Marie Whelton

As Iarthar Chorcaí ó dhúchas do Marie Whelton. Is léachtóir le Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino. Tá leabhair agus ailt foilsithe aici ar ghnéithe éagsúla d’eitic agus d’aeistéitic litríocht na Gaeilge agus litríocht Ghaeilge na n-óg. Ina theannta sin, tá áiseanna deartha aici d’fhoghlaimeoirí fásta teanga agus do bhunmhúinteoirí a fhaigheann a gcáilíochtaí oideachais thar lear. Bhronn Éigse Éireann, i gcomhar le Cumann Múinteoirí Éireann, cónaitheacht scríbhneora uirthi sa bhliain 2014 in Ionad Tyrone Guthrie, Eanach Mhic Dheirg. I measc na bhfoilseachán a raibh sí ina húdar orthu tá: Nuair a Stadann an Ceol (LeabhairCOMHAR, 2013 agus 2015) a ghnóthaigh duais ag Comórtais Liteartha an Oireachtais agus Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008). Ba chomhúdar í ar Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2009) agus ar Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin Don Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2006). Is ball í de choiste comhairleach maidir le haistriúchán An Leabhar Aifrinn Rómhánach (eagrán altóra nua) a d'fhoilsigh Veritas sa bhliain 2017.

  1. Dún do Shúile

    Dún do Shúile

    Marie Whelton

    €10.00

  2. Giolcaireacht sa Ghairdín

    Giolcaireacht sa Ghairdín

    Marie Whelton

    €12.00

  3. Leathbhádóirí

    Leathbhádóirí

    Marie Whelton

    €10.00