Oileán Rúin agus Muir an Dáin

Oileán Rúin agus Muir an Dáin

Údar
Mícheál Mac Craith
Praghas
€9.00
  • ISBN: 0951805665
  • Bliain foilsithe: 1993
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, ar aibiú a thuairime i leith oileáin agus cathrach go háirithe. Léirítear gur fiú go mór féachaint ar an bhforbairt a thagann ar théamaí áirithe i gcuid filíochta an Direánaigh agus gur spéisiúla dúinn an corpas fileata uile dá bharr.

Údar

Mícheál Mac Craith

Mícheál Mac Craith

Rugadh Mícheál Mac Craith sa Lorgain, Co. Ard Mhacha agus chaith sé a óige i gCairlinn agus i nDún Dealgan. Chuaigh se isteach sna Proinsiasaigh tar éis freastal ar an meánscoil i gColáiste San Proinsias, Rinn Mhic Ghormáin. Bhain sé BA agus MA amach sa Léann Ceilteach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh agus bronnadh Scoláireacht Theach an Ard-Mhéara air sa bhliain 1967. Rinne sé a chuid diagachta sa Róimh agus i Lobháin agus oirníodh ina shagart é sa bhliain 1974. Ceapadh mar léachtóir é i Roinn na Nua-Ghaeilge i nGaillimh sa bhliain 1977 agus bronnadh an dochtúireacht air as taighde a dhéanamh ar fhoinsí iasachta na nDánta Grá. Sa bhliain 2008 bhronn An Chomhairle um Thaighde in Éirinn sna Daonnachtaí agus sna hEolaíochtaí Sóisialta comhaltacht shinsearach air chun bliain a chaitheamh sa Róimh d’fhonn téacs Thaidhg Uí Chianáin ar Imeacht na nIarlaí a scagadh. Is mór aige litríocht an Renaissance, saothar Gaeilge an Leasúcháin Chreidimh idir Chaitliceach agus Phrotastúnach, an Seacaibíteachas, an tOisíneachas agus litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Tá go leor alt scríofa aige sna réimsí seo. Ó d’éirigh sé as léachtóireacht tá sé mar chaomhnóir ar Choláiste San Isidoro sa Róimh.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…