Comrádaí ab ea Pádraig, file, gníomhaí teangan, ileolaí, staraí
Pádraig Ó Cíobháin
A leabhrán, i dtaobh Laochra na Cásca a chuaigh de shiúl na gcos ó Iarthar Duibhneach thar Mhám Conrach de dhroim oíche Shathairn Cásca go Trá Lí chun bualadh le Ruairí Mac Easmainn i mbliain na réabhlóide 1916, a chéadchuir in eol dhomhsa cad é mar sheasamh a bhí i bPádraig Ó Snodaigh. Complacht d’Óglaigh na hÉireann, spreagtha ag Seán a’ Chóta, a dúirt leo bó a dhíol, raidhfil a cheannach, sásta dul sa ghlia. An stair, an stuif, mianach na nÓglach, bhí ionchollaithe san aon phearsa amháin a chínn i dTigh Chéin ar an mBuailtín, i gcuileachta a chomrádaithe, Seoirse Ó Luasa an Chaifé Liteartha, Aogán Ó Muircheartaigh, Raidió na Gaeltachta. An tuiscint go raibh a leithéid d’fhear teann ar ár gcúlaibh, chinn go scríobhfadh glúin nua scríbhneoirí Duibhneacha, d’ádh orm fhéin bheith ar an mbuíon. Leis an dtuiscint sin chuireas chuige mo chéad saothar, Le Gealaigh.
Fonn léitheoireachta ort?
Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.
Tá síntiús agam!
Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.
Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.
Sínigh isteachBa mhaith liom síntiús a fháil
Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!
Ceannaigh síntiús