Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac Congáil

Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac Congáil

Eagarthóirí
John Walsh, Peadar Ó Muircheartaigh
Praghas
€20.00
  • ISBN: 9780992731380
  • Líon leathanach: 480
  • Bliain foilsithe: 2016
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Dúirt an Dr Aidan Doyle, Léachtóir Sinsearach Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh: ‘Is bailiúchán breá aistí é seo a thugann an-léargas dúinn ar na réimsí léinn ba mhó a chothaigh Nollaig Mac Congáil féin agus é i mbun taighde agus múinteoireachta. Bainfidh idir lucht acadúil agus an pobal mór an-taitneamh agus an-tairbhe as a bhfuil idir dhá chlúdach an leabhair.’

Tá daichead bliain caite ag Nollaig Mac Congáil ina Léachtóir agus ina Ollamh i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí, ina dhiaidh sin, ina Mheabhránaí agus Uachtarán Ionaid ar an ollscoil chéanna. Le linn an ama sin is ea a chuir sé go mór le léann na teangeolaíochta feidhmí agus na canúineolaíochta chomh maith le léann na meán Gaeilge. Tá aithne ag pobal léitheoireachta na Gaeilge air mar chraobh chosanta agus mar eagarthóir cáiréiseach ar go leor de sheoda liteartha Chúige Uladh.

Tuilleadh eolais

Clár anseo ina dtugtar liosta na n-aistí agus na n-údar atá sa leabhar.

Eagarthóirí

John Walsh

John Walsh

Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea an Dr John Walsh. Múineann sé an tsochtheangeolaíocht agus cúrsaí gaolmhara eile agus bhí sé ina Cheann ar Roinn na Gaeilge ó 2014 go 2015. Ó 2012 go 2015, ba é an Leas-Déan Taighde i gColáiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh é agus ó 2008 go 2012, bhí sé ina Chomh-Stiúrthóir ar an tionscadal náisiúnta siollabais An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal. Ar na spéiseanna taighde atá aige tá: an tsochtheangeolaíocht chriticiúil, sochtheangeolaíocht na Gaeilge, beartas teanga, idé-eolaíocht teanga, meáin teangacha mionlaigh, agus teanga agus forbairt shocheacnamaíoch. Foilsíodh an dara heagrán dá leabhar Contests and Contexts: the Irish language and Ireland's socio-economic development (Peter Lang, 2010) in 2012. Bhí sé ina chomheagarthóir ar Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac Congail (LeabhairCOMHAR, 2016) agus TG4@10: Deich mBliana de TG4 (Cló Iar-Chonnacht, 2008). Foilsíodh a chéad leabhar Díchoimisiúnú Teanga: Coimisiún na Gaeltachta 1926 in 2002 (Cois Life). Tá dlúthbhaint aige le gréasán Eorpach de chuid COST (European Co-operation in Science and Technology) a dhéanann taighde ar ‘nuachainteoirí’ teangacha éagsúla, an Ghaeilge ina measc.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…