An tIonadaí

An tIonadaí

Gearrscéal le Mícheál Ó Ruairc

Bhí mé déanach arís.

Ar ámharaí an tsaoil, d’éirigh liom sleamhnú isteach an cúldoras agus seomra 128 a bhaint amach sula dtug éinne faoi deara mé.

Chnag mé ar an doras os íseal agus isteach liom. Lig mé osna faoisimh. Ní raibh aon mhúinteoir ann romham. Shuigh mé síos ar mo bhinse agus thóg amach mo leabhar Fraincise.

‘N’fheadar cá bhfuil Bean Uí Néill?’ d’fhiafraigh mé de Sheán Mac Uistin a bhí suite ar an mbinse céanna liom féin.

‘Tá ráfla ann ná fuil sí ar fónamh agus ná beidh sí thar n-ais go dtí tús na scoilbhliana nua,’ ar seisean.

Thit an lug ar an lag agam.

Múinteoir sármhaith ab ea í. An múinteoir ba shine de na múinteoirí go léir a bhí againn.

Ba é seo an chéad lá thar n-ais ar scoil tar éis shaoire na Cásca. An téarma deireanach. Gan ach seacht seachtainí tanaí fágtha go dtí Scrúdú na hArdteistiméireachta. Ní raibh faic na ngrást déanta agam féin ón Nollaig ach dhein mé rún daingean le linn laethanta saoire na Cásca go luífinn isteach ar an staidéar agus nach n-ardóinn mo chloigeann ó na leabhair go mbeadh an scrúdú deireanach déanta agam ag druidim le deireadh an Mheithimh. ‘Is fearr go déanach ná go brách,’ mar a deir an seanfhocal!

Bhí mé tosnaithe cheana féin. Chaith mé an Satharn agus an Domhnach a d’imigh tharainn i mo sheomra codlata agus mo chloigeann sáite sna leabhair agam. Níor chuaigh mé a luí aréir go dtí a haon a chlog ar maidin.

‘N’fheadar cé a thiocfaidh ina háit?’ d’fhiafraigh mé de Sheán.

‘Níl tuairim dá laghad agam,’ ar seisean.

Bhí mé breá sásta le Bean Uí Néill. Múinteoir cumasach, éifeachtach. Dhéanfadh sí an cúrsa a mhúineadh go díograiseach agus ní bheadh sí ár gcrá le hobair bhaile an t-am ar fad, neamhchosúil le múinteoirí leadránacha, leamha eile.

Ag a leathuair tar éis a naoi, osclaíodh doras an tseomra ranga agus shiúil an príomhoide isteach. Ina diaidh aniar bhí spéirbhean óg, chaol, ard, thaitneamhach, tharraingteach, shuáilceach. Gruaig chíordhubh uirthi a bhí ag sileadh anuas thar a guaillí caola, dea-mhúnlaithe go dtí lár a droma, geall leis.

Agus bhí an aghaidh ab áille dá bhfaca éinne aici: súile móra donna lonracha, sróinín beag néata agus béal leathan, croíchruthach.

Ba ar éigean a raibh ar mo chumas m’anáil a tharraingt. D’fhéadfainn mo chroí a chloisint ag tuargaint ar nós ceapoird im’ chliabh.

Bhí tost iomlán sa seomra ranga.

D’fhéadfaí biorán a chloisint dá dtitfeadh sé anuas ón tsíleáil ar an urlár adhmaid.

Ghlan an príomhoide a scornach go béasach, deabhóideach.

‘Móra daoibh ar maidin, a bhuachaillí. Brón orm a bheith chomh déanach sin ag teacht isteach chugaibh ar maidin. Is oth liom a rá libh go bhfuil Bean Uí Néill breoite agus ná beidh sí linn idir seo agus na scrúduithe. Ina háit tá ionadaí faighte againn.’

