Tá saothrú suaithinseach déanta ag Pádraig Mac Fhearghusa ar an bhfilíocht ó d’fhoilsigh an Clóchomhar Tta a chéad chnuasach, Faoi Léigear, i 1980. Bhain Nótaí Treallchogaíochta ó ‘Suburbia’ an duais sa chomórtas oscailte filíochta, Béarla / Gaeilge, ag Seachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail, 1982. Ghnóthaigh Mearcair príomhdhuais filíochta Oireachtas 1996; bhain dánta as An Dara Bás príomhdhuais na bliana 2001, agus ghnóthaigh Oilithreacht na gCríoch Déanach príomhdhuais filíochta Oireachtas na Gaeilge, 2020.
Tá léitheoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge faoi chomaoin chéadach ag Pádraig Ó Snodaigh, a deir Pádraig Mac Fhearghusa