Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge / Portraits of Irish-Language Writers

Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge / Portraits of Irish-Language Writers

Eagarthóir
Liam Mac Amhlaigh
Praghas
€40.00
  • ISBN: 9780993494666
  • Líon leathanach: 257
  • Bliain foilsithe: 2016
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Tionscadal eiseamláireach é Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge a dhéanann an Scríbhneoir Gaeilge a chomóradh agus a thugann ábhar grianghrafadóireachta den scoth i láthair an phobail. Sa chnuasach álainn lán-daite seo, foilsítear portráidí de 107 de na scríbhneoirí is aitheanta i saol na Gaeilge, idir údair liteartha agus scríbhneoirí acadúla, ar tógadh a bportráidí go digiteach idir 2009-2013, ag Máire Uí Mhaicín d’Fhoras na Gaeilge. Cuimsítear filí, úrscéalaithe, gearrscéalaithe, scríbhneoirí béaloidis, scríbhneoirí do pháistí, scoláirí léinn agus scríbhneoirí ó sheánraí liteartha eile. Cuirtear beathaisnéis agus, de réir mar a oireann, sliocht dá saothar go tánaisteach leo. Mar sin féin, tá béim faoi leith ar an bportráidíocht ealaíonta iontu a léiríonn daonnacht na scríbhneoirí céanna. Cuirtear réamhrá agus sleachta cuimhní cinn leis an leabhar freisin.

About the book

Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge is a unique project that celebrates the scope and diversity of the Irish-language Writer, as well as making high-quality photographic material available to the public. This beautiful full-colour curated anthology contains portraits of 107 of the most noteworthy Irish-language writers, both literary and academic, whose portraits were taken between 2009 and 2013 by Máire Uí Mhaicín for Foras na Gaeilge. The collection includes images of poets, short story writers, folklorists, children’s authors, scholarly writers, and writers from many other genres. A short biography of each writer, and where possible, some of the writer’s work is included while maintaining the emphasis on the portraits themselves.

Eagarthóir

Liam Mac Amhlaigh

Liam Mac Amhlaigh

Scoláire nualitríochta agus foclóireachta é an Dr Liam Mac Amhlaigh atