Dán Ómóis do Phádraig Ó Snodaigh

Mícheál Ó Ruairc

12/02/05,scríte d’ócáid cheiliúrtha 25 bliain de Coiscéim

Má bhí áit ann
sa teanga Ghaeilge
do ‘ríordánú’ an Ríordánaigh
ba chóir go mbeadh áit ann duitse leis,
a Phádraig Uí Shnodaigh,
is tú ag ‹snodú’ leat
go neamhleithscéalach
trí leabharghoirt na Gaeilge
le do chrios leathscaoilte
is do ribí gruaige
ag rince cor ochtair sa ghaoth
i do ruathar foilsitheoireachta.
Ní heol duit ‘ní hea!’
ná ‘beidh mé i dteagmháil leat
fá dtaobh de!’
Is fearr leat an Modh Díreach
le lagmhisneach na n-othar
(gabh mo leithscéal ‘na n-údar’)
a dhíspreagadh.
Is binnbhriathra iad
‘Tabhair dom é láithreach bonn!’
agus ‘Cuir sa phost chugam é!’
d’othair (gabh mo leithscéal ‘d’údair’)
atá ar an dé deiridh
ceal foilsitheora.
Is sceach driseoige dóchais
i mbéal bearna tú
do na céadta filí
is scríbhneoirí
atá ag saothrú i leabharlann
na Gaeilge.
Is tú ár n-iPod, ár nGameboy,
ár Modem is ár bPlaystation.
Is tú ár dTig nár Thit
ár Lon Dubh Buí ag Cuaifeach,
ár mBligeard Sráide.
Is tú ár nGabhar sa Teampall
ár Nihil Obstat,
ár n-Aimsir Óg.
Is tú ár Seabhac ag Guairdeall
ár nGealas i Lár na Léithe,
ár mBaisteadh Gintlí.
Is tú ár bPróca Solais is Luatha
ár bhFearann Breac,
ár bhFuil Samhraidh.
Is tú ár gCrann Smola
ár Spéir Thoirní,
ár gCéim Bhriste.
Is tú ár gCirt Oibre
ár Mearcair,
ár dTonnchrith Intinne.
Is tú ár mBaill Seirce
ár Lia Nocht,
ár nDrúcht ar Chneas.
Is tú ár gComhad Caoch
ár nGiotár Meisce,
ár nDoineann agus Uair Bhreá.
Is tú ár Súile Shuibhne
ár Macadúna,
ár gCúis Bheith Beo.
Agus Fan Inti, impímid ort,
ag paidreoireacht
ag Altóir an Diabhail
nó ag casúireacht leat
ar Inneoin an Anama
go ceann cúig bliana
is fiche eile
go snodófar sinn
in Uiscí Beatha na Naoi mBéithe
is nach bhfágfar éinne
de Shíol Éabha
ná beidh snodaithe agat
faoi bhliain ár dTiarna
2030.
Mícheál Ó Ruairc

Údar agus file é Micheál Ó Ruairc