An Uaigh

An Uaigh

Údar
Laoise Ní Chléirigh
Praghas
€12.00
  • Sraith: Guth Nua
  • ISBN: 978-0-9571593-8-9
  • Bliain foilsithe: 2013
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Agus tú faoin talamh i gcónra lofa, in uaigh anaithnid - céard a dhéanfá?

''Uaigheanna na mbochtán a tugadh orthu. I gceann de na huaigheanna siúd, í dearmadta ag chuile dhuine, tá cailín sé bliana déág d'aois, í fós ag streachailt léi...''

Pléascann tinte ealaíne go hard sa spéir os a cionn agus í ag éalú. Fórsa láidir éigin a tharraingíonn í chuig Lios na nÓg, teach mór galánta ar bharr an chnoic. An bhféadfaí go bhfuil cumhacht aduain ag an bhfuineog mhistéireach atá sa chúlgairdín?

Suite ar chósta thoir na hÉireann is scéal dorcha é An Uaigh, scéal faoi dhúnmharú, sceitheamh agus domhan diamhair atá in Éirinn an lae inniu i ngan fhios d'éinne. Ní féidir leis an gcailín cróga seo aon nóiméad a ligean amú agus í ag iarraidh iad siúd atá i mbaol a thabhairt slán.

Tá Daragh, dhlíodóir óg ina chabhair mhór di ach is ag snámh in aghaidh na tuile atá siad.

Ach an dúshlán is mó atá rompu ná rún mór a choinneáil faoi cheilt...

---

Do dhéagóirí: scéal dorcha diamhair faoi dhúnmharú agus faoi rúin ar chósta thoir na hÉireann. An mbeidh cailín óg cróga in ann iad siúd atá i mbaol a thabhairt slán? Tá sí ag iarraidh rún a choimeád faoi cheilt ach an mbeidh sí in ann sin a dhéanamh?

About the book

A dark, mysterious tale for teenagers involving murder and intrigue on the east coast of Ireland.

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…