Ómós do Sheán Mac Mathúna 

Ómós do Sheán Mac Mathúna 

Mark Wickham

Bhí Seán Mac Mathúna, a bhásaigh ag deireadh na bliana seo caite in aois a 89 mbliana, ina mháistir ar an ngearrscéal, a deir a chara Eilís Ní Anluain

Is mar ghearrscéalaí is mó a chuaigh Seán Mac Mathúna i bhfeidhm ar léitheoirí agus ar scríbhneoirí araon. Is cuimhin liom ríméad m’athar Eoghan, seanchara le Seán, nuair a glacadh leis an moladh uaidh Ding a bheith mar leabhar na bliana ag Cumann Merriman i 1983, cnuasach gearrscéalta in ionad leabhar taighde mar a bhíodh ann de ghnáth. Cuireadh Ding ar na gcúrsa – mé ar choláiste ag an am - ach fós ba rud é a bhain le díocas m’athar seachas liom fhéin. Mar a chéile Merriman go dtí 2006 agus mé tosaithe ar an scríbhneoireacht. Bhí rogha scéalta Úlla, nuafhoilsithe agus cóip de ina láimh ag m’athair, shín chuig Seán é agus d’iarr air é a shíniú dom. Is mar sin fiche bliain ó shin a cuireadh in aithne muid. Léigh mé an leabhar, agus thuig mé ar deireadh díocas m’athar. Chuardaigh mé na bunchnuasaigh, mo sheanchóip de Ding agus ba mhó ná sásta a bhí m’athair a chóipeanna de Banana agus The Atheist a thabhairt ar iasacht dom. Órchiste léitheoireachta. Na domhain, na diminsiúin - an focal sin de chuid Sheáin - a bhí sna scéalta sin. Saol tuaithe agus baile a óige, saol na cathrach agus na hoibre, scéalta clasaiceacha agus osréalacha, insintí sa dá theanga nár ghlan aistriúcháin iad ach ainmneacha agus nathanna dá gcuid fhéin iontu. B’iontach mar a mhúscail na scéalta ionam, trí shúile a gcuid carachtar, na buachaillí óga sin - in ‘An Seamlas’, ‘Leaca an Tí Mhóir’, ‘Comhcheilg na Scáth’ agus ‘Táir’ - bá d’ainmhithe, gur beag a smaoinigh mé orthu roimhe sin. Éacht, an bhoige sin gan mhaoithneachas. Ní raibh aon amhras orm cé a d’iarrfainn mar oide nuair a chuirfinn isteach ar an scéim meantóireachta. Saibhriú ar mo shaol ab ea an cairdeas a d’eascair as sin, comhráití ar shiúlóidí agus i gcaiféanna cois trá agus ar an bhfón.

Comhairle a chuir Seán orm, a fhanann liom mar gur tuigeadh dom láithreach go raibh ciall leis agus gur ghlac mé léi, bhain sí le dréacht luath de Filleann Seoirse, a thosaigh le breathnú siar agus anailís ar an scéal a bhí le teacht. Is éard a mhol sé tosú le radharc, ach níorbh obair in aisce an réamhrá sin a dúirt sé, d’oibreodh sé i dtreo dheireadh an leabhair. Ba é a thuairim gur mó spéis a chuirfeadh léitheoirí i bpíosa mar sin agus an scéal léite acu, agus a gcuid tuairimí féin acu ag an tráth sin ar imeachtaí agus carachtair an scéil. Maidir le carachtair mhol sé gan lear mór sonraí a thabhairt agus duine á chur i láthair, ach an cur síos a bheith ina bhlúirí síos tríd, piobarú mar a thug sé air. Cur chuige a léiríonn stiúir ar an insint agus a chuireann go mór leis an taitneamh a bhainimse, mar léitheoir, as a chuid scéalta féin agus cur chuige a dhéanann eiseamláir dhúshlánach de mar scríbhneoir,. An obair, ‘the stitching and unstitching’, ceilte aige. Dar ndóigh tá stíl agus comharthaí sóirt ar leith ag gach scríbhneoir agus nuair a bhí méid áirithe den scéal léite aige, idir shúgradh agus dáiríre b’fhéidir, mhol Seán cúpla casadh i dtreo eile ar fad ná mar a bhí i gceist ná, go deimhin, a bheadh ar mo chumas. Ba chuma, bhí greann ann. Bhí tráth ann gur shíl mé go gcuirfinn agallamh air faoi na scéalta, ina gceann is ina gceann, mar a bhí déanta ag m’athair leis an Direánach - b’ionann an difríocht in aois eadrainn is a bhí eatarthu, ach níorbh ionann an comhthéacs ná ár bpearsantachtaí. Bhí an scríbhneoireacht ann, dar ndóigh, ach comhráití laethúla a bhíodh againn, a bhí cosúil ar bhealaí leis na comhráití a bhíodh agam lem athair ach éagsúil freisin dar ndóigh, faoi dhaoine, faoi alt in Comhar Feasta, faoi leabhar nua nó leabhar a bhí á athléamh, eachtraí óna óige i leith, ar muir agus ar tír, in Éirinn agus ar an gcoigríoch. Maolú ar an mbris tar éis bhás m’athar, Seán a bheith ann, a chuid grinn agus a chuid gaoise, comhluadar cuideachtúil, réchúiseach, taitneamhach. Grásta gur fhan sé chomh fada linn.

