Gúm na n-óg

Gúm na n-óg

D’éirigh leis an nGúm cáil a bhaint amach mar gheall ar na clasaicí a d’fhoilsigh siad do léitheoirí óga, a deir Claire Dunne

Cé nár luadh foilsiú litríocht do pháistí mar cheann d’aidhmeanna an Ghúim nuair a bunaíodh é i 1926, d’éirigh leis an nGúm cáil a bhaint amach mar gheall ar na clasaicí a d’fhoilsigh siad do léitheoirí óga, idir bhunsaothair agus aistriúcháin, le céad bliain anuas (Adams, 2020, lgh 152-153). Breathnófar san alt seo ar chúpla sraith chlasaiceach ón nGúm, ina measc na síscéalta a chuir Máiréad Ní Ghráda, Treasa Ní Ailpín agus Áine Ní Ghlinn in oiriúint don Ghúm, scéalta Eithne agus Tomás, agus an tsraith cháiliúil Bran. Féachfar ar an tuiscint a léirigh an Gúm do chúrsaí maisitheoireachta, agus ar an bhfás agus ar an bhforbairt a tháinig ar shaothair an Ghúim, ag teacht leis an athrú a bhí ag teacht ar phróifíl léitheoirí Gaeilge.

Leaganacha Gaeilge de Shíscéalta

Pléann síscéalta le téamaí uilíocha an ghrá, an bhróin, an chairdis agus téamaí eile nach iad. Tá tábhacht leanúnach leo i gcanóin litríocht na n-óg agus ní nach ionadh go raibh síscéalta ar sceideal foilsitheoireachta an Ghúim thar na blianta. Tá Tír na Deó (1938) ar cheann de na chéad síscéalta a chuir An Gúm amach agus Máiréad Ní Ghráda a thug faoin obair. Scríbhneoir cumasach a bhí inti. Óna taithí mar mhúinteoir agus mar scríbhneoir ar théacsleabhair d’fhoghlaimeoirí, thuig sí an cineál teanga a bhí ag teastáil ó fhoghlaimeoirí. Is leagan ar leith é Tír na Deó. Mar a mhíníonn Nic Lochlainn, bhí leagan simplithe a bhí thart ar leath chomh fada le bunleagan J. M. Barrie Peter Pan & Wendy de dhíth ar an nGúm. Bhain Ní Ghráda úsáid as trí leagan chun an leagan Gaeilge a chruthú: bunleagan Barrie, leagan simplithe Byron, chomh maith le leagan giorraithe scoile (2024, lch 261). Scríofa sa chló Gaelach, tá clár na bpictiúr le fáil ag tús an leabhair agus déanann sé seo tagairt do na líníochtaí dubh agus bán atá le fáil ann. Mar aon leis sin, baineadh úsáid as léaráidí Mabel Lucie Attwell sa leagan Gaeilge. Má fhéachtar go géar ar na léaráidí is féidir ainm an mhaisitheora Mabel Lucie Attwell a fheiceáil i bhfolach sa phictiúr. Seasann na léaráidí seo mar eadarlúid idir eachtraí an scéil agus níl siad san áireamh in uimhriú na leathanach. Mar shampla, idir leathanach 44 agus 45, tá pictiúr ciorclach de Bhláthín ag fuáil agus an abairt faoi, ‘D’fhuaigh sí an scáil go néata dá chois’.

Rinne an Gúm athchló sna 1980idí ar shraith síscéalta a d’fhoilsigh Máiréad Ní Ghráda le Longman, Brún agus Ó Nualláin sna 1960idí. Chuir Ní Ghráda cló traidisiúnta ar na scéalta, mar is léir ón tús a chuir sí leo: ‘Bhí fear ann fadó’ (Seán agus an Gas Pónaire) agus ‘Bhí fear agus a bhean ann aon uair amháin’ (Rápúnzell). Choinnigh Ní Ghráda an t-athrá faoi thrí a bhí dílis don bhunscéal, mar shampla, na trí chuairt ar an bhfathach i Seán agus an Gas Pónaire. D’úsáid sí athrá san fhriotal freisin mar mhodh chun páistí a thabhairt isteach ar an insint ó bhéal, mar atá sa sliocht thíos.

