Marbhántacht Mheán Fómhair
Is ar éigean go bhfuil mórán bainte amach ag an rialtas ó bunaíodh iad sé mhí ó shin agus ní léir go bhfuil feabhas ar chúrsaí i ndán dóibh, a deir Máirín Ní Ghadhra
Beagán le cois leathbhliana atá an rialtas seo in oifig ach is deacair a rá go bhfuil éirithe leo mórán tada a chur i gcrích sa tréimhse sin.
Glactar leis go dtógann sé tamall teacht isteach ar an obair nuair a thoghtar rialtas nua ach tá na páirtithe seo ag tabhairt faoin dara téarma i gcomhrialtas le chéile – níl de dhifríocht ach an tríú cos ar an stól a chothaigh a cuid deacrachtaí féin i mí Eanáir seo caite. Chothaigh an chonspóid faoi chearta cainte do theachtaí neamhspleácha nimh i measc polaiteoirí nach bhfuil curtha ina cheart go fóill agus a fhágann na páirtithe cúramach timpeall ar a chéile.
Tá teannas níos mó idir Fianna Fáil agus Fine Gael sa rialtas seo freisin thar mar a bhíodh. An bhearna san aois idir an bheirt cheannairí is cionsiocair le go leor de – Martin ceithre bliana déag anois ina cheannaire ar Fhianna Fáil agus ag tabhairt faoin dara tréimhse mar Thaoiseach ag iarraidh a bheith ag comhoibriú le Harris, an Tánaiste óg fuinniúil a bhfuil cuid den loinnir imithe de le leathbhliain.
Bhain an chéad easaontas den bhliain le ceapachán ‘czar’ le bheith freagrach as cúrsaí tithíochta, ainm Bhrendan McDonagh a bheith luaite leis an ról agus thar aon ní eile an tuarastal a bhí le tairiscint dó. D’fhág easaontas idir páirtithe rialtais agus ráiteas ó státseirbhíseach sa Roinn Tithíochta nach raibh a leithéid ag teastáil chor ar bith gur chuir McDonagh é féin as an áireamh agus nach bhfuil caint ná trácht ar an ról ó shin.
Mar atá le roinnt blianta anois, sí an tithíocht an cheist is mó atá ag cothú deacrachtaí don rialtas Tá Tithíocht do Chách ag teacht chun críche agus polasaí nua le foilsiú an mhí seo (Meán Fómhair). Tá fear nua i bhfeighil na Roinne, James Browne, agus tá sraith beart fógartha aige a chuirfidh feabhas ar an scéal, dar leis, Ní raibh mórán aithne ar Browne ach ar ceapadh é agus bhí tuairim láidir ann nach mbeadh ann ach aghaidh na Roinne mar go raibh an Taoiseach féin diongbháilte dul i ngleic leis an ngéarchéim. Nádúr na polaitíochta go dtagann dúshláin nach mbíonn súil leo chun cinn agus tá an chuma anois ar an scéal go bhfuil an obair ar fad i lámha an Aire Browne mar go bhfuil an Taoiseach gafa le nithe eile.
Go dtí seo, tá athruithe ar chriosanna brú cíosa fógartha agus athruithe ar mhéid na n-árasán a thógfar agus scéim le tithe réamhdhéanta a cheadú i ngairdíní daoine. Baineann an chuid is mó de na seifteanna le bealach a aimsiú lóistín beag agus sealadach a sholáthar do dhaoine gan cead pleanála a bheith riachtanach. Seachnaíonn sin ceann de na bunfhadhbanna sa tír le cúrsaí tithíochta – na deacrachtaí cead pleanála a fháil agus athbhreithnithe breithiúnacha in aghaidh forbartha. Idir an dá linn, tá beagnach 16,000 duine sa tír ag cónaí i lóistín éigeandála– náire shaolta do thír chomh saibhir.
Dúshlán eile a chothaíonn constaicí nuair atá réiteach ar an ngéarchéim tithíochta á lorg is ea a laghad infheistíochta atá déanta i mbonneagar na tíre le blianta fada. Ceann de na riachtanais le pleanáil a fháil is ea bonneagar uisce agus séarachais chom maith le seirbhísí eile a bheith ar fáil. Is minic nach mbíonn agus ar mhaithe le haghaidh a thabhairt air sin, tá sé tugtha le fios san athbhreithniú a rinne siad ar an bplean náisiúnta forbartha a foilsíodh le gairid go bhfuil roinnt mór tionscnamh le cur i gcrích. Caithfear €102 billiún le huasdátú a dhéanamh ar chórais uisce agus fuinnimh idir seo agus 2030 agus tá €200 billiún ar fad le caitheamh ar mhórthionscadail chaipitil. Níl na sonraí a bhaineann leo siúd le roinnt linn go dtí lá na cáinaisnéise i mí Dheireadh Fómhair.
