Obair Bhaile

Obair Bhaile

Údar
Louis de Paor
Maisitheoir
Brian Bourke
Praghas
€12.00
  • Sraith: Téad na Filíochta
  • ISBN: 978-1-9196013-2-8
  • Líon leathanach: 116
  • Bliain foilsithe: 2021
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Dánta in ómós don teaghlach is ea na dánta seo le Louis de Paor, dánta a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla den gcaidreamh atá ag croílár an eispéiris dhaonna. Tugann an Paorach ar thuras muid in Obair Bhaile trí thréimhsí uilig an ama – idir Inné, Inniu agus an lá Amárach – trí thuras an tsaoil a luascann i gcónaí ‘gan éinne á bhrú / éinne in aon chor’. Tá dóchas le fáil san fhilíocht mhisniúil seo a chuireann ag saothrú muid i dtreo an bhaile féin.

Rogha théamúil is ea Obair Bhaile a chuimsíonn dánta as sé chnuasach éagsúla a d’fhoilsigh an Paorach idir 1992 agus 2016, chomh maith le 13 dhán nua óna pheann.

Léaráidí le Brian Bourke agus réamhrá le hEimear Nic Conmhaic.

About the book

Poems in tribute to family by Louis de Paor, poems that focus on different aspects of the relationship that is at the very heart of the human experience. In Obair Bhaile, de Paor brings us on a journey though all the periods of time – from Yesterday, to Today, to Tomorrow – through life's journey that sways constantly ‘gan éinne á bhrú / éinne in aon chor’ ['without anyone pushing it / anyone at all']. There is hope to be found in this courageous poetry that sends us in the direction of home itself.

Obair Bhaile is a thematic selection that includes poems from six of de Paor's different collections, published between 1992 and 2016, as well as 13 new poems.

Artwork by Brian Bourke and introduction by Eimear Nic Conmhaic.

Údar

Louis de Paor

Louis de Paor

Ghnóthaigh Louis bunchéim sa Ghaeilge agus sa Léann Dúchais i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus dochtúireacht ar ghearrscéalaíocht Mháirtín Uí Chadhain ina dhiaidh sin. Bhuaigh a chnuasach filíochta Próca Solais is Luatha (Coiscéim, 1988) Duais an Ríordánaigh san Oireachtas, agus tá an duais sin buaite aige trí huaire ó shin le cnuasaigh éagsúla, ina measc 30 Dán (Coiscéim, 1992). D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht téip agus leabhrán de rogha dá chuid filíochta, Ríleanna Báistí (1992). Is iad Ag Greadadh Bas sa Reilig (Cló Iar-Chonnacht, 2005), Cúpla Siamach an Ama (Coiscéim, 2006), Agus Rud Eile De (Cló Iar-Chonnacht, 2010) agus Grá Fiar (Coiscéim, 2016) na cnuasaigh is déanaí leis. Scríobh Louis staidéar ar ghnéithe síceolaíochta de shaothar Mháirtín Uí Chadhain, Faoin mBlaoisc Bheag Sin (Coiscéim, 1991). I bpáirt le Seán Ó Tuama rinneadh rogha d’fhilíocht Ghaeilge an fichiú haois a fhoilsiú in Coiscéim na hAoise seo (Coiscéim, 1991). Chuir sé eagar ar rogha dánta Michael Davitt: Freacnairc Mhearcair: Rogha Dánta/The Oomph of Quicksilver: Selected Poems (Cló Ollscoil Chorcaí, 2000). Chnuasaigh sé dánta comhaimseartha le filí éagsúla i Leabhar na hAthghabhála/Poems of Repossession (Bloodaxe Books/Cló Iar-Chonnacht, 2016), ina dtugtar aistriúcháin Bhéarla agus réamhrá léirmhínithe. 

Tuilleadh eolais

Maisitheoir

Brian Bourke

Tá Brian Bourke ar dhuine de mhórealaíontóirí na hÉireann. Tá meascán láidir den gcollaíocht agus den ngreann ina chuid portráidí agus lé fé leith le tírdhreach Chonamara le brath sna pictiúirí iomadúla atá tarraingthe aige den dúlra. I measc na saothar is cumasaí dá chuid, tá sraith pictiúirí bunaithe ar scéal Shuibhne Geilt. Tá na líníochtaí sa leabhar seo bunaithe ar léaráid a fuair sé i seanleabhar leighis.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…