A’ Ruith Eadar Dà Dhràgon Francis Boutle. London. £12.99
Léirmheas le Niall O’Gallagher
Ó 2019 go 2020, ghabh an file Albanach Màrtainn Mac an t-Saoir cuairt go dtí an Bhreatain Bheag agus an Chatalóin, ag críochnú in oileán Mhallarca, áit atá gar dá chroí. Cé gur fhoilsigh sé a chéad chnuasach flíochta Dannsam led Fhaileas sa bhliain 2006, is fearr aithne air mar scríbhneoir ficsin i nGaeilge na hAlban, ach spreag an chuairt seo é pilleadh ar an fhilíocht. Leabhar breá ceithretheangach, A’ Ruith Eadar Dà Dhràgon, atá anois chugainn, saothar a chuireann in iúl na mothúcháin aige agus é ag taisteal sa Bhreatain Bheag agus sna Tíortha Catalónacha. Mar aon le Gaeilge agus Béarla Mhàrtainn féin, tá aistriúcháin de na dánta i dteangacha na dtíortha sin le beirt fhilí eile, Ifor ap Glyn agus Noèlia Díaz-Vicedo.
Tá a fhios ag Màrtainn nach gcaitheann sé an chomparáid le hAlbain Ghaelach a dhéanamh follasach i gcónaí óir tá sí ann cheana féin in intinn léitheoirí a thagann ar na dánta seo fríd a dteanga féin. Arís agus arís eile, tchí an file Albanach achar tochtmhar idir na háiteanna a dtugann sé cuairt orthu agus a thír féin ó taobh na teanga de, in ainneoin na gcosúlachtaí a tchí :
’S ann a dh’fhaodte bhith
ann an cafaidh-gailearaidh
sam bith an Dùn Èideann
[...]
Dh’fhaodadh – iad sin a dh’fhaodadh:
mura b’e cumadh nam briathran.
I ndán eile, cuireann úsaid a dteanga féin ar ghutháin na ndaoine óga iontas ar an fhile, a fhiafraíonn, ‘am facar riamh uiread de chonsanan, / ann am boisean trang’ nam beò?’ (‘Litearras san Smior’). Is é an t-iontas sin a fhágas soiléir nach dtarlódh a leithéid sa bhaile in Albain, áit a bhfuil úsáid shóisialta na teanga i bhfad níos laige, go háirithe i measc na ndaoine óga. Ach is é cumas an fhile rudaí a thabhairt le fios, ach gan a chur i bhfocail i gcónaí, a fhágas nach leabhar gearánach é seo. Seachas é a bheith duairc faoi dheacrachtaí a chultúir féin, is fearr leis aird a thabhairt ar na féidearthachtaí a thaispeánann cultúir eile dó. Tarlaíonn sin sa chéad dán sa chnuasach, ‘Cànanan an Catalonia’, ina molann an file ‘Dà chànanas ga chur an gnìomh / gun ghò, gun oilbheum’:
Leis nach cluinnear a’ Bheurla
ga bruidhinn ach ainneamh sa bhaile seo
snàigidh a’ Ghàidhlig a-mach
às a sligidh; sadaidh i bhuaipe i
is suidhidh i le guth cothromach
cinnteach
air a’ bhus chànanan
Sa dán a leanas, labhraíonn sé faoi na dathanna a tchí sé timpeall air i mBarcelona, le ceist eile, ‘Cò ghealladh nach cuala Dalí / gu leòr dhe na chuir e sna dealbhan bu bheothaile?’
Go háirithe sna 2010idí, bhí díospóireacht an neamhspleáchais mar cheangal idir Albain agus an Chatalóin, agus is beag iontas mar sin go bhfaigheadh sí áit sa leabhar seo. Mar iriseoir, is iomaí uair a rinne mé agallamh le Clara Ponsatí, a bhí ina haire sa rialtas a ghairm reifreann ar neamhspleáchas ón Spáinn in 2017 gan aon socrú le Madrid, mar a tharla idir Dún Éideann agus Westminster roimh an reifreann Albanach in 2014. Theith Clara Ponsatí i ndiaidh fhorógra an neamhspleáchais a rinne an pharlaimint i mBarcelona agus d’fhill sí ar an obair a bhí aici mar ollamh ag Ollscoil Chill Rímhinn. Is iomaí tuairim atá ag muintir na Catalóine féin faoin mhéid a tharla. Ach cuireann Màrtainn Mac an t-Saoir in iúl tuairim achan duine in Albain ag an am faoin iarracht a rinne na húdaráis Spáinneacha a heiseachadadh:
Alba ghràdhach, na toir seachad i!
Glèidh gu cùramach i is a saorsa
An nead do dhaonndachd
oir tha an nead ud olc a tha ga feitheamh thall
na ribeadh suarach (‘Clara Ponsatí, an Dùbhlachd 2019’)
Ó thaobh na n-aistriúchán de, bhí an Béarla mar dhroichead idir an Chatalóinis agus an dá theanga Cheilteacha. Go minic, tá sé sin dosheachanta. Ach tuigim gur chaith an triúr acu mórán ama le chéile ag obair orthu agus ag déanamh iarracht na téacsanna i mBreatnais agus Catalóinis a thabhairt chomh cóngarach agus is féidir don bhuntéacs i nGaeilge na hAlban. Ní féidir liomsa ach amharc ar leagan na Breatnaise mar a bheadh ceobhrán go bhfeicim corrsholas ag splancáil ansiúd agus anseo. Ach thig liom a rá gur éirigh le Noèlia Díaz-Vicedo leagain a chumadh atá chomh soiléir, bríomhar agus atá na bundánta.
Cnuasach ealaíonta atá anseo, lán tine dragain, gan chealg san eireaball.