Léirmheas
FICHE
Colm Ó Ceallacháin
Leabhar Breac
Léirmheas le Mícheál Ó Ruairc
Úrscéal diostóipeach é an t-úrscéal seo. Ciallaíonn ‘dystopia’ stát samhlaíoch san am atá le teacht, de ghnáth (nó san am atá caite i gcás leabhar Choilm) ina bhfuil gach rud bunoscionn nó ina chíor thuathail. Domhan ina bhfuil an fhulaingt agus an éagóir chun tosaigh ann. Ó thaobh úrscéalta de, siad na samplaí is fearr ná 1984 le George Orwell, Prophet Song le Paul Lynch a bhuaigh an Duais Booker anuraidh agus Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain. Maidir le scannáin meabhraítear duit Blade Runner, Mad Max agus The Truman Show, gan ach trí cinn a lua.
San úrscéal iontach seo cloisimid macallaí éadroma de 1984 de chuid Orwell. Mar is eol d’éinne a léigh an leabhar agus a chonaic an scannán le John Hurt agus Richard Burton ann, is pictiúr sceirdiúil, dearóil, duairc den tsochaí a chuirtear os ár gcomhair. Gach éinne faoi bhois an chait ag deachtóir i réimeas ollsmachtach. Fir faire chruálacha, smachtúla, dhíoltasacha ag faire ar gach uile shaoránach ó dhubh go dubh féachaint an bhfuil sé nó sí chun riail a bhriseadh nó iarracht éigin a dhéanamh chun éirí amach i gcoinne an chórais mhíchothroim. Tá An Deartháir Mór ag faire ort de ló is d’oíche! Ar ndóigh, bhí cuid mhaith den fhírinne le feiscint i scannáin agus in úrscéalta den chineál seo agus ba mhinic gur scátháin iad ar an tsochaí ina mairimid.
Cé gur sochaí dhiostóipeach a léirítear dúinn san úrscéal seo, is cur chuige difriúil a úsáideann Colm chun an scéal a insint. Is deachtóir é ceannaire na tíre, ar a nglaoitear An Ginearál, agus úsáidtear cos ar bolg agus uisce faoi thalamh chun saoránaigh na tíre a choinneáil faoi smacht. Is póilíní smaointe iad Éamann agus Paddy agus úsáideann siad brúidiúlacht agus foréigean chun daoine nach bhfuil sásta géilleadh d’ansmacht an Ghinearáil a chloí. Is sórt gealt é garmhac an Ghinearáil atá ag iarraidh teoiricí Einstein a shárú maidir le mais agus am, luas agus spás lena ghléas mór ar a nglaonn sé an Bhéist. Creideann gach éinne go bhfuil sé as a mheabhair. Creideann go leor go bhfuil Donald Trump amhlaidh chomh maith ach féach gur vótáil tromlach na Meiriceánach dó den dara huair. Tá an chuma ar an scéal go mbeidh daoine mar é i gceannas i dtíortha na hEorpa sna blianta atá amach romhainn agus cá bhfios inár dtírín beag beannaithe féin.
In úrscéal Choilm tá bolscaireacht agus athmhúnlú intinne ar siúl an t-am ar fad chun daonra na tíre a choinneáil faoi smacht. Tá an Ginearál agus an Ginearáilín (a gharmhac) faoi gheasa ag an uimhir ‘20’ agus iad ag maíomh gurb í Éire an 20ú oileán is mó ar domhan. Tá dealbh an Ghinearáil le feiscint ar Shráid Uí Chonaill agus a ‘shúile fuara’ ag amharc anuas go díomasach ar dhealbh an Fhuascailteora. Tá manaí crochta ó gach cuaille lampa thart timpeall air agus fógraí cosúil le ‘Cuir do mhuinín sa Ghinearál’, ‘20’ agus ‘Féinsmacht agus Tírghrá’ breactha orthu.
Tá cosc ar cheol nua-aimseartha, ar dhioscónna agus ar rince sa réimeas ansmachta seo agus atmaisféar duairc, dealbh chun tosaigh sa tír.
Ach ní hé sin croí an úrscéil. Is é croí an úrscéil ná an caidreamh (nó an triantán suthain nó triantán grá) atá idir Caoimhín, Áine agus Orlaith. Is é an caidreamh éagmaise seo croílár an úrscéil. Ar an ábhar seo, is mó d’úrscéal grá ná d’úrscéal eachtraíochta nó fantaisíochta nó diansmachta é. Léann sé mar scéinséir agus ar an ábhar sin is deacair é a leagan anuas a luaithe is a bhíonn an chéad mhír bheag léite agat.
Bhain an cumas atá ag Colm an timpeallacht, an dúlra agus an tírdhreach a dhathú isteach agus a thabhairt chun soiléireachta don léitheoir stangadh asam. Bhíos ábalta gach rud, go háirithe, na radharcanna ar na tránna cois farraige, a fheiscint go soiléir. Mar an gcéanna maidir leis an gcur síos atá aige ar na carachtair éagsúla. Bhí sé in ann iad a léiriú ina steillbheatha. Is amhlaidh an comhrá. Bhí sé sochreidte sa mhéid is go bhféadfaí é a chreidiúint. Léiríonn sé tuiscint dhomhain ar aigne an duine dhaonna agus ar mhistéir na beatha. Creideann tú sna carachtair, creideann tú sna himeachtaí agus sna heachtraí a léirítear. Tá críoch an scéil ar fheabhas, dar liom. Mar an gcéanna, tá an phian agus an fhulaingt a ghabhann leis an ngrá agus leis an leatrom a dhéantar ar dhaoine áirithe lena mbeo chun tosaigh san úrscéal. Gan fiacail a chur ann is éacht é an t-úrscéal Fiche, im’ thuairimse.
Mar atá déanta aige sa dá chnuasach gearrscéalta, caitheann Colm dua lena cheird. Ní fhágann sé cloch gan iompú agus é ag iarraidh an t-ábhar a chur os comhair an léitheora. Tá a dhearcadh féin ar an saol aige agus is fíorscríbhneoir é. Cleachtann sé stíl thaitneamhach, lom, údarásach. Tá ar a chumas scéal maith a insint ionas go gcreidtear é. Mar dhuine agus mar scríbhneoir gabhann sé a bhealach féin i gcónaí go neamhspleách, grástúil.