Rí na réabhlóide
Gearóid Uí Chairealláin
Bhí Gearóid Ó Cairealláin misniúil mar ghníomhaí, scríbhneoir agus físeach agus ceannaire pobail gan sárú a bhí ann, a deir Máirtín Ó Muilleoir
A bhuí le céile Ghearóid Uí Chairealláin, Bríd Ó Gallchóir, bhí deis agam cuairt a thabhairt air san ospidéal go gairid sular bhásaigh sé.
É sínte ina leaba státúil ar an seachtú hurlár san Ospidéal Ríoga; radharc aige ar an chathair a ghráigh sé agus ‘audience aonair’ aige leis an Rí a raibh a hits domhanda á gcasadh sa chúlra ó chlár seachtainiúil Ghearóid ar Raidió Fáilte in ómós d’Elvis.
Ag druidim leis an taobh eile, ní mórán cainte a bhí ó fhear a bhí tráth ina urlabhraí deisbhéalach, diongbháilte ag pobal na Gaeilge ó Thuaidh. Ach bhí na liobraí ag bogadh le foclaí iomráiteacha an amhráin, ‘Caught in a trap, I can’t walk out, because I love you too much baby.’
Bhí Gearóid goitse i ngaiste na Gaeilge a chuir faoi gheasa é ó bhí sé ina dhéagóir ceannairceach, fuinniúil ag Ollscoil na Ríona sna lár-seachtóidí. Ba san institiúid ársa sin a chuir sé snas den chéad uair ar cheird na hiriseoireachta – sular crasháil sé amach.
B’in an chéad dream a rinne iarracht in aisce ceangal na gcúig gcaol a chur ar ógánach a bhí mar cheannasaí ar an chéad ghlúin de náisiúntóirí a tháinig i méadaíocht mar chomharba ar Eamonn McCann agus Bernadette McAliskey.
Ní raibh cúrsaí Gaeilge chun tosaigh i laetha órga ghluaiseacht na gceart sibhialta sna seascaidí ach bhí sa dara leagan seo a thionscain an Caireallánach – ba é ar dtús a bhogfadh giolla na Gaeilge ar bhord fichille pholaitíocht Thuaisceart Éireann. Leoga, chaith sé an bord fichille bunoscionn lena chur chuige ceanndána. An t-am sin bhí an dearcadh céanna aige ar mhaorlathas na bunaíochta thuaidh agus theas is a bhí ag a réabhlóidí comhaimseartha Johnny Rotten ar shaoistí EMI.
(Idir sin is tráthas nuair a rinneadh Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge de sna nóchaidí, dhéantaí iarracht arís é a shrianadh le miontuairiscí is rúin ach cé gurbh é an tUachtarán ba mheasa ariamh ag an Chonradh é maidir le cúrsaí riaracháin, ba é an tUachtarán ab fhearr é maidir le cúrsaí réabhlóide.
Bhí Gearóid misniúil mar ghníomhaí, scríbhneoir agus físeach agus ceannaire pobail gan sárú a bhí ann. Cuireadh go príosún é nuair a thosaigh sé feachtas aonfhir ar son Gaeilge sna cúirteanna ó Thuaidh, ag diúltú fíneáil tiomána a íoc mura dtabharfaí éisteacht dó i nGaeilge.
Spreag sé daoine eile agus thabhaigh sé cairdeas agus dílseacht a gcomrádaithe – cé gur gnách linn a rá gurb é féin a bhí taobh thiar den dhul chun cinn i saol na Gaeilge lena linn, is fíre a rá gur captaen foirne a bhí ann. Poblachtóir neamhspleách, a shiúil ar son cearta náisiúntóirí, a thug cuairt ar chimí na Ceise Fada, a labhair ar ár son nuair a bhí Alt 31 mar ghobán orainn. Colúnaí spreagúil agus eagarthóir táblóideach den scoth a bhí ann – féach an teideal pléascach ar an phríomhscéal ar an chéad eagrán sin den Lá laethúil i Lúnasa1984, a foilsíodh an lá i ndiaidh gur chaith an RUC léirsitheoir le piléar plaisteach in iarthar Bhéal Feirste: ‘BÁS’.
Oibrí crua ach fear spraoi is siamsa leis. Caidé mar a d’fhéadfadh a mhalairt a bheith fíor ag fear a raibh dúil mhór aige i gcuideachta chroíúil, i Live from Las Vegas, i bhfíonta maithe,
i mbéilte blasta, i mná – sa saol seo againne! Ar deireadh, bhí fear daonna againn ar thoiseacht an tslóigh i gcúrsaí Gaeilge, seachas creidmheach cráifeach eile.
Agus bhí a chuid hits aige féin, gan amhras. An Nuachtán Laethúil Gaeilge Lá - an chéad nuachtán Gaeilge ariamh i stair na tíre - a bunaíodh i 1984. (I bhfad roimhe sin, thug sé an nuachtán Preas an Phobail ar an saol.)
- Raidió Fáilte a bhfuil ceannáras breá anois aige ag bun na bhFál. Thaistil sé go Baile Átha Cliath a thógáil raidió bradach a bhí ag bailiú dusta leis an tseirbhís a thionscnamh i mBéal Feirste cois cuain. Ar feadh na mblianta bhíodh clár Elvis aige ar an stáisiún céanna.
- Coláiste Feirste - an Gaelcholáiste is mó in Éirinn a bhfuil anois 1,200 dalta ann.
- Aisling Ghéar - an chéad chompántas amharclainne proifisiúnta Gaeilge sa Tuaisceart. Chomh maith le saothair na ndrámadóirí móra — Beckett, Fo, Pinter — a aistriú go Gaeilge, ghlac sé páirt san iomad dráma agus stiúraigh sé neart acu. Tá mé i measc na muintire sin ó Thuaidh nach bhfaca aon cheann de na drámaí móra sin ach i nGaeilge – kudos, a Ghearóid.
- Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, an lárionad Gaeilge i gcroílár iarthar Bhéal Feirste a ghin aisling na Ceathrún Gaeltachta.
I mí Iúil 2006 bhuail stróc é a d’fhág é gan lúth na gcos. Ag an am shíl na dochtúirí go raibh a phort seinnte agus bhí geansaí Aontroma ceannaithe lena fheistiú ina chónair ach, bhí encore le bheith aige. Léirigh sé crógacht thar na bearta agus é ag teacht chuige féin thar thréimhse fhada san ospidéal ina dhiaidh sin ach d’fhoghlaim sé an bealach le mairstin faoi na dálaí nua seo.
Agus níor ísligh an casadh seo ina shaol a spiorad - gan mórán moille bhí sé ag cur na Wheelchair Monologues ar an stáitse. Scéal scigiúil (leagan Gaeilge agus leagan Béarla) ar a shaol mar úsáideoir cathaoir rothaí – nó Micheal Collins mar a bhaist sé uirthi: thug an gléas an tsaoirse dó saoirse a bhaint amach.
Ní cuimhin liom é ariamh ag casaoid fán chor mífhortúnach seo ar chúrsaí. Seans gur thuig sé gur míorúilt a bhí ann nár sciob an stróc sin uainn é. Phós sé den dara huair bliain is an lá a bhuail an stróc sin é – agus ba í Bríd chóir a bhí lena thaobh as sin amach san 18 bliain eile a fuair sé.
Buille mór do phobal na Gaeilge a imeacht ach mhair sé fada go leor leis an athbheochan teanga, ar chuir sé tús úrnua léi, a fheiceáil ina suí in airde go haerach. Cibé faoin Tine Bheo, níorbh fhéidir an Burning Love a mhúchadh.