Chonaic an bhean na bláthanna áille. Chonaic sé na húlla deasa dearga ar na crainn. Chonaic sí an leitís agus na glasraí eile.’ (Rápúnzell, lch 8)

Tá athrá éifeachtach ann freisin i gcríoch an leabhair Codladh Céad Bliain:

‘Dhúisigh gach duine sa teach. Dhúisigh na madraí sa chlós. Dhúisigh na capaill sa stábla. Dhúisigh na héin ar bharr an tí. Dhúisigh na cuileoga ar na ballaí.’ (Codladh Céad Bliain, lch 48).

Is léir go raibh bua na scríbhneoireachta ag Ní Ghráda agus d’éirigh léi rím éifeachtach a thabhairt isteach sa leagan Gaeilge.

‘Féach sa scáthán. Déan do ghuí.

Féach sa scáthán agus gheobhaidh tú í.’ (Áille agus Brúid, lch 30).

Tá samplaí de rím dheas eile sa leabhar Rápúnzell.

‘A Rápúnzell sa túr ard thuas,

Scaoil do ghruaig chugam anuas.’ (Rápúnzell, lch 22)

Léiríonn alt Nic Lochlainn (2024, lch 255) gur chuir an Gúm spéis i gcúrsaí ealaíne ón tús agus lorg siad eolas faoi chaighdeán oibre ealaíontóirí áitiúla agus rátaí pá. Mar a luann Adams (2016), tháinig forbairt ar an tuiscint a bhí ag an nGúm do ról na léaráidí i leabhair do pháistí. Sa bhunsraith a d’fhoilsigh Máiréad Ní Ghráda le Longmans, Brún agus Ó Nualláin, ba é Eric Winter an maisitheoir. Tá cáil ar a stíl réalaíoch mhaisitheoireachta. Nuair a d’atheisigh An Gúm na leabhair, ba rogha mhaith a bhí ann an t-ealaíontóir agus an maisitheoir Jonathan Barry a tharraingt isteach sa scéal. Mar phéintéir é féin, tá stíl phortráide sna pictiúir agus tagann siad le stíl Eric Winter. Feictear leathanach iomlán le téacs an scéil taobh le leathanach iomlán de léaráid. Seasann na léaráidí mar shaothar ealaíne iontu féin ag insint cuid den scéal.

Faoi lár na seachtóidí, bhí Treasa Ní Ailpín, múinteoir agus cainteoir dúchais, ag cumadh amhrán agus rímeanna don óige. Ar na buanna a bhí aici, bhí sí in ann an stíl thraidisiúnta a úsáid chun rainn a chruthú do pháistí i suíomhanna uirbeacha (Mhic Mhathúna & Mac Con Iomaire, 2022, lch 86). D’fhoilsigh sí cúpla cnuasach dánta don aos óg leis an nGúm - Sonas is Só (1977) agus Timpeall an Tí (1979). Thug Treasa Ní Ailpín faoin tsraith Ladybird a chur ar fáil sa Ghaeilge freisin. Tháinig leaganacha Ní Ailpín sna sála ar shraith Ní Ghráda ón mílaois ar aghaidh. Éiríonn léi friotal spraíúil lán le rím a shníomh isteach sna scéalta. Mar shampla, in Na Trí Mhuicín, nuair a thagann an mac tíre, deir sé ‘Huth! Huth! Hó!’ agus ‘Huth! Huth! Hé!’ (Na Trí Mhuicín, lch 12). Léiríonn an tsraith úr an cur chuige éagsúil a bhí aici, ag teacht leis an athrú a bhí ar phróifíl léitheoirí Gaeilge. Ar chúl an leabhair Cinnín Óir agus na Trí Bhéar, tá míniú ann gur leagan simplí atá ann. Tá míniú ann freisin ar an gcur chuige atá ann in insint na scéalta. Choinnigh Ní Ailpín an t-athrá agus tá sé ráite aici gurb é is aidhm leis seo ná líofacht a chothú agus le gur féidir le páistí na habairtí a thuiscint, mar shampla, ‘Bhí eagla ar na páistí dul a chodladh. Bhí eagla ar na páistí dul amach ag súgradh. Bhí eagla orthu dul ar scoil.’ (An Píobaire Breac, lch 10).

