UACHTARÁN ÚR

Máirín Ní Ghadhra 
UACHTARÁN ÚR

Ba dheas leanacht leis an bhforbairt ar ról an uachtaráin atá feicthe le fada, a deir Máirín Ní Ghadhra

Ó tharla anois iad a bheith réidh leis an olltoghchán agus go bhfuil muid ag druidim i dtreo bunú rialtais is gearr go mbeidh na páirtithe ag díriú ar an bhfeachtas le h-uachtarán nua a thoghadh sa bhfómhar seo chugainn. Ina theachtaireacht deiridh Nollag, le clabhsúr a chur ar a thréimhse féin in Áras an Uachtaráin, mheabhraigh Micheál D Ó hUigínn cuid de na suáilcí is mó a bhain lena thréimhse féin dúinn. Uachtarán é a chuir suim ar leith i gcearta an duine agus nach raibh faitíos air riamh labhairt amach.

Tá tuairim i measc go leor polaiteoirí gur róchabach a bhí Michael D. le ceithre bliana déag anuas. Ba nós riamh le h-uachtaráin na hÉireann a bheith ina dtost agus an sainmhíniú is cúinge gurbh fhéidir a thabhairt ar ról an Uachtaráin. Bhí seo amhlaidh fiú nuair a thosaigh an ról ag athrú tar éis an toghcháin i 1990 nuair a toghadh Mary Robinson. Roimhe sin b’áras do pholaiteoirí ar scor a bhíodh i bPáirc an Fhionnuisce agus seachas Cearbhall Ó Dálaigh a labhair amach faoi dhíspeagadh a deineadh ar an ról, dar leis, ba bheag ról poiblí seachas ról i searmanais stáit a bhíodh ag an uachtarán.

Bhí léamh eile ag Micheál D Ó hUigínn ar ról agus cumhachtaí an Uachtaráin. Níor chaith sé na ceithre bliana déag seo caite ina thost, rud nach gcuireann iontas ar aon duine a raibh eolas acu air le linn a chuid blianta sa bpolaitíocht agus sa saol acadúil. Is fear é a bhfuil tuairimí láidre aige agus is smaointeoir é agus thuig sé go rímhaith na laincisí a bhí air mar uachtarán. Thuig sé freisin go raibh deis aige in amanna – ainneoin bunaíocht na polaitíochta a bheith oibrithe faoi – tráchtaireacht a dhéanamh ar cheisteanna ar leith agus tuairimí a léiriú ar dúradh fúthu go minic go raibh siad thar fóir.

Cháin sé cur chuige eacnamaíochta na hEorpa tar éis na géarchéime a scrios an tír, cháin sé an rialtas faoin bpolasaí tithíochta, labhair sé ar riachtanais na ndaoine atá bocht agus gan seirbhísí ón Stát go minic. Cé go raibh go leor dlíodóirí den tuairim go raibh sé ag sárú Airteagal 13 ba léir gur chreid seisean gur theastaigh na rudaí seo a rá agus mar uachtarán ar phobal na tíre go raibh dualgas air iad a rá ar son na ndaoine. Aontaigh leis nó ná haontaigh, ba dhíol bróid uachtarán léannta a bheith againn a labhair ár dteanga aon deis a fuair sé agus a chuir íomhá shainiúil de mhuintir na hÉireann os comhair an domhain idirnáisiúnta.

An mbeidh mo léamh ar bhuaiceanna an uachtaráin le ceithre bliana déag in intinn na bpáirtithe polaitiúla agus iad ag roghnú iarrthóirí do thoghchán an fhómhair seo chugainn? Nó an bhfillfear ar an tsean-nósmhaireacht pholaitiúil? Ba le Fianna Fáil an tÁras ó thaobh na polaitíochta ó bunaíodh an stát agus is dóigh go mba léargas ar an athrú i saol na tíre de bharr na géarchéime polaitíochta agus eacnamaíochta i dtús an chéid seo nach raibh iarrthóir ar bith ag an bpáirtí sa toghchán inar toghadh Higgins agus gur thacaigh siad leis don dara téarma in 2017, in éineacht le Fine Gael. Ba léir don dá dhream ag an tráth sin go raibh tacaíocht an phobail ag Michael D. agus gur ag cothú mioscaise a bheidís dá rachaidís ina aghaidh.

Bhí réimse leathan iarrthóirí sa dá thoghchán uachtaránachta seo caite agus léargas ina measc ar na fadhbanna a bhí ag cur as don tír. An bhfeicfidh muid an rud céanna sa bhfómhar seo chugainn? Iarrthóirí neamhspleácha a bheidh ag bunú a bhfeachtas ar cheisteanna aonair go minic agus sa tóir ar ardán leis na ceisteanna sin a chur i láthair an phobail. An é sin ról an uachtaráin?

