Bóthar na Rós

Bóthar na Rós

Údar
Orna Ní Choileáin
Praghas
€12.00
  • Sraith: Foghlaimeoir Fásta
  • ISBN: 9780992731366
  • Líon leathanach: 106
  • Bliain foilsithe: 2015
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Is iomaí uair sa saol nach dtéann rudaí de réir mar a bhíonn beartaithe. Nuair a chuirtear Cillian ó dhoras ón gcéad lá agus é ar tí tabhairt faoi chúrsa bhreisoideachas, bíonn dianbheartas le déanamh aige. Tá sé ar bheagán airgid agus é gan dídean. Tá cinntí le déanamh. Cá fhad ar féidir leis an scéal a choimeád faoi rún sula ndéantar ceap magaidh dó os comhair cách?

Údar

Orna Ní Choileáin

Orna Ní Choileáin

Tá gradaim sa phrós cruthaitheach, san fhilíocht, sa drámaíocht agus sa ghearrscéalaíocht buaite ag Orna Ní Choileáin ag Oireachtas na Gaeilge agus ag féilte Gaelacha eile. Tá dhá chnuasach gearrscéalta léi foilsithe: Sciorrann an tAm (ar ghearrliosta Gradam Uí Shúilleabháin 2014) agus Canary Wharf, chomh maith le sraith úrscéal vaimpíre, saothair eile do léitheoirí óga agus Bóthar na Rós, úrscéal d’fhoghlaimeoirí fásta (LeabhairCOMHAR, 2016).

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…