Feictear athrú sa stíl mhaisitheoireachta sa tsraith seo. Is é Stephen Holmes a rinne na léaráidí. Scaipeann na léaráidí amach thar an dá leathanach. Tá níos lú téacs ar an leathanach agus tá an cló féin níos mó dá bharr. Déantar cur síos ar an stíl mhaisitheoireachta ar chúl an leabhair mar ‘léaráidí beoga atá dlúthcheangailte leis an scéal’. Is léir go bhfuil na léaráidí ann ar mhaithe le tacú le tuiscint na bpáistí (Nic Lochlainn, 2024, lch 255) ach cuireann an t-idirghníomhú idir léaráidí agus téacs leis an taithí léitheoireachta.

D’fhill An Gúm ar scéal Cinnín Óir agus na Trí Bhéar arís sa bhliain 2017. An uair seo, is ó pheann Áine Ní Ghlinn a tháinig an leagan seo. Mar is dual d’fhile, is insint i bhfoirm ríme atá ann.

‘Trí bhéar ag siúl is ag spraoi…

Béar mór. Béar an-mhór. Agus béirín beag buí.’ (lch 2)

Tá stíl spraíúil ag an maisitheoir Laura Jane Phelan. Tá aghaidheanna móra ar na carachtair agus súile móra acu, rud a oireann don leathanach agus don scáileán. Le freastal ar spéiseanna páistí comhaimseartha, tá físeán ar a bhfuil an t-údar ag léamh an scéil, ar fáil ar Youtube freisin.

Sraitheanna an Ghúim

Ó na 1970idí ar aghaidh, thosaigh an Gúm ag tabhairt faoi leabhair a fhoilsiú do pháistí níos minice (Adams, 2020, lch 164). Bhí go leor múinteoirí i measc na scríbhneoirí agus na n-aistritheoirí a d’earcaigh an Gúm le gurbh fhéidir an leagan Gaeilge a chur in oiriúint don aos óg. Chuir Ní Ailpín Gaeilge ar shraith Gunilla Wolde faoi Emma agus Totte. Bhí léitheoirí in ann eachtraí na gcarachtar Gaelach Eithne agus Tomás a leanúint i roinnt scéalta, mar shampla: Eithne agus an Bhruitíneach, Eithne agus an Fiaclóir; Deartháirín Eithne, Tomás agus Eithne á nGléasadh Féin, Tomás ag an Dochtúir agus Tomás san Uisce. Tá na bunleaganacha Sualainnise bunaithe ar théamaí a bhaineann le saol an pháiste, mar shampla, in Eithne agus an Bhruitíneach, níl Eithne róshásta leis an aird a fhaigheann Babaí nuair a thagann an bhruitíneach air. Déanann sí iarracht na spotaí beaga a phéinteáil uirthi féin. Tá an téacs ar bharr an leathanaigh agus tá insint shoiléir ann san aimsir láithreach. Tá stíl shimplí líníochta déanta le peann faoin téacs. Úsáidtear rogha theoranta de dhathanna agus tá cúlra bán leis na léaráidí. Seasann na haghaidheanna ciorclacha ar na carachtair óga amach dá bharr. Déanann méid fisiceach na sraithe soiléir gur do lámha beaga agus léitheoirí óga an leabhar féin.

