Dialann Emily Porter: An Jailtacht

Dialann Emily Porter: An Jailtacht

Údar
Richie Conroy
Maisitheoir
Don Conroy
Praghas
€12.00
  • Sraith: An Saol Óg
  • Aoisghrúpa: Déagóirí+
  • ISBN: 9781999802950
  • Bliain foilsithe: 2018
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Bhí plean déanta ag Emily Porter dá laethanta saoire samhraidh i 1994; bhí sí chun fanacht sa leaba go dtí meán lae agus an chuid eile den lá a chaitheamh lena cara is fearr, Olivia. Ach i ngan fhios di, bhí plean eile ag a tuismitheoirí. Plean cruálach. Plean gránna. Plean díoltasach… Bhí Emily le cur in aghaidh a tola, chuig Coláiste Samhraidh sa Ghaeltacht – nó An Jailtacht mar a thug Emily air!

Seo an chéad leabhar sa tsraith, tá an dara leabhar 'Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas Seal' ar fáil anseo.

About the book

History is written by heroines who took bold stands against their oppressors in the name of justice. From Joan of Arc to Emmeline Pankhurst, from Rosa Parks to me, Emily Porter. This is the story of how, in the Summer of 1994, I stood up against my Oppressors (my parents) and how I came out the other side a changed person. It’s a tale of a lost teenager, of lost innocence, and a lost pair of white Pepe jeans (I’m not too worried about the innocence but I really miss those jeans).

This is the first book in the series, the second book 'Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas Seal' is available here.

Údar

Richie Conroy

Richie Conroy

Is scriptscríbhneoir é Richie Conroy a oibríonn ar go leor cláracha teilifíse agus scannáin don aos óg. Tá gearrscéalta a scríobh sé foilsithe sa leabhar Saibhreas (Mentor Press). Is é Dialann Emily Porter: An Jailtacht a chéad úrscéal.

Tuilleadh eolais

Maisitheoir

Don Conroy

Seanchara le Socky agus Zig & Zag ar The Den (cur ceist ar do thuismitheoirí!), is údar agus maisitheoir é Don Conroy agus tá neart leabhar maisithe aige do dhaoine óga. Is aisteoir é Don freisin - Moone Boy (SKY), Roy (CBBC) agus ‘Fran: Assistant Manager' (TV3). Thaithin sé go mór leis bheith ag comhoibriú lena mhac Richie ar an leabhar seo.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…