Ba dheas, go deimhin, dá mbeadh plé ar an saghas duine atá uainn mar uachtarán atá uainn sula dtéann na páirtithe ag roghnú iarrthóirí. Tá ainmneacha go leor dá lua cheana féin ach an bhfuil na daoine sin oiriúnach don ról? Tá béim dá cur ar iarrthóirí ban a roghnú – is mó an t-údar gaisce againn gur thogh muid beirt bhan ina nUachtaráin nuair a fheiceann tú leithéid na Stát Aontaithe ag diúltú do mhná a chuireann a gcuid ainmneacha chun cinn.

Ina measc sin atá luaite go dtí seo tá Mairéad McGuinness, Frances Fitzgerald, Róisín Shortall, Regina Doherty, Cynthia Ní Mhurchú agus Mary Lou McDonald. Tá sé ráite ag McDonald nach suim lei tabhairt faoin Áras cé gur cinnte go mbeidh iarrthóir ag an bpáirtí. Níor éirigh go maith la Liadh Ní Riada sa toghchán seacht mbliana ó shin agus níor mhór don pháirtí a bheith cúramach, an mó dochar ná leas a dhéanfaidís dóibh féin. Is minic le feachtais uachtaránachta a bheith gránna agus pearsanta mar a tharla do Martin McGuinness in 2011 nuair a tarraingíodh aird ar a shaol san IRA.

Beidh Fianna Fáil ag iarraidh iad féin a chur i lár an aonaigh sa toghchán seo lena chruthú nach fás aon oíche a bhí i dtoradh an olltoghcháin. Is iadsan an páirtí Dála is mó arís agus beidh siad ag iarraidh ionadaí dá gcuid a chur ar ais san áras. Cé a roghnóidh siad – tá an t-iarThaoiseach Bertie Ahern luaite le fada an lá, bunaithe ar an ról a bhí aige i bpróiseas síochána an Tuaiscirt.

Céard faoi Fhine Gael? Níor éirigh go rómhaith leo san am a caitheadh i dtoghcháin uachtaránachta – an éireoidh leo iarrthóir a aimsiú a thabharfadh ainm in airde orthu arís? Iarrthóirí de chuid an Lucht Oibre a bhí i mbeirt de na huachtaráin is mó a raibh rath orthu – Mary Robinson agus Micheál D Ó hUigínn. An dtabharfaidh siad iarracht eile faoi? An bhfuil duine ar intinn acu? Tá costas agus eagrúchán go leor ag baint le feachtas mór náisiúnta den saghas seo – is ualach mór ar pháirtithe beaga a leithéid.

Beidh ainmneacha maithe agus móruaisle agus réalta dá lua freisin sna míonna seo romhainn. Cuirtear ainm an chraoltóra Miriam O’Callaghan i láthair go minic cé go bhfuil sé ráite aici cheana nach bhfuil suim aici ann. Luaitear an fuirseoir, Tommy Tiernan. An mbeadh suim ag an bhFeisire Eorpach Seán Kelly, iar-uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael, a bheith mar iarrthóir ag Fine Gael? Céard faoi Mhichael McDowell? Beidh tuairimíocht go leor ann idir seo agus mí na Samhna.

Ní mór an toghchán uachtaránachta a reáchtáil sna seasca lá roimh an 11 Samhain, an dáta ar ar insealbhaíodh Micheál D Ó hUigínn. An lá dár gcionn, an 12 Samhain, a thiocfaidh an t-uachtarán nua i mbun oifige. Seachas ainmniúcháin na bpáirtithe polaitiúla is féidir le daoine a bhfuil suim acu sa ról tacaíocht a iarraidh ar chomhairlí áitiúla agus má thacaíonn ceithre cinn acu leo beidh ainmniúchán ar fáil dóibh.

Is féidir a bheith ag súil le plé go leor ar ainmneacha agus iarrthóirí sna míonna seo romhainn. An mbeidh plé ar ról an iachtaráin agus an tábhacht a bhaineann leis? Ní hiondúil go mbíonn agus is trua sin, seachas feachtais a bheith bunaithe ar phearsantachtaí agus díospóireachtaí nach mbaineann le hábhar, ba dheas leanacht leis an bhforbairt ar ról an uachtaráin atá feicthe le fada. Ba thrua dá mba ról ag croitheadh láimhe le cuairteoirí ón iasacht a d’fhágfaí in athuair ag an uachtarán.

Máirín Ní Ghadhra 

Is iriseoir agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra. Tá na leabhair Taibhse an Dá Thaobh, Lámh Mharbh Abú!, scríofa aici, agus aistriúchán déanta aici ar An Cúigear Cróga (The Famous Five): A Lazy Afternoon, agus ar an sraith Dónall Dána (Horrid Henry).