In eagrán Nollag 1970 de Comhar a foilsíodh an chéad ghearrscéal leis, ‘Éad’ (‘De Profundis’ in Ding) agus an chéad scéal i mBéarla ‘The Isle of Geese’ san Irish Press, ar an 12 Aibreán 1974. Trí bhunchnuasach gearrscéalta a thiocfadh uaidh, Ding (An Comhlucht Oideachais, 1983), The Atheist (Wolfhound, 1987) rogha 1988 na Comhairle Ealaíon do Dhuais Liteartha na hEorpa agus Banana (Cois Life, 1999) a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin na bliana sin. Tá na trí bhunchnuasach seo as cló le fada. Úlla (Cois Life, 2005) a luadh thuas - a bhfuil banana ar a chlúdach, casadh ar chlúdach Banana a raibh úll air - rogha scéalta ó Ding agus Banana atá ann, cúig cinn as gach leabhar, móide scéal nua amháin, ‘Nova Scotia’. Is maith ann an rogha scéalta seo agus é fós i gcló, ach níl ann ach an tríú cuid de na scéalta. Tá sé thar am gearrscéalta Sheáin Mhic Mhathúna ar fad a chur amach in aon imleabhar amháin, an dá chnuasach móide thart ar sé scéal a foilsíodh níos déanaí in irisí. Tá ábhar blurbanna sna léirmheasanna a tháinig amach tráth foilsithe na mbunchnuasach. B’fhiú go mór freisin na gearrscéalta Béarla a chur amach mar chomhleabhar leis na gearrscéalta Gaeilge, in aon cháschlúdach amháin. Cé nach raibh ach an t-aon chnuasach amháin i mBéarla, The Atheist, ina dhiaidh sin foilsíodh scéalta nua i mBéarla in irisí agus i gcnuasaigh le scríbhneoirí eile.

A bhuíochas le líon na nuachtán agus na n-irisí Béarla agus an tsuim a chuireadar i saothar Mhic Mhathúna is mó líon na léirmheasanna a bhí ar The Atheist ná an dá chnuasach Gaeilge. Tháinig mé ar léirmheas amháin ar Ding, Caoimhín Mac Giolla Léith (Comhar, Bealtaine 1983), dhá léirmheas ar Banana, Eoghan ó hAnluain (Feasta, Nollaig1999) agus Máirín Nic Eoin (Foinse, 9 Eanáir 2000). Agus léirmheas amháin i nGaeilge ar The Atheist le Liam Mac Cóil (Comhar, Feabhra 1988).

Tá an bharúil choiteann ann, gurb é atá in The Atheist leagan Gaeilge de Ding. Bhí sé seo le rá ag Brendan Kennelly (1987), ‘I understand that this is a translation from a book in Irish called Ding agus Scéalta Eile’. Agus ag Brian Ó Conchúir, ‘Aistríodh Ding go Béarla mar The Atheist’ (2015). Cé go bhfuil cuid mhaith den bhfírinne acu beirt is leor sracfhéachaint ar theidil agus ar chláir an dá leabhar le feiceáil nach bhfuil caidreamh simplí eatarthu. Mar a luadh thuas, dhá scéal déag atá in Ding agus cúig scéal déag atá in The Atheist, scéalta Ding lúide péire, ‘De Profundis’ agus ‘Homo Institutus’, móide cúig cinn a bheadh in Banana. Tá naoi scéal a bhfuil teidil éagsúla ar fad orthu, agus ní hionann ach an oiread ord na scéalta sa dá leabhar.

