Bronnann an leabhar seo, agus an micreashuíomh gréasáin comhdhail.comhar.ie atá ina chompánach leis, cuntas cuimsitheach orainn ar cheann de na heagraíochtaí is tábhachtaí a raibh lámh acu le Gluaiseacht na Gaeilge san fhichiú haois, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ó thús go deireadh a saolré. Tá scéal na Comhdhála ina scáthán ar imeachtaí deonacha, go speisialta, na Gaeilge san aois seo caite agus tugann an leabhar an-taifead ar an dúthracht a thug scata mór díograiseoirí chun cás na teanga a fheabhsú agus a neartú.
Tá stair seo na Comhdhála bunaithe den chuid is mó ar bhunfhoinsí a thugann léargas ar éagsúlacht agus ilghnéitheacht na réimsí oibre ar thug an Chomhdháil fúthu. Saibhrítear an cuntas seo le peannphictiúir ó dhaoine a raibh nasc áirithe acu leis an gComhdháil.
Micreashuíomh gréasáin
Tugann an micreashuíomh gréasáin comhdhail.comhar.ie, atá ina chompánach leis an leabhar, léargas breise ilmheán ar scéal na Comhdhála. Cuimsíonn sé seo taisce taispeántán a bhaineann le stair Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, sraith trí chlár raidió arna léiriú ag Aonghus Ó Lochlainn, agus ábhar eile. Tabhair cuairt ar an suíomh anseo.