Cluas (agus croí) le héisteacht
Tomaí Ó ConghaileIs iomaí léamh atá ag daoine ar cad is spioradáltacht ann agus ar an fhiúntas a bhaineann léi, a deir Tomaí Ó Conghaile
‘An bhfuil brí leis an saol seo? Is amhlaidh nach bhfuil, agus tá sé sin iontach deacair don chuid is mó againn. Conas is féidir linn brí a fháil? Is rud an-tábhachtach é sin chun ár ndaonnacht a thuiscint. Tá muid cosúil le haisteoirí. Tá muid cosúil le taibheoirí. Déanaimid ár gciall féin.’
Is é an t-údar aitheanta agus iarshagart Michael Harding a dúirt na focail sin liom agus muid i mbun comhrá sa chéad eagrán den tsraith nua podchraoltaí Idir Chroí agus Anam a seoladh ag deireadh na bliana seo caite.
Sraith sé eipeasóid - le cois réamhrá uaim féin - atá i gceist ina labhraím le haíonna éagsúla faoi ábhar caolchúiseach, neamhshaolta, dofheicthe: is é sin tóraíocht uilíoch an tsuaimhnis, an domhan inmheánach, an spioradáltacht.
Is iomaí léamh atá ag daoine ar cad is spioradáltacht ann agus ar an fhiúntas a bhaineann léi sa 21ú haois. I saol ábharach róghnóthach an lae inniu, saol ina bhfuil an mhórchuid againn ceangailte le gréasán wifi ach dícheangailte le gréasán na beatha thart orainn, is minic míshocracht áirithe le brath nuair a tharraingítear an t-ábhar anuas.
Ar ndóigh, tá castachtaí breise le cur san áireamh fosta de bharr an chaidrimh achrannaigh atá ag go leor againn in Éirinn le hinstitiúidí reiligiúnacha, sin agus lenár bpian chomhchoiteann féin, pian atá ag teacht anuas ó na glúnta romhainn agus nach bhfuil cneasaithe ina hiomláine sa tsícé náisiúnta go fóill.
Sprioc amháin a chuir mé romham leis an tsraith mar sin ná cuid den mhistéir agus den doicheall sin a fhuascailt agus a léiriú gur gné lárnach den eiseadh dhaonna é ‘an saol nach bhfeictear’, gné is ceart dúinn a bheith in ann a phlé go hoscailte ionraic nuair a oireann.
Tá saol inmheánach ag gach duine againn. Ba mhaith linn ar fad a bheith sona. Tá an bás i ndán do chách. Bhí pointe i saol gach duine againn inar mhothaigh muid iontas diamhair nó grá domhain nó brón coscrach. Tá baint ag an spioradáltacht leis na gnéithe saoil sin ar fad.
Sprioc eile a bhí agam ná cur leis an dioscúrsa i leith an ábhair ilghnéithigh seo inár dteanga féin.
Go hidirnáisiúnta, tá méadú as cuimse tagtha ar líon na leabhar, na bpodchraoltaí agus na gcúrsaí a bhaineann le réimse na spioradáltachta - ón fhiosracht as an nua faoi thraidisiúin ársa ghaoise go dtí cleachtaí comhaimseartha a chuidíonn linn inár ngnáthamh laethúil - ach níl an oiread ar fáil i nGaeilge go fóill.
Tá taisce shaibhir téacsanna Críostaí againn ar ndóigh, agus dornán scríbhneoirí den scoth a bhfuil leabhair fealsúnachta eisithe acu le tamall de bhlianta, ach ar an iomlán is annamh a phléitear cúrsaí spioradáltachta sna meáin Ghaeilge nó ar na hardáin shóisialta.
Go deimhin, ní minic a dhéanainn féin mórán machnaimh ar an ábhar go dtí beagán os cionn 10 mbliana ó shin. Dála go leor eile, bhí mé i gcónaí fiosrach faoi chruacheisteanna na cruinne ach is ar ghnéithe eile den tsaol a bhí an chuid is mó de m’aird agus mé níos óige: obair agus eachtraí, cuideachta agus cúiseanna, pléisiúr agus piontaíocht.