Cuireadh fáilte mhór roimh an tsraith Spot ó Eric Hill. Tháinig leaganacha Gaeilge amach ag deireadh na nóchaidí, leis an gcarachtar Gaelach, Bran. Bhí an obair aistriúcháin ag croílár obair an Ghúim agus feictear nach bhfuil ainm faoi leith luaite mar aistritheoir ar an tsraith. Mar a deir Ó Raghallaigh (2020) b’iontach an uirlis bholscaireachta do leabhar é an clúdach maisithe (lch 119). I gcás na n-aistriúchán ar Spot, bhí an bhrandáil déanta cheana. Is leabhair chairtchláir iad a dhíríonn ar an luath-óige. Is i stíl chartúin atá na scéalta seo, le méid beag téacs agus léaráid mhór den phríomhcharachtar Bran. Tá spásáil chuí ann freisin idir línte an téacs. Tá blas Gaelach curtha ar na hainmhithe agus cloisimid ‘Múú’ ón mbó agus ‘Néeé’ ón gcapall. Mar a bhí ann sa tsraith Eithne agus Tomás, bíonn cúlra bán ann de ghnáth agus seasann na líníochtaí simplí clasaiceacha amach dá bharr. Is iomaí eachtra a bhíonn ag Bran agus cuireann na flapaí ar na leathanaigh go mór le hidirghníomhú an léitheora leis an téacs. Mar shampla, sa scéal Tugann Bran Cuairt ar an bhFeirm, cuirtear ceisteanna ar an léitheoir ‘An sa scioból atá siad?’ nó ‘An sa stábla atá siad?’ Caithfidh an léitheoir na doirse ar an scioból, ar an stábla srl. a oscailt chun féachaint an bhfuil na hainmhithe óga ann. I leabhair eile sa tsraith, mar shampla, Bran agus a Chairde ag Súgradh, tá greamáin ann agus is féidir na greamáin a úsáid arís is arís eile ar leathanaigh éagsúla. Mar theist ar an éileamh leanúnach atá ar Bran, tá pacáiste leabhar agus teidí ar fáil den scéal Cá bhfuil Bran? agus maítear gur féidir barróg a thabhairt do Bhran agus an scéal á léamh.

Focal Scoir

Mar a deir Adams (2020), ní thar oíche a d’fhoghlaim An Gúm ceird na foilsitheoireachta do pháistí óga (lch 152). Bhí borradh faoi na leabhair do pháistí a chuir An Gúm amach ó na 1970idí ar aghaidh. Is léir gur choinnigh siad súil ar an margadh idirnáisiúnta agus ar na leabhair a bhí á léamh i ndlínsí éagsúla. Féachadh chuige go mbeadh leagan Gaeilge ar fáil de na sraitheanna Ladybird, Bran, Emma agus Totte. Thacaigh na sraitheanna seo le leanúnachas sna carachtair agus sa seánra. Tháinig fás agus forbairt ar insint na síscéalta, agus ar an stíl mhaisitheoireachta, leis an tuiscint úr don léitheoir óg Gaeilge. Thuig An Gúm buneilimintí i scéal maith do pháistí agus tá sé sin soiléir ó na clasaicí a bhí i seomraí ranga agus i lámha beaga ó shin.

Léitheoireacht Mholta

Adams, R. (2020). Ag foghlaim ceirde: Foilseacháin an Ghúim do pháistí óga, 1926-70. In M. Coilféir (Eag,),
An Scéim: An Gúm 1926-2016 (lgh 151-194). An Gúm.

Mhic Mhathúna, M. & Mac Con Iomaire, M. (2022). Early childhood education and care provision through the medium of the Irish language. In N. Hayes & T. Walsh (Eds.) Early Childhood Education and Care in Ireland: Charting a Century of Developments (1921-2021)
(pp.75-99). Peter Lang.

Nic Lochlainn, C. (2024). Comhaid an Ghúim agus na haistriúcháin don aos óg, 1926-1951. In N. Volmering, C.M. Dunne, J. Walsh & N. Ó Murchadha (Eagí) Irish in Outlook: A Hundred Years of Irish Education (pp. 247–272). Peter Lang.

Ó Raghallaigh, M. (2020). Cuir síoda ar leabhar…
In M. Coilféir (Eag.), An Scéim: An Gúm 1926-2016
(lgh 119-140). An Gúm.