Teidil agus oscailtí an-éagsúil atá ar an dá chnuasach. ‘Ding’, teidealscéal agus céad-scéal an chéad chnuasaigh Ghaeilge, gearrscéal clasaiceach, insint níos tromchúisí ar an seantéama ná mar atá ag Frank O’Connor in ‘My Oedipus Complex’. ‘The Atheist’, teidealscéal an chnuasaigh Bhéarla agus ‘The Queen of Killiney’ an chéad scéal ann, teidil chorraitheacha a mheallfadh léitheoirí liobrálacha meánaicmeacha an Irish Times, gur ann a céad-fhoilsíodh ‘The Queen of Killiney’ cúpla bliain roimhe, aor ar Reifreann na bliana 1983, an tOchtú Leasú. Dhá scéal nua a bhí iontu seo, nach raibh sa chnuasach Ding. Ní hamháin sin ach bhíodar nua-aimseartha agus ó thaobh margaíochta is éasca a shamhlú gur tugadh tús áite dóibh mar nod nó comhartha do léitheoirí Béarla, más i nGaeilge a scríobhadh i dtosach formhór na scéalta nár bhaol dóibh ‘Níl muid i gKansas níos mó,’ nó ní buachaillí óga Chiarraí agus a bpeataí gadhair agus gabhair amháin atá anseo againn.

Tháinig mé ar chúig léirmheas déag Béarla ar The Atheist agus iad ar fad moltach. Kennelly arís:

I think for me it is one of the best books of short stories I have read certainly for decades for this reason that he has an extremely wide range of styles and he has brought back something to the short story that has been missing since Joyce. He has brought back the resonance of myth and parable and legend... He has some of the most beautiful phrases that I have read and that is very hard to do because you run the risk of colourful writing.

Bhí Fintan O’Toole, nach Ciarraíoch ná comhaosach é, chomh tógtha céanna leis:

So there is life in the Irish short story after all ... one of the most enjoyable I have read in years. In some of his stories he follows a Kafkaesque bent, strange and allegorical, but at his best he is very much in the tradition of O’Connor and O’Flaherty... such vigour, wit and imagination that there is hardly the whiff of cliché ... enjoyable for his playfulness, his streak of gleeful malice and his clear muscular prose... The underlying theme of defeat gives the book a unity unusual in a collection of stories (Sunday Tribune, 1987).

Ag tagairt dó do dhá scéal faoi leith, ‘Wedge’ agus ‘The Atheist’, tá an tOllamh Terence Brown, ar aon intinn le O’Toole faoi na scéalta réalacha:

The success of these two stories suggests that the realistic mode is his metier. But it is a realism ... charged with linguistic risk and a kind of stylistic energy which clumsy as it occasionally is, suggests a striking talent (Evening Press, 28 Eanáir 1988).

Luaitear i mbeagnach gach cuntas dhá chineál scéil a bheith ag an Mathúnach. Mar a tharlaíonn sé, in Ding, The Atheist agus Banana is ionann an líon scéalta réalacha agus na scéalta eile, bídís osreálach, fáthchiallach, ina bhfabhalscéalta nó ina n-aoir. Tá samplaí den téama céanna curtha i láthair ins na domhain éagsúla a chruthaíonn an Mathúnach, mar shampla, duine imeallaithe a ndéantar tromaíocht air i ngearrscéal traidisiúnta ‘Táir’ agus sa scéal fáthchiallach ‘Ciot’. É sin ráite ní bheadh rangú na scéalta ina dhá chineál cruinn amach is amach. Ag trácht dó ar ar ghearrscéal réalach clasaiceach a bhfuil clabhsúr iarnua-aoiseach leis fiafraíonn Caoimhín Mac Giolla Léith:

Arbh fhéidir go bhfuil iarracht de thuiscint den tionchar smachtúil teorannaithe atá ag an eachtraíocht thomhaiste a chleachtaítear sna scéalta tríd síos san aguisín forlíontach atá leis an scéal ‘Ding’? (Comhar, Bealtaine 1983)

Ní hé gach duine atá tógtha leis na scéalta neamhréalacha. Bhí David Marcus amhrasach faoi aoir a bheith i ngearrscéalta agus ní ghlacfadh sé leo. Ar an aon scéal déag a roghnaigh Cois Life do Úlla, níl ach trí cinn nach scéalta réalacha traidisiúnta iad. É sin ráite, tosaíonn an leabhar le ‘Na Quizmháistrí’ scéal osréalach amach is amach.

