Leathbhádóirí

Leathbhádóirí

Údar
Marie Whelton
Praghas
€10.00
  • Sraith: Foghlaimeoir Fásta
  • ISBN: 978-1-9998029-0-5
  • Bliain foilsithe: 2017
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Tar éis dó tréimhse a chaitheamh ar imirce, déanann Naoise cinneadh tapa filleadh, mar dhuine fásta, ar a shráidbhaile dúchais cois farraige. Tá sé de rún aige an chomaoin a chuir a sheanmháthair air agus é ina bhuachaill óg a chúiteamh. Diaidh ar ndiaidh, foghlaimíonn sé nach é an comórtas rámhaíochta is tábhachtaí di ach gurb é mian a croí a garmhac a fheiceáil sona. Is scéal é seo faoin tslí a gcabhraíonn an dara seans le daoine an rud atá i ndán dóibh a bhaint amach, agus faoin tslí a dtéann an dá ghlúin i ngleic le dúshláin na seanaoise agus na cailliúna.

About the book

Having worked abroad, Naoise returns to his home village, intending to repay his grandmother for her kindness and to fulfil a rowing dream for her. This story explores the importance of second chances and how both generations deal with old age and loss.

Údar

Marie Whelton

As Iarthar Chorcaí ó dhúchas do Marie Whelton. Is léachtóir le Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino. Tá leabhair agus ailt foilsithe aici ar ghnéithe éagsúla d’eitic agus d’aeistéitic litríocht na Gaeilge agus litríocht Ghaeilge na n-óg. Ina theannta sin, tá áiseanna deartha aici d’fhoghlaimeoirí fásta teanga agus do bhunmhúinteoirí a fhaigheann a gcáilíochtaí oideachais thar lear. Bhronn Éigse Éireann, i gcomhar le Cumann Múinteoirí Éireann, cónaitheacht scríbhneora uirthi sa bhliain 2014 in Ionad Tyrone Guthrie, Eanach Mhic Dheirg. I measc na bhfoilseachán a raibh sí ina húdar orthu tá: Nuair a Stadann an Ceol (LeabhairCOMHAR, 2013 agus 2015) a ghnóthaigh duais ag Comórtais Liteartha an Oireachtais agus Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008). Ba chomhúdar í ar Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2009) agus ar Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin Don Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2006). Is ball í de choiste comhairleach maidir le haistriúchán An Leabhar Aifrinn Rómhánach (eagrán altóra nua) a d'fhoilsigh Veritas sa bhliain 2017.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…