Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg

Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg

Eagarthóir
Ríona Nic Congáil
Praghas
€20.00
  • ISBN: 9780955721793
  • Bliain foilsithe: 2012
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Tairiscint speisialta: Ceannaigh na 4 leabhar sa tsraith seo ar lascaine 50% anseo

Sa chnuasach seo, ceiliúrtar na scríbhneoirí bisiúla a raibh mórthionchar ag a saothair ar threo litríocht na n-óg le breis is céad bliain agus tugtar aitheantas don iarracht atá déanta ag foilsitheoirí éagsúla chun litríocht na n-óg a chothú agus a chur chun cinn thar na blianta.

Seo an chéad leabhar sa tsraith, tá na leabhair eile ar fáil ag na naisc seo:

Eagarthóir

Ríona Nic Congáil

Ríona Nic Congáil

Tógadh Ríona Nic Congáil i nGaillimh. Scríobh sí leabhar do pháistí nuair a bhí sí sa chéad bhliain san ollscoil, An Túr Solais (Coiscéim, 2004). D’fhoilsigh sí dhá leabhar eile do pháistí ina dhiaidh sin: An Leabhar Órga (Coiscéim, 2006) agus Saol an Mhadra Bháin (LeabhairCOMHAR, 2011). Idir 2007 agus 2012, bhí sí i mbun ‘Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge’, a chuir gréasán tacaíochta ar fáil do scríbhneoirí nua na Gaeilge. Chuir sí dhá eagrán speisialta de Comhar in eagar: Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Deireadh Fómhair 2009); Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Meán Fómhair 2010). Bhain sí Ph. D. amach sa Nua-Ghaeilge ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 2009. I measc a cuid foilseachán tá Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach (Arlen House, 2010), Úna Ní Fhaircheallaigh: Smaointe Ar Árainn/Thoughts on Aran (eag.) (Arlen House, 2010, 2014), Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg (eag.) (2012), Laethanta Gréine & Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg (comheag.) (2013), agus Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain: Imleabhar I agus Imleabhar II (comheag.) (2015).

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…