Foghlaí Mara Monte Carlo

Foghlaí Mara Monte Carlo

Údar
Orna Ní Choileáin
Praghas
€10.00
  • Sraith: An Saol Óg
  • Aoisghrúpa: 10–13
  • ISBN: 9780993494611
  • Líon leathanach: 103
  • Bliain foilsithe: 2017
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

In ainneoin saol na bhfuíoll a bheith ag Zoé in Monte Carlo, cuireann sí roimpi taisteal go tír dhúchasach a peata, an phearóid liath Afracach. Chuige sin, glacann sí seilbh ar luamh a hathar agus í féin mar chaptaen air. Cailín misniúil is ea Zoé nach ligeann do rud ar bith cur as dá pleananna, fiú a leithéid de gheit agus folachánaí coimhthíoch a aimsiú ar bord. Scéal eile, áfach, is ea Giórgos, an comharsa fiosrach Gréagach.

Seoid sholéite, éadrom é seo – ní thógfaidh sé i bhfad ar an léitheoir óg é a shlogadh siar.

Bhuaigh an leabhar seo duais i gcomórtas liteartha an Oireachtais.

About the book

Feisty teenager Zoé abandons the high life in Monte Carlo for the high seas, captaining her father’s yacht, to bring her grey parrot to his native Africa. A stowaway won’t scupper her plans... but her nosy neighbour might...

Údar

Orna Ní Choileáin

Orna Ní Choileáin

Tá gradaim sa phrós cruthaitheach, san fhilíocht, sa drámaíocht agus sa ghearrscéalaíocht buaite ag Orna Ní Choileáin ag Oireachtas na Gaeilge agus ag féilte Gaelacha eile. Tá dhá chnuasach gearrscéalta léi foilsithe: Sciorrann an tAm (ar ghearrliosta Gradam Uí Shúilleabháin 2014) agus Canary Wharf, chomh maith le sraith úrscéal vaimpíre, saothair eile do léitheoirí óga agus Bóthar na Rós, úrscéal d’fhoghlaimeoirí fásta (LeabhairCOMHAR, 2016).

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…