An glas triarach agus an tord nua
Máirtín Ó DuibhirTá plátaí geopholaitíochta an domhain ag bogadh ó toghadh Donald Trump mar Uachtarán na Stát Aontaithe, a deir Máirtín Ó Duibhir
Tá sé beartaithe ag an Rialtas deireadh a chur leis an mbeartas, ar a dtugtar an glas triarach, atá i bhfeidhm ó bhí 2002 ann agus a bhaineann leis na rialacha a úsáideann an Rialtas chun cead a thabhairt d’Óglaigh na hÉireann a bheith mar chuid d’fhórsa coimeádta síochána idirnáisiúnta.
Mar gheall ar an moladh spreagadh plé maidir le dhá phríomhcheist: an gá an beartas a athrú ag an am seo, agus an mbeidh tionchar ag an athrú ar neodracht mhíleata na tíre?
An Glas Triarach
Baineann an glas triarach leis an riachtanas go gcaithfidh misean a bheith ceadaithe ag na Náisiúin Aontaithe (NA), ag an Rialtas agus ag an Dáil sula gcuirfidh an Rialtas trúpaí ó Óglaigh na hÉireann chuig an misean.
Tá sé i gceist ag an Rialtas fáil réidh leis an riachtanas go gcaithfidh misean a bheith ceadaithe ag na Náisiúin Aontaithe, toisc go bhfuil siad ag iarraidh nach mbeadh tionchar ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar a gcinntí maidir le trúpaí Éireannacha a chur thar lear.
Cé nár luaigh an Rialtas é mar chúis nuair a d’fhógair siad anuraidh go raibh sé ar intinn acu an beartas a athrú, tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil an t-ord idirnáisiúnta ag athrú. Mar shampla i mí Feabhra, ní hamháin gur chaith na Stáit Aontaithe vóta i gcoinne rúin a bhí os comhair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun an Rúis a cháineadh as an ionradh ar an Úcráin, ach d’eisigh Uachtarán Trump ráiteas gurbh í an Úcráin a bhí freagrach as an gcogadh.
Is cosúil go bhfuil na Meiriceánaigh sásta a gcuid comhghuaillithe a thréigean nuair is cúrsaí cosanta agus trádála a bhíonn i gceist. Tá an chuma air, chomh maith, go bhfuil siad sásta an domhan a roinnt i réimsí tionchair agus go bhfuil siad chun glacadh leis go bhfuil réimse tionchair dá gcuid féin ag na Rúisigh. Ina theannta sin, tá comharthaí ann freisin go bhfuil siad chun glacadh leis go bhfuil cuid de réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise laistigh de réimse tionchair na Síne.
Cé go bhfuil stair fhada ag Éirinn mar thír a thugann tacaíocht do mhisin choimeádta síochána na NA, is dócha go mbeidh tionchar nach beag ag na hathruithe atá ag tarlú ar an ord idirnáisiúnta ar chumas na NA tús a chur le misin nua. Cuireann na hathruithe seo leis an easpa muiníne atá ag an Rialtas as an gComhairle Slándála.
Má dhéanann an Rialtas athrú ar an nglas triarach, ciallaíonn sé sin dá molfadh an tAontas Eorpach (AE), mar shampla, fórsa cosanta do mhisean daonnúil nó misean de chineál ar bith eile lasmuigh den AE, d’fhéadfadh an Rialtas trúpaí a chur chuig an misean gan a bheidh ag brath ar chinntí na NA.
Is deacair a shamhlú nach dtabharfadh an Rialtas tús áite do chinntí an AE maidir le cúrsaí slándála agus cosanta seachas do chinntí na NA as seo amach.
Ar ndóigh, fiú má athraíonn an Rialtas an glas triarach beidh an rogha acu i gcónaí cead a thabhairt d’Óglaigh na hÉireann a bheith mar chuid d’fhórsa coimeádta síochána má cheadaíonn na NA an misean.
Creimeadh ar Neodracht mhíleata na tíre
Cuireadh an glas triarach i bhfeidhm in 2001 mar chuid den fheachtas roimh an dara reifreann Nice agus ar léamh amháin níl aon bhaint aige le neodracht mhíleata na tíre.
Tá an beartas neodrachta míleata bunaithe ar stair agus traidisiún na tíre. Tá sé bunaithe ar chleachtas na tíre, chomh maith, go háirithe maidir leis an méid a chaithimid ar chúrsaí cosanta gach bliain. Is léir ón gcaiteachas cosanta thar na blianta nach bhfuilimid toilteanach an méid airgid atá riachtanach chun a bheith mar chuid de chomhghuaillíocht mhíleata a chaitheamh.
Anuas air seo tá an beartas neodrachta bunaithe ar dhearcadh mhuintir na tíre. Léiríodh i bpobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe leis na blianta, go bhfuil formhór mhuintir na hÉireann i bhfabhar neodracht mhíleata na tíre.
Cé nach bhfuil bunús dlíthiúil leis na bunchlocha thuasluaite maidir le neodracht an tíre, tá díolúine leagtha amach sa bhunreacht ó bheith mar chuid de chomhstruchtúr cosanta laistigh den AE.
Is féidir léamh eile a dhéanamh ar an nglas triarach mar bhac ar an Rialtas seasamh míleata na tíre a athrú. Ach is dóichí ná a mhalairt go mbeidh tionchar níos mó ag na hathruithe atá ag tarlú maidir leis an ord idirnáisiúnta ar ár seasamh míleata thar aon rud eile.
Tá plátaí geopholaitíochta an domhain ag bogadh ó toghadh Donald Trump mar Uachtarán na Stát Aontaithe. Mar gheall air seo tá níos mó plé ar chúrsaí cosanta san Eoraip agus cuirfear leis an bplé seo má chuireann Trump na bagairtí maidir leis na Stáit Aontaithe a tharraingt amach as NATO i bhfeidhm.
Is deacair a shamhlú nach mbeidh cumas cosanta na tíre mar chuid den phlé sin. De réir dealraimh, cé nach bhfuil aon tír ag cur brú orainn a bheith mar chomhghuaillí cosanta, tá guthanna le cloisteáil go bhfuilimid ag brath ar chumas míleata tíortha eile chun muid féin a chosaint.
Ar a laghad, beidh tíortha éagsúla ag lorg go mbeidh muid in ann cosaint a dhéanamh i gcoinne bagairtí nua ionas nach bhfeicfear ár laigí mar dheis chun tíortha eile a chur i mbaol. Mar shampla, mura mbeidh muid in ann na cáblaí sonraí amach ó chósta na hÉireann a chosaint, ní hamháin go mbeidh tionchar eacnamaíochta ag aon ionsaí ar an tír seo ach tá baol ann go mbeidh tionchar ar thíortha eile chomh maith.
Cé nach bhfuil ballraíocht i gcomhghuaillíocht chosanta, bíodh sin mar chuid d’fhórsa Eorpach nó mar bhallstát de NATO, ar cheann de na roghanna atá faoi chaibidil ag an Rialtas faoi láthair chun a fhreagrachtaí cosanta a chomhlíonadh, ní hionann sin agus a rá go gcuirfear as an áireamh é amach anseo.
Ach i ndeireadh na dála, is é meon an phobail an dris chosáin nó an chosaint is mó i gcoinne athruithe ar sheasamh neodrach na tíre. Mar a léiríodh san fheachtas chun táillí uisce a thabhairt isteach blianta ó shin, beidh dúshlán mór roimh aon rialtas amach anseo meon an phobail a athrú ar an ábhar seo.
Máirtín Ó Duibhir