Fighting Words
Tá a scéal féin le hinsint ag gach páiste ach an deis a thabhairt dóibh, a deir Ola Madjekodunmi, Comhordaitheoir Tionscadail Gaeilge Fighting Words
Is eagraíocht neamhbhrabúis í Fighting Words a bhunaigh an scríbhneoir iomráiteach, Roddy Doyle, agus Seán Love le chéile sa bhliain 2009 le béim a chur ar an scríbhneoireacht chruthaitheach i measc daoine óga ó cheantair faoi mhíbhuntáiste. Le bheith ionraic, ní raibh cur amach agam roimh ré ar an obair iontach a bhíonn á déanamh ag an eagraíocht Fighting Words le daoine óga. Ach nuair a chonaic mé go raibh an eagraíocht bainteach leis an gcruthaitheacht agus leis an nGaeilge, músclaíodh m’aird, go háirithe leis an gcúlra atá agam sna meáin Ghaeilge.
An chéad lá gur shiúil mé isteach le scáthfhoghlaim a dhéanamh ar na ceardlanna a bhíonn á reáchtáil acu, cheapas go raibh an t-atmaisféar go haoibhinn ar fad, agus é deas, séimh.
I ndáiríre, ní rabhas riamh i spás den chineál sin cheana. Agus mé suite ansin ag breathnú ar an obair, thuigeas an tábhacht a bhaineann léi agus bhí sé le feiceáil go raibh na scileanna cearta ag an éascaitheoir le dul i bhfeidhm ar na páistí.
Bím ríméadach anois nuair a aimsím níos mó deiseanna leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus nuair a fhaigheann siad tuiscint níos fearr ar a scileanna cruthaitheacha a fhorbairt trí Ghaeilge. Ní fhaigheann daoine óga an seans a samhlaíocht a úsáid laistigh den churaclam scoile, mar níl an spás nó an t-am ann dá leithéid. Mar sin, is deis iontach dóibh teacht go hionad Fighting Words i gCearnóg Uí Bheacháin, nó dul go leabharlann áitiúil agus an t-am sin a úsáid dóibh féin le bheith ag scríobh agus ag tarraingt. Cibé rud a oireann dóibh, táimid ag iarraidh go mbeidís ar a suaimhneas agus iad inár dteannta.
Is í mo chomhghleacaí iontach, Bríd-Treasa Wyndham, a chuir tús leis an nGaeilge a chur chun cinn san eagraíocht sa bhliain 2019. Tá sise lonnaithe i gConamara agus bíonn sí ag díriú ar cheardlanna a reáchtáil i gceantair Ghaeltachta. Bímse ag díriú ar scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht. Bím ag obair le Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí den chuid is mó, ach bíonn ceardlanna dátheangacha á gcur ar fáil agam do scoileanna Béarla freisin. Tá roinnt ceardlann déanta agam ó Thuaidh chomh maith i gcomhpháirtíocht le Fighting Words Thuaisceart Éireann. Tá sé ríthábhachtach go dtuigfeadh gach dalta ó gach cúlra ar an oileán seo gur féidir leat a bheith cruthaitheach tríd an teanga agus nach ábhar scoile amháin í, ach teanga bheo gur féidir leat plé a bheith agat léi i do shaol oibre agus i do shaol pearsanta.
Bíonn briseadh croí ag baint le scéalta daltaí ó scoileanna Béarla a thagann chugam agus a deir go raibh taithí dhiúltach acu leis an teanga. Den chuid is mó, tá na daltaí seo ag iarraidh go mbeadh labhairt na Gaeilge acu seachas béim ollmhór a bheith ar an ngramadach. Bíonn meangadh gáire ar aghaidh na ndaltaí ag deireadh na gceardlann, go háirithe daltaí na scoileanna Béarla mar go dtuigeann siadsan anois gur féidir leis an teanga a bheith taitneamhach. Is léir dom, agus mé sa phost anois le seacht mí, nach bhfuil mórán taithí ag na mic léinn ar a bheith ag úsáid a gcuid samhlaíochta trí Ghaeilge. Cuireann páistí óga Gaelscoileanna ceist orm go minic, fiú le linn na gceardlann, an féidir leo a scéal a scríobh trí Bhéarla.
Mar eagraíocht, ní chuirimid béim ar ghramadach nó litriú agus na daltaí ag scríobh leo. Ní hé sin an aidhm atá againn, nílimid dírithe ar Bhéarla nó Gaeilge fhoirfe a bheith á scríobh acu. Táimid ag iarraidh go mbeadh eispéireas oscailte agus dearfach acu linne. Tá ceardlanna scéalaíochta as Gaeilge ar fáil ar fud na tíre. Bíonn na ceardlanna ar fáil do bhunscoileanna, do mheánscoileanna, agus do ghrúpaí éagsúla eile sa phobal. Is féidir linn ceardlanna a chur ar fáil ar líne tríd an gcóras Zoom, nó is féidir freastal ar cheardlann ar an láthair in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i gConamara nó in Ionad Fighting Words i mBaile Átha Cliath. Bíonn gach ceardlann de chuid Fighting Words saor in aisce. Mar dhuine a d’fhreastail ar Ghaelscoil agus ar Ghaelcholáiste mothaíonn sé go hálainn a bheith in ann an obair seo a dhéanamh anois le gaelscoileanna agus gaelcholáistí.
Struchtúr na gceardlann
Maireann na ceardlanna ar feadh dhá uair an chloig. Scríobhann an grúpa tús scéil le chéile sa chéad leath den seisiún, agus ansin sa dara leath bíonn seans ag gach duine a gcuid scríbhneoireachta féin a dhéanamh - in aon seánra gur mian leo. Ag deireadh na ceardlainne bíonn deis ag daoine a gcuid oibre a roinnt. Tugtar leabhrán do gach duine le tús an scéil agus pictiúir an mhaisitheora ann, le gur féidir leo toradh a gcuid oibre a bhreith leo abhaile.
Tá go leor spriocanna agam. Ba bhreá linn Story Slam trí Ghaeilge a thosú i mbliana, tá cinn déanta againn trí Bhéarla agus bheadh sé go hálainn deis a thabhairt do dhaoine óga a gcuid filíochta, próis, agus amhrán féin trí Ghaeilge a roinnt linn. Freisin, tá sé ar intinn agam tús a chur le Book Project trí Ghaeilge, ceardlanna leanúnacha le grúpa beag déagóirí, iad ag scríobh gach seachtain agus ag cur leis an scéal…agus ansin leabhar beag foilsithe acu ag an deireadh! Tá an togra seo ar siúl againn cheana féin trí Bhéarla. Tá míle fáilte roimh chách chuig ár n-ócáidí i gcónaí.
Caithfidh mé a rá gur breá liom a bheith ag obair le Fighting Words na Gaeilge. Is obair fhiúntach í agus cuireann sé áthas orm a bheith ag plé leis an teanga agus ag cabhrú le daoine óga. Ardaíonn sé mo chroí nuair a fheicim cúpla lámh in airde nuair a chuirim an cheist ‘cé atá ag iarraidh obair sa teanga amach anseo?’.