Giolcaireacht sa Ghairdín

Giolcaireacht sa Ghairdín

Údar
Marie Whelton
Maisitheoir
Frank Endersby
Praghas
€12.00
  • Sraith: An Saol Óg
  • Aoisghrúpa: 4–8
  • ISBN: 978-1-9998029-4-3
  • Líon leathanach: 46
  • Bliain foilsithe: 2018
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Cág cosdearg ab ea Maigí. Lá amháin, chuir sí aithne ar Lilí i ngairdín Mhamó. Thaitin sé leis an mbeirt acu giolcaireacht a dhéanamh.

Tugann na léaráidí sa phictiúrleabhar seo léargas álainn ar thréithe na gcág cosdearg agus taiscéalann an scéal ról ghiolcaireacht na naíonán i sealbhú na teanga.

About the book

Maigí was a red-billed chough. One day, she met Lilí in Mamó’s garden.They both loved to chatter and babble.

The illustrations in this picturebook give a beautiful insight into the traits of the red-billed chough and the story explores the role of infant babble in language acquisition.

Údar

Marie Whelton

As Iarthar Chorcaí ó dhúchas do Marie Whelton. Is léachtóir le Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino. Tá leabhair agus ailt foilsithe aici ar ghnéithe éagsúla d’eitic agus d’aeistéitic litríocht na Gaeilge agus litríocht Ghaeilge na n-óg. Ina theannta sin, tá áiseanna deartha aici d’fhoghlaimeoirí fásta teanga agus do bhunmhúinteoirí a fhaigheann a gcáilíochtaí oideachais thar lear. Bhronn Éigse Éireann, i gcomhar le Cumann Múinteoirí Éireann, cónaitheacht scríbhneora uirthi sa bhliain 2014 in Ionad Tyrone Guthrie, Eanach Mhic Dheirg. I measc na bhfoilseachán a raibh sí ina húdar orthu tá: Nuair a Stadann an Ceol (LeabhairCOMHAR, 2013 agus 2015) a ghnóthaigh duais ag Comórtais Liteartha an Oireachtais agus Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008). Ba chomhúdar í ar Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2009) agus ar Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin Don Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2006). Is ball í de choiste comhairleach maidir le haistriúchán An Leabhar Aifrinn Rómhánach (eagrán altóra nua) a d'fhoilsigh Veritas sa bhliain 2017.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…