Hata Oisín

Hata Oisín

Údar
Áine Ní Ghlinn
Maisitheoir
Carol Betera
Praghas
€12.00
  • Sraith: An Saol Óg
  • Aoisghrúpa: 4–7
  • ISBN: 978-0-9934946-0-4
  • Líon leathanach: 32
  • Bliain foilsithe: 2016
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Tá Oisín ag iarraidh hata nua. Tá sé deacair rogha a dhéanamh, áfach. Tá an oiread sin hataí le feiceáil ar fud na háite — ar an tsráid, sa siopa… gan trácht ar na hataí a eiceann sé sa scáthán.

Leabhar álainn do pháistí óga scríofa ag Áine Ní Ghlinn agus maisithe le híomhánna daite ag Carol Betera.

About the book

Oisín is looking for a new hat. It’s so hard to decide though. There are so many hats everywhere — on the street, in the shop… not to mention the hats he sees on his own head in the mirror.

Údar

Áine Ní Ghlinn

Áine Ní Ghlinn

Tá 30 leabhar scríofa ag an scríbhneoir, léachtóir agus craoltóir Áine Ní Ghlinn go dtí seo. Ina measc seo tá scéalta, filíocht agus drámaí do léitheoirí óga chomh maith le húrscéalta agus filíocht do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Chaith sí roinnt blianta ag obair mar iriseoir le RTÉ agus Raidió na Gaeltachta. Faoi láthair roinneann sí a cuid ama idir léachtóireacht in DCU, ceardlanna scríbhneoireachta i ngaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta agus a cuid scríbhneoireachta féin. Tá go leor gradam buaite aici dá saothar.

Tuilleadh eolais

Maisitheoir

Carol Betera

Dearthóir í Carol Betera. Tá mórán leabhar do pháistí maisithe aici, d’údair ar nós Eilís Ní Dhuibhne, Eilís Dillon, Carolyn Swift, Mary Beckett, Michael Comyns, Siobhán Parkinson, Gabriel Rosenstock, Maria Boden, agus Eithne Ní Ghallchobhair.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…