoil agus samhlaíocht a chumann aoibhneas damanta an ghrá atá fé sholas sna dánta i dtosach an leabhair.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Dairena Ní Chinnéide

Is file í Dairena Ní Chinnéide.