Fadó Riamh… Ag an Tús…

Fadó Riamh… Ag an Tús…

Údar
Áine Ní Ghlinn
Praghas
€10.00
  • Sraith: Foghlaimeoir Fásta
  • ISBN: 978-1-9998029-2-9
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Fadó riamh ní raibh ann ach an Spéir Thuas agus an Fharraige Thíos…

Fadó riamh ní raibh ann ach Folús...

Sa chnuasach seo tá scéalta miotaseolaíochta faoi chruthú an domhain ó chultúir éagsúla ar fud an domhain. A leagan féin den scéal ag gach cultúr. Scéalta soléite iad seo ón Astráil, ó Bhundúchasaigh Mheiriceá, ó Guatamala, ó Alasca, ón tSín, ón India, ón Nigéir, ó Chríoch Lochlainn, ón nGréig, ón Afraic Thiar, ón Éigipt agus ón Ungáir.

About the book

Humanity has always tried to make sense of its origins – how the earth came into being. This collection brings together stories from diverse cultures representing the rich tradition of mythology surrounding the creation of the world, retold for the adult learner.

Údar

Áine Ní Ghlinn

Áine Ní Ghlinn

Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine. Tá ocht leabhar is fiche scríofa aici — cúig chnuasach filíochta do dhaoine fásta agus trí leabhar is fiche do dhéagóirí agus do léitheoirí óga. Chaith sí roinnt blianta ag obair mar iriseoir le RTÉ agus Raidió na Gaeltachta. Chaith sí seal freisin ina léachtóir le Fiontar. Ina dhiaidh sin chaith sí roinnt blianta ag obair go lánaimseartha ar leabhair do pháistí agus ar scripteanna do Ros na Rún, TG4. Faoi láthair roinneann sí a chuid ama idir léachtóireacht i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann, scríbhneoireacht do léitheoirí óga agus ceardlanna scríbhneoireachta a chur ar fáil do dhaltaí scoile (iad seo maoinithe ag COGG). Tá go leor gradam buaite aici. Bronnadh Gradam Réics Carló Leabhar na Bliana, Gradam Ficsin Leabhair Pháistí Éireann agus Gradam Leabhar na Bliana de chuid Chumann Litearthachta na hÉireann ar Daideo. Bronnadh Gradam Ibby ar Brionglóidí agus tá go leor duaiseanna eile buaite aici dá saothar drámaíochta agus filíochta agus dá húrscéalta do pháistí.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…