Cion Fir: Aistí Thomáis Uí Fhloinn in Comhar

Cion Fir: Aistí Thomáis Uí Fhloinn in Comhar

Údar
Tomás Ó Floinn
Eagarthóir
Liam Prút
Praghas
€11.00
  • ISBN: 0-9526306-5-6
  • Bliain foilsithe: 1997
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Aistí critice agus léirmheasanna leis an gcriticeoir seo a raibh an oiread sin measa ag údair na Gaeilge air agus muinín acu as a bhreithiúnas. Foilsíodh na saothair seo ar Comhar an chéaduair idir 1942 agus 1987.

Eagarthóir

Liam Prút

Liam Prút

Iarbhráthair, iarmhúinteoir, iarléachtóir agus iaraistritheoir ba ea Liam, ach scríbhneoir ba ea é i gcaitheamh na mblianta sin go léir. Chuir sé na 'hiar'-anna sin laistiar de nuair a chuaigh sé ar scor sa bhliain 2002, agus ba scríbhneoir lánaimseartha é as sin ar aghaidh Scríbhneoir ilghníomhach, ilchumasach ba ea é a mbíodh raon leathan séanraí scríbhneoireachta mar chleachtas aige. Bhí taithí aige ar obair eagarthóireachta, agus ar aistí critice a scríobh mar aon leis an scríbhneoireacht chruthaitheach. Is mó díolaim filíochta foilsithe ag Liam, ina measc: Fíon as Seithí Óir (1972), Asail (1982), An Dá Scór (1984), An Giotár Meisce (1988), Loch Deirg-Dheirc (1994), Plumaí (1997), Gealadhram (2002) agus Cnap-Uaisle (2008). Bhí cáil air freisin mar úrscéalaí agus mar ghearrscéalaí. Désirée (1989), Geineasas (1991), An Leanbh sa Lamborghini (1996), Sna Flaithis go hArd (2011) mar úrscéalta aige agus Sean-Dair (1985), agus Scéalta nach Beag (2002) foilsithe mar chnuasaigh gearrscéalta. Léiriú eile ar réimse a cheirde ba iad na foilseacháin do pháistí. Foilsíodh Crúibín, scéal faoi shearrach agus a chuid eachtraíochta, sa bhliain 2002. Lean uaidh seo Cara ag Crúibín (2003), agus Crúibín agus an tAsal (2007).

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…