Seal sa Pholainn

Seal sa Pholainn

Údar
Alan Desmond
Praghas
€12.00
  • ISBN: 0955721709
  • Bliain foilsithe: 2007
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Sa bhliain 2003 thug Alan Desmond aghaidh ar an bPolainn chun Gaeilge a mhúineadh in Ollscoil Chaitliceach Lublin, in Oirthear na tíre sin. Conradh bliana a bhí aige agus is beag a shíl sé go bhfanfadh sé ceithre bliana ann. Chomh maith le cuntas beoga soléite a thabhairt ar na háiteanna éagsúla ar thug sé cuairt orthu tugann sé léargas tuisceanach dúinn sa leabhar seo ar mhuintir na Polainne féin, ar a ndílseacht don chreideamh Caitliceach, a mbá leis an bPápa Polannach, Eoin Pól II, agus a nósanna ag féílte eaglasta.

Tá cur síos freisin ar an éagóir a rinneadh ar an bPolainn le linn agus i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus ar na hathruithe a tháinig ar an tír ó cuireadh deireadh leis an réimeas cumannach inti agus an Pholainn anois ina ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh.

Agus breis agus 200,000 Polannach i bPoblacht na hÉireann faoi láthair is beag Éireannach nach mbíonn teagmháil acu ó am go chéile le duine acu.Is mór an chabhair an leabhar seo chun aithne níos fearr a chur orthu.

Údar

Alan Desmond

Scríbhneoir agus iriseoir is ea Alan Desmond. D'fhreastail sé ar an gColáiste Ollscoile Chorcaigh, áit a bhfuair sé bunchéim sa Dlí agus Gaeilge agus iarchéim sa Dlí Coiriúil. Tá ceithre leabhar foilsithe aige le LeabhairCOMHAR: An Foghlaimeoir Fásta (2006), Gaeilge agus Grá (2007), Seal sa Pholainn (2007), An Gaeilgeoir Grámhar (2011). Tá breis is céad alt foilsithe aige i The Irish Times, Comhar, Foinse, Feasta, agus Beo.ie.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…