Sna léirmheasanna Béarla luaitear uaireanta, mar chúlra, gur i nGaeilge a scríobhadh na scéalta i dtosach, ach breathnaítear ar an leabhar mar shaothar ann féin. Ina léirmheas ar The Atheist pléann Liam Mac Cóil mar a chuaigh leaganacha de na scéalta céanna sa dá theanga i bhfeidhm air:

I dtosach shíl mé aisteach go leor go ndeachaigh scéalta an chnuasaigh seo i bhfeidhm níos mó orm ná a gcomhscéalta in Ding. Ach cén fáth an difear seo idir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla ó thaobh an chaoi ar fhreagair mé dóibh? B’fhiú do dhuine éigin staidéar a dhéanamh air seo ó thaobh an Rezeptionsasthetik de. I dtosach báire shíl mé go mb’fhéidir gur rud é a bhain le cumas an scríbhneora agus an léitheora sa dá theanga. Ach bhí orm cuimhneamh orm féin agus an teoiric ró-éasca seo a chur i leataobh go luath: bhí scéalta eile sa leabhar ar mhó a thaitin na leaganacha Gaeilge liom. Níor mhiste breathnú ar na scéalta astu féin. (Comhar, Feabhra 1988)

Luaitear ansin deisbhéalacht agus beocht stíle agus ‘micreacosma truamhéalach a léiríonn tubaiste mhacracosma’.

Téamaí uilíocha, an bochtanas agus an bás, a iompraíonn ‘Gadaithe’ agus ‘Leaca an Tí Mhóir’. Don léitheoir nár chás leis nó léi meath na teanga, d’oibreodh siad ar leibhéal na dtéamaí sin amháin. I ‘Leaca an Tí Mhóir’ tugtar an léitheoir isteach i ndomhan atá idir dhá theanga. Níl Learaí ná a athair ar a gcompord leis na comharsana seo a labhraíonn i mBéarla. Tá greann anseo. Greann dóite. Scéal é seo gur fiú go mór éisteacht leis á léamh ag Niall Tóibín (Cois Life, 2009). Tugann an buachaill bocht a ghabhar mar mhalairt ar ghreannáin do bhuachaill an tí mhóir. Nuair a théann sé ag iarraidh Méirín ní féidir leis í a fháil ar ais mar nach ann di níos mó. Meafar fíorchumhachtach ar an athrú teanga, nach rud sealadach a bhí ann ach rud buan. Sa dá scéal seo cuirtear inár láthair, ina steillbheatha, scéal na Gaeilge ar an tairseach idir bás agus beatha. Faigheann Daideo an bhuachalla in ‘Gadaithe’ bás sula bhfuil deireadh scéil inste aige. Tubaist i saol an bhuachalla ach tuigtear freisin gur tubaist faoi leith i saol na dúiche agus na tíre bás an chainteora dúchais agus an t-iompú ar an mBéarla:

Seo isteach i gcró na mbó mo mháthair agus coinnleoir tórraimh á shnasadh aici. ‘Tá an saol athraithe ó anocht. Amárach caithfidh an garsún seo an Béarla a labhairt. Thug m’athair a dhroim léi, ‘níl puinn den teanga sin againn’, ar seisean. Thóg mo mháthair coiscéim níos gaire. ‘Tá an t-aer ramhar le Béarla’. Ghlan m’athair síolta féir de mhuin an tairbh. ‘An airíonn sibh mé?’ ar sise, nuair a bhraith sí ár neamhshuim. ‘Ní raibh Béarla riamh sa tigh seo, ní raibh ná a scáth, buíochas le Dia geal na Glóire’. Níor thug sí aon toradh air ach labhair sí liomsa. ‘A thaisce gheal mo chroí seo mo chéad fholáireamh duit sa teanga ghallda: from on the morning out d’Inglis tongue only vill you spik – spik always d’Inglis. Ar airís m’fholáireamh?

I mo thuairimse, maidir le gearrscéalta Sheáin Mhic Mhathúna, is é ‘Gadaithe’ a mháistirshaothar agus é inchurtha le ‘The Dead’ le Joyce, ach fágfaidh mé an focal scoir ag m’athair a bhí an-tógtha leis an scéal seo ó céadfhoilsíodh é san iris Ghael-Mheiriceánach An Droichead i 1987. Tharraing sé aird air i Léacht Uí Chadhain 1990, sa Field Day Anthology i 1991 agus arís nuair a foilsíodh Banana:

Teanga faoi chulaith stíle ar leith a úsáideann Mac Mathúna ó thús go deireadh an scéil seo, í uasal, barántúil - reitric uasal mhaorga atá in fheiliúint do thromchúis an ábhair … Is dóigh liom gur éachtach an scéal é ‘Gadaithe’ ar dhá phríomhchúis: sa chéad áit an fuinneamh fíochmhar comhsheasmhach in insint an scéil, an stíl ard mhaorga a bhfuil cruóg na gnáthchainte ina orlaí tríthi agus sa dara háit toisc go sásaítear an fhiosracht ghéar a dhúisíonn tosach an scéil sa léitheoir. Dá dhorcha dubhach mar chúrsa é, claochlaítear an t-iomlán ina rud álainn annamh le deise labhartha agus le feabhas na scéalaíochta. Barr maise ar leabhar fíorshuntasach
(Feasta, Nollaig 1999).