Tháinig athrú ar na tosaíochtaí sin diaidh ar ndiaidh, ar roinnt fáthanna: bás mo mháthar, míshuaimhneas intinne, ceistiú. Bhí fonn orm codanna díom féin, de m’eispéireas saoil, a fhiosrú ar bhealach níos doimhne agus suaimhneas croí a aimsiú arís.
Is i dtreo an mhachnaimh a chuaigh mé ar dtús, agus as sin go dtí ranganna ióga, cleachtaí análaithe, agus an troscadh. D’athraigh mé m’aiste bia agus rinne mé athmheas ar an chaidreamh a bhí agam leis an alcól. Thosaigh mé ag léamh leabhar eolaíochta faoin tráma agus faoin tsonas, agus chuir mé suim sa mhéid a bhí le rá ag creidimh iomadúla an domhain faoi chuspóir an tsaoil agus faoi rúndiamhair an bháis. D’fhreastail mé ar chúrsaí spioradálta agus bhuail mé le daoine eile a bhí ar an aistear chéanna. De réir a chéile, bhí mé ag cur le mo thuigbheáil ar an dlúthbhaint atá idir an cholainn agus an intinn, agus theastaigh uaim dul níos doimhne.
Is é an dúlra féin a chuir ar mo chumas sin a dhéanamh. Chuala mé fadó faoin chumhacht chneasaithe a bhaineann le plandaí áirithe - beacáin naofa na hEorpa agus aidheabhásca Mheiriceá Theas, cuir i gcás - agus tharla go raibh sé d’ádh orm aithne a chur ar chuid de na daoine galánta a bhíonn ag obair sa ghort sin. Is fíor gur gá plé le plandaí leighis go cúramach tomhaiste ach, sa timpeallacht cheart agus leis an tacaíocht chuí, is féidir leo cneasú a chothú, léargas a thabhairt, agus peirspictíochtaí a athrú.
Is faoi scáth a chéile a mhaireann muid áfach agus ceann de na rudaí is mó a chuaigh chun sochair dom agus mé i mbun taiscéalaíocht croí agus anama ná seal comhrá a dhéanamh le daoine eile a bhfuil cuid den turas chéanna siúlta acu féin cheana, agus a bhfuil comhairle luachmhar agus críonnacht thuisceanach le roinnt acu dá bharr.
Tá sé sin le fáil go fial fras i measc na n-aíonna ar Idir Chroí agus Anam. Chomh maith le Michael Harding labhair mé leis an amhránaí agus taighdeoir Pádraigín Ní Uallacháin, leis an tsagart paróiste an tAthair Brian Ó Fearraigh, leis an fhile agus ceiliúraí Siobhán de Paor, leis an scríbhneoir agus aistritheoir Antain Mac Lochlainn, agus leis an mhúinteoir ióga Jenny Ní Ruiséil.
Cé go bhfuil taithí agus dearcadh ar leith ag gach duine acu agus go mbaineann siad leas as traidisiúin agus cleachtaí éagsúla, is mó i bhfad an méid atá i bpáirt acu. Is rud é sin atá fíor faoin chine dhaonna trí chéile ar ndóigh, agus rud a bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh cuimhneamh air.
Agus an chuma ar an scéal go bhfuil dlús á chur leis an deighilteachas agus leis an éiginnteacht ar fud an phláinéid, beidh lón machnaimh agus ábhar misnigh ag teastáil uainn le snáitheanna na sochaí a choinneáil le chéile, agus leis an stuaim, an muintearas agus an dea-thoil a neadú i gcroílár an chaidrimh atá againn leis an tsaol mhór inár dtimpeall.
Beidh cora agus castaí ann i gcónaí, ar bhonn aonair agus ar bhonn pobail, ach tá seoda eagnaí, léargais phearsanta agus teachtaireachtaí léirsteanacha ar fáil dúinn ó gach cearn den domhan a chuideoidh linn ‘ár gciall féin’ a bhaint as an aistear atá romhainn.
Bíodh cluas, agus croí, le héisteacht orainn.
Tomaí Ó Conghaile