Tá leide tugtha ag an rialtas cheana féin faoin gcineál cáinaisnéise a bheidh romhainn sa bhfómhar sa mhéid agus go bhfuil sé déanta soiléir nach mbeidh aon liúntais aon uaire dá n-íoc le cuidiú le daoine dul i ngleic leis na harduithe leanúnacha ar an gcostas maireachtála. Go deimhin, tharraing caint an Aire Ardoideachais faoi cheann de na bearta sin clampar idir páirtithe an rialtais le gairid freisin. Cé gur gheall an rialtas go mbeadh táillí clárúcháin ollscoile dá laghdú le linn a dtréimhse oifige, mhínigh an tAire Lawless nach mbeadh siad dá n-ísliú mar cheart ag tús na scoilbhliana. Is léir ó chaint na bpolaiteoirí go mbeidh faoiseamh éigin ar an ábhar sa gcáinaisnéis ach ní haon mhaith sin do na teaghlaigh a bhfuil cuid de tháillí na bliana seo íoctha acu cheana féin. Botún cumarsáide nach raibh aon ghá leis a bhí sa gcaint a rinne Lawless agus caint a tharraing tuilleadh cainte agus a léirigh an teannas is féidir a chothú go héasca idir an dá phríomhpháirtí sa rialtas seo. Creideann go leor tráchtairí go bhfuil an teannas breise ag eascairt as a laghad seasmhachta a bhaineann leis an ngrúpa neamhspleách atá mar chrann taca ag an rialtas. Grúpa a bhféadfadh duine nó dhó acu teitheadh go héasca go háirithe mura n-éiríonn leo sna cainteanna cáinaisnéise.
Ní call a rá go bhfuil an éiginnteacht atá cruthaithe ag polasaithe eacnamaíochta agus trádála Donald Trump ag cothú deacrachtaí don uile rialtas atá ag brath ar ghnó na Stát Aontaithe. Tá muid i ladhar na chasúir níos mó ná go leor mar gheall ar chomh mór agus a bhíonn muid ag brath ar cháin chorparáide ó chomhlachtaí ilnáisiúnta as Stáit Aontaithe Mheiriceá agus earnáil na cógaisíochta. Anuas air sin, níor sheas ceannasaíocht an Aontais Eorpaigh chomh daingean in aghaidh Trump agus a bhíothas ag súil, rud a chuireann leis an easpa seasmhachta sa trádáil idirnáisiúnta.
Is éard a chiallaíonn sin do Pascal Donohoe agus Jack Chambers go mb’fhéidir nach mbeidh an oiread le caitheamh acu agus a gheall siad i ráiteas an tsamhraidh. €9.4 billiún idir chaiteachas agus laghdaithe cánach atá geallta ach beidh le feiceáil cén tionchar a bheidh ag táillí trádála Stát Aontaithe Mheiriceá ar na figiúirí stát a bheidh mar chunús leis an gcáinaisnéis ar an 7 Deireadh Fómhair.
Sa chúlra i rith an ama agus an Dáil ag filleadh an fómhar seo beidh feachtas uachtaránachta a d’fhéadfadh a bheith bríomhar nó leamh agus a d’fhéadfadh mí shuaimhneas a chothú i leithéid Fhianna Fáil agus Shinn Féin. Beirt iarrthóirí atá againn faoi láthair – Mairéad McGuinness Fhine Gael agus an t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly. An rud atá le plé agus seo á scríobh ná céard a dhéanfaidh Fianna Fáil agus Sinn Féin. Deir an dá pháirtí go bhfuil siad i mbun machnaimh ach ní léir iarrthóir soiléir a mbeadh ar a gcumas an toghchán a bhuachan a bheith ag ceachtar acu. An dtacóidh siad le duine de na hiarrthóirí eile?
An mbeadh sé de mhisneach ag Fianna Fáil Bertie Ahern chur chun cinn nuair a léiríonn pobalbhreitheanna go mbeadh sciar suntasach den phobal sásta tacú leis? An bhfeicfidh muid cuaifeach iarrthóirí ag dul ó chruinniú go cruinniú i measc na n-údarás áitiúil ag cuardach ainmniúcháin. Agus cé mhéid d’am na Dála agus na bpáirtithe a bheidh gafa leis an bhfeachtas nuair atá ceisteanna eile go dteastaíonn díriú orthu.
Tá an pobal go láidir den tuairim go bhfuil marbhántacht ag baint le hobair na bpolaiteoirí ó bunaíodh an rialtas nua. Teastaíonn gníih seachas achrann idir pháirtí a deir daoine go rialta. Nuair a chuirtear san áireamh gur ar éigin a bhí coistí Dála bunaithe sular scoradh an Dáil ní haon iontas gur beag dul chun cinn atá déanta ar na ceisteanna laethúla is práinní. Údar eile do pholaiteoirí a bheith an airdeall faoin méid a dhéanfaidh an pobal sa toghchán uachtaránachta an chéad deis a bheidh acu a dtuairimí a chur in iúl ó bhí olltoghchán an gheimhridh seo caite ann.