Mademoiselle Francoise Dubois an t-ainm atá uirthi. Níl sí ach díreach cáilithe mar mhúinteoir. Tá sí anseo in Éirinn le bliain ag déanamh taighde i gColáiste na Tríonóide. Mar a bheifí ag súil leis, tá a cuid Fraincise go hiontach agus tá cleachtadh aici a bheith á múineadh mar ionadaí ó Mheán Fómhair seo caite. Táim cinnte go gcuirfidh sibh fáilte mhór roimpi, a bhuachaillí.’

Tugadh bualadh bos croíúil di.

Bhailigh an príomhoide léi as an tseomra ranga ansin.

Bhí gach uile dhuine againn reoite ar na binsí os a comhair amach. Bhíomar faoi gheasa aici.

Bhog sí isteach go dtí go raibh sí ina seasamh ag an gclár dubh.

D’fhéach sí inár treo agus labhair
sí linn.

B’ionann a guth milis, mealltach agus ceol na cláirsí im’ chluasa.

Rug sí ar phíosa cailce agus d’iompaigh i dtreo an chláir dhuibh. Scríobh sí roinnt mhaith nathanna cainte Fraincise air.

Ní raibh sí ach díreach tosnaithe ag trácht orthu nuair a buaileadh an cloigín.

‘An bhfaca tú riamh a leithéid?’ arsa Seán liom i gcogar.

‘Ní fhaca,’ d’fhreagair mé os íseal.

Bhí mearbhall orm.

D’imigh mé abhaile ón scoil an tráthnóna sin agus mo cheann ina roithleán. Bhí mé cráite, céasta, scólta ag na mianta a bhí do mo shaighdeadh is do mo chrá de mo bhuíochas.

Ní raibh ar mo chumas puinn staidéir a dhéanamh an oíche sin.

Ná an oíche ina diaidh.

Gach uair a thógfainn leabhar amach as mo mhála, ní fhéadfainn m’aird a dhíriú air.

Shamhlóinn go raibh an spéirbhean le m’ais. Ní fhéadfainn a deilbh álainn a bhrú as m’aigne.

De réir mar a shleamhnaigh na laethanta ar aghaidh, ba ag méadú a bhí mo dhúil inti.

Maidin Sathairn ghrianmhar ag tús na Bealtaine, thoiligh mé ar dhul go dtí an portach i dteannta m’athar agus mo dhearthár. Níorbh fhiú dom a bheith ag fanacht sa bhaile is gan ar mo chumas luí isteach ar na leabhair. Bhí coincheap an pathetic fallacy mínithe dúinn ag ár múinteoir Béarla agus cheap mé go ndéanfadh an obair throm maitheas dom agus go ndíbreodh sé íomhá na spéirmhná as mo shamhlaíocht go deo.

Níorbh amhlaidh a tharla.

Ní rófhada a bhí mé sa phortach ná go bhfaca mé í faoi mo dhéin. Bheannaigh sí dom os íseal as Fraincis agus phóg ar mo leicne mé faoi thrí. Shuigh sí síos ansin ar thortóg féir ag breathnú orm lena súile móra donna lonracha agus mé ag píceáil na bhfód móna in airde ar bharr an phortaigh ó m’athair a bhí ar an sleán.

‘Cuir cruth éigin ort féin, a bhuachaill,’ arsa m’athair liom go giorraisc nuair ná raibh mé ábalta coimeád suas leis, na fóid fhliucha ag dul i bhfostú sa phíce agus gan ar mo chumas iad a raideadh uaim tapaidh go leor dó.

Ag am lóin dhruid mé i leataobh ón gcomhluadar go raibh mé i mo shuí taobh léi.

‘An dtaitníonn an áit seo leat, Francoise?’

Elle est très bien, Mossy, mon chéri,’ ar sise ina guth milis, mealltach, modhúil

Leanamar orainn ag caint agus ag comhrá lena chéile go dtí gur glaodh thar n-ais chun na hoibre mé ionas go raibh orainn scarúint óna chéile.

Ar mo bhealach abhaile an tráthnóna sin ní raibh tásc ná tuairisc uirthi in aon bhall.

‘Tá liom faoi dheireadh,’ arsa mise liom féin, ‘beidh mé ábalta dreas oibre a dhéanamh anocht.’

Mo lagar!

Níor thúisce sa bhaile mé ná go raibh sí faram arís, ina seasamh os mo chomhair amach sa seomra suite.

Ní fhéadfainn ar ór ná ar airgead m’aire a dhíriú ar na leabhair.

Bhí mé ag dul as mo mheabhair. Theastaigh uaim staidéar a dhéanamh ach ní raibh mé in ann socrú síos. Bhí an t-am ag sleamhnú thart. Ní raibh fágtha anois ach mí.

Cén mí-ádh a bhí orm in aon chor? Dá mba rud é go raibh Bean Uí Néill fós mar mhúinteoir agam bheinn ar mhuin na muice ar fad faoin tráth seo. Francoise Dubois. Francoise na háilleachta. FD. Bhí a ceannlitreacha scríofa agus greanta agam ar chóipleabhair, ar chrainn, ar charraigeacha, ar dhoirse cróite agus ar an mbóthar tarráilte fiú!

Bhí mé caoch i ngrá léi.

Ní fhéadfainn í a dhíbirt as m’aigne. Fiú agus mé i mo chodladh thiocfadh sí chugam i mo bhrionglóidí go samhlóinn go raibh sí suite ar cholbha na leapan. Dhúisínn agus brat allais ag úscadh asam agus, Ó, an díomá a bhíodh orm nuair nach bhfeicfinn faram í.

Chuir mé i mo luí orm féin go mba mise an t-aon duine amháin a bhí faoi gheasa aici ag an tráth seo. Bhí mé an-éadmhar ina taobh. Níor mhaith liom í a roinnt le héinne eile beo. Bhí mé i ngrá léi siúd agus caithfidh go raibh sise i ngrá liomsa ar an dóigh chéanna.

Maidin amháin agus mé féin agus mo leathbhádóir, Seán, ag caint agus ag comhrá roimh an chéad rang, bhain sé stangadh uafásach asam.

‘B’fhearr go mór liomsa duine de na cailíní ón gclochar ná í siúd,’ ar seisean liom gan choinne.

Dhearg mé go bun na gcluas.

‘Ná cé hí?’ d’fhiafraigh mé de go neamhurchóideach mar dhea.

‘Francoise, cé eile?’

‘Canathaobh go ndeir tú é sin? Cad tá cearr léi?’ arsa mise, ag iarraidh a ligint orm nach raibh spéis dá laghad agam inti.

‘Níl faic cearr léi. An gceapann tusa go bhfuil sí níos fearr ná Bean Uí Néill mar mhúinteoir.’

‘Bhuel . . ní cheapaim. Bhí Bean Uí Néill níos fearr ach mar sin féin . .’

‘. . ní aontaím leat. Ceapaim go bhfuil Francoise níos fearr. Deirtear go bhfuil fear dá cuid féin aici thall i bPáras. Pierre is ainm dó. Caitheann sí an oíche ar fad ag labhairt leis ar an bhfón, de réir dealraimh.’

‘An . . . an . . mar sin é . .?’

‘. . dúirt Éamon Mac Aonghusa liom go n-ólann sí fíon agus go gcaitheann sí toitíní Gauloises. Chonaic sé oíche Dé Sathairn i dTábhairne Mhic Ghearailt í. Í ar meisce agus i dteannta an Pierre sin a bhí tagtha anall ón bhFrainc don deireadh seachtaine. Fear mór maol féasógach, deir sé. Ach is cuma liomsa faoi sin faid is a chabhraíonn sí liom marc ard a fháil sa scrúdú.’

Ní raibh na focail ach ráite aige nuair a tháinig Francoise . . Mademoiselle Dubois . . isteach an doras. Bheannaigh sí dúinn as Fraincis agus shuigh síos taobh thiar den mbord. Thóg sí leabhar as a mála agus thosaigh ag léamh os ard.

Dhearc mé timpeall an tseomra ranga. Bhí na buachaillí eile go léir agus a gcinn fúthu agus a n-aird ar fad ar a gcuid leabhar. Chrom mé anuas agus thóg mé mo leabhar Fraincise as mo mhála scoile. Thug mé sonc éadrom san uillinn do Sheán chun a fháil amach uaidh cén leathanach ar a rabhamar agus thaispeáin sé dom go discréideach é. Lean mé í ansin.

B’fhéidir go mba mise an t-aon ghamall amháin sa rang a bhí i ndeireadh na feide ag an ógbhean Fhrancach seo nár labhair mé riamh léi ach amháin nuair a bhí orm ceist a fhreagairt sa rang Fraincise? Lean sí uirthi ag léamh. Lig mé osna chléibh.

Bhí brionglóid agam an oíche sin ina bhfaca mé í i dteannta fathaigh fhéasógaigh. Bhí an bheirt acu ina seasamh ar bharr na haille. Bhí mise i bhfolach taobh thiar de thor aitinn ag breathnú orthu os íseal.

Shuigh siad ar charraig os mo chomhair amach agus phóg siad a chéile go ceanúil. Agus a ceann aici ar shlinneán an fhir mhóir fhéasógaigh, thug sí faoi deara mé. Leath an dá shúil uirthi le hionadh agus le halltacht.

Chuir sí cogar i gcluais an fhir. D’iompaigh sé siúd i mo threo agus cuma fhíochmhar, fhoréigneach ar a cheannaithe griandóite. D’éirigh agus rith i mo threo. Rinne mé iarracht ar éalú ach ní fhéadfainn.

Rug sé greim orm agus tharraing amach go himeall na haille mé. Labhair Francoise liom go feargach. Chuir sí i mo leith gur ag spiaireacht orthu a bhí mé. Ghríosaigh sí an féasógach mé a chaitheamh le haill.

Rug sé greim daingean orm agus bhrúigh thar imeall na haille mé. Thosnaigh mé ag titim i ndiaidh mo chinn . .

Phreab mé i mo dhúiseacht. Bhí mé ag crith le neart uafáis.

Bhí mo mháthair ag glaoch orm.

‘Buíochas le Dia ná raibh ann ach brionglóid,” arsa mise liom féin.

Thíos sa chistin le linn bricfeasta, labhair mo mháthair liom.

‘Conas atá ag éirí leat ar scoil na laethanta seo? Tá an t-am ag sleamhnú thart. Níl fágtha anois ach coicís. Tá súil agam go bhfuil tú ag staidéar go dian?’

‘Tá ag éirí go maith liom, a mham, sna hábhair go léir . . seachas . . an Fhraincis . .’

‘. . . an ea nach dtaitníonn an Fhraincis leat a thuilleadh? Cheap mé go raibh sé ar cheann de na hábhair ab fhearr leat?’

‘Bhuel, b’in mar a bhí ach ní mar sin atá cúrsaí a thuilleadh.’

‘Canathaobh, in ainm Dé? Dúirt tú liom roinnt seachtainí ó shin go raibh an múinteoir nua go han-mhaith ar fad?’

‘Bhí dul amú mór orm. Níl maitheas ar bith inti . . i . . Mademoiselle Dubois. Ní mhíníonn sí aon rud dúinn ach ag léamh as leabhar an t-am ar fad. Deirtear go mbíonn sí caoch ar meisce i dTábhairne Mhic Ghearailt gach deireadh seachtaine freisin. Is bíonn sí ag crochadh thart le fear garbh maol le féasóg mhór air ón bhFrainc atá i bhfad níos sine ná í. ‘Sé an trua é ná fuil Bean Uí Néill fós againn. Is í siúd an bhean a mhúinfeadh Fraincis dúinn, táim a rá leat.’