Fianaise

Fianaise

Údar
Mícheál Ó Ruairc
Praghas
€10.00
  • Sraith: Foghlaimeoir Fásta
  • ISBN: 978-0-9571593-2-7
  • Bliain foilsithe: 2012
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Úrscéal spleodrach, eachtrúil atá sa leabhar seo. Tá sraithdhúnmharfóir síceapatach ag imeacht le scód amuigh ansin agus laprinceoirí i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh á gcur chun báis aige go míthrócaireach, barbartha, sádach. Titeann cúram a ghabhála ar an mBleachtaire Cathal ‘Kojak’ Ó Cearúil ach an mbeidh sé in ann an dubh a chur ina gheal ar an sraithmharfóir seo a dtugtar an Elusive Pimpernel mar leasainm air nó an leanfaidh a réimeas scanraidh ar aghaidh is ar aghaidh? Baintear úsáid as Gaeilge shimplí, shothuigthe agus tugtar míniú ar fhocail agus ar nathanna deacra.

About the book

A serial killer is on the loose, preying on lapdancers in Dublin and Cork. Will detective Cathal 'Kojak' Ó Cearúil succeed in apprehending the Elusive Pimpernel or will his reign of terror continue?

Údar

Mícheál Ó Ruairc

Mícheál Ó Ruairc

Rugadh Mícheál Ó Ruairc i mBréanainn sa Leitriúch in Iarthar Chiarraí i 1953. Tá ceithre chnuasach filíochta agus trí húrscéal déag foilsithe aige as Gaeilge. Foilsíodh cnuasach amháin filíochta as Béarla, Humane Killing (Aisling Press, 1992). In 2007 bronnadh an chéad duais agus Buantrófaí Chonradh na Gaeilge air as dán Gaeilge ag an 18ú Féile Idirnáisiúnta Filíochta Dhún Laoghaire/Rath an Dúin. Tá réimse leathan ábhar do pháistí scríofa aige agus i measc na leabhar atá i gcló aige tá An bhFaca Éinne Agaibh Roy Keane? (Coiscéim, 2003); I bhFad Ó Bhaile (Coiscéim, 2004); Róisín i dTír na Sean (Coiscéim, 2005); Na Lucha ag Rince (Cló Iar-Chonnacht, 2009). Faoi láthair is é an t-ionadaí Gaeilge ar Bhord Áras na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath. Roimhe sin chaith sé tréimhsí ar bhord bainistíochta an nuachtáin Anois agus na hirise Comhar. Bhuaigh a chéad chnuasach gearrscéalta Daoine a Itheann Daoine (Cló Iar-Chonnacht, 2010) an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais in 2010. D’fhoilsigh Cois Life Tóraíocht Taisce, scéal eachtraíochta do dhéagóirí, sa bhliain 2011 agus d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR Fianaise, scéinséir do dhaoine fásta, in 2012. Bhuaigh an bailiúchán dhátheangach filíochta, Dambatheanga/Damlanguage (Arlen House, 2014) an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais in 2014.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…