Fadó Riamh… Ag an Tús…

Fadó Riamh… Ag an Tús…

Údar
Áine Ní Ghlinn
Praghas
€10.00
  • Sraith: Ficsean
  • ISBN: 978-1-9998029-2-9
  • Bliain foilsithe: 2018
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Fadó riamh ní raibh ann ach an Spéir Thuas agus an Fharraige Thíos…

Fadó riamh ní raibh ann ach Folús... 

Sa chnuasach seo tá scéalta miotaseolaíochta faoi chruthú an domhain ó chultúir éagsúla ar fud an domhain. A leagan féin den scéal ag gach cultúr. Scéalta soléite iad seo ón Astráil, ó Bhundúchasaigh Mheiriceá, ó Guatamala, ó Alasca, ón tSín, ón India, ón Nigéir, ó Chríoch Lochlainn, ón nGréig, ón Afraic Thiar, ón Éigipt agus ón Ungáir.

Bhain an leabhar seo duais ag Comórtas Liteartha an Oireachtais 2016.

About the book

Humanity has always tried to make sense of its origins – how the earth came into being. 
This collection brings together stories from diverse cultures representing the rich tradition of mythology surrounding the creation of the world, retold for the adult learner.

This book won a prize at Comórtas Liteartha an Oireachtais 2016. 

Údar

Áine Ní Ghlinn

Áine Ní Ghlinn

Tá 30 leabhar scríofa ag an scríbhneoir, léachtóir agus craoltóir Áine Ní Ghlinn go dtí seo. Ina measc seo tá scéalta, filíocht agus drámaí do léitheoirí óga chomh maith le húrscéalta agus filíocht do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Chaith sí roinnt blianta ag obair mar iriseoir le RTÉ agus Raidió na Gaeltachta. Faoi láthair roinneann sí a cuid ama idir léachtóireacht in DCU, ceardlanna scríbhneoireachta i ngaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta agus a cuid scríbhneoireachta féin. Tá go leor gradam buaite aici dá saothar.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…