Ríomh-Scéalta Chuig Bilí

Ríomh-Scéalta Chuig Bilí

Údar
Liam Mac Uistín
Praghas
€6.00
  • ISBN: 0955047781
  • Bliain foilsithe: 2007
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Tá Learaí Ó Laoire ag freastail ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht. Teach Hilton a thugann na scoláirí ar an teach ina a bhfuil sé ag fanacht mar go bhfuil sé ‘chomh deas sin’. Tá súil aige ar Mháirín, cailín i dteach Hollywood, mar atá ag roinnt buachaillí eile. Sna ríomh-scéalta a chuireann Learaí chuig a chara Bilí i mBaile Átha Cliath tá cur síos ar a chuid iarrachtaí Máirín a mhealladh agus ar an gcaidreamh a bhíonn aige leis na scoláirí eile ar an gcúrsa.

Scéal simplí é seo a bheadh oiriúnach do oiriúnach do dhéagóirí óga san aoisghrúpa 12–15 bliain.

Údar

Liam Mac Uistín

Liam Mac Uistín

Rugadh Liam Mac Uistín sa bhliain 1938 agus tá an-cháil ar dhrámaí agus scéalta leis bunaithe ar sheanchas na hÉireann. Cuireadh drámaí stáitse, teilifíse agus raidió leis i láthair i go leor tíortha Eorpacha agus i gCeanada, an Astráil agus sa Nua-Shéalainn, chomh maith le stáitsí Amharclann na Mainistreach agus na Péacóige i mBaile Átha Cliath. Bhí neart duaiseanna liteartha buaite ag a chuid drámaí agus scéalta, ina measc duais an Oireachtais dá úrscéal Esperanza (An Clóchomhar, 1994) agus duais RTÉ dá dhráma The Glory and the Dream. Ainmníodh na drámaí raidió Post Mortem agus An Breac don Prix Italia agus aistríodh ar ball iad go hEabhrais agus neart teangacha Eorpacha. Ba údar é ar an leabhar móréilimh do dhaoine óga bunaithe ar an eipic, The Táin (O’Brien Press, 1989). I measc a chuid saothar eile tá Mac an Easpaig (An Clóchomhar, 1997), An Ród Seo Romham (Comhar, 2006) - leabhar faisnéise ar Phádraig Mac Piarais, agus na drámaí An Bairéad Gorm agus Soldiers. Sa bhliain 1976, bhuaigh sé comórtas le teacht ar dhán oiriúnach don leacht sa Gháirdín Cuimhneacháin ar Chearnóg Parnell. Ba bhall Liam d'Áras na Scríbhneoiri leis an blianta. Bhuaigh dán Liam, ‘An Aisling’, an comórtas úd agus tá an dán inscríofa ar an leacht as Gaeilge, Béarla agus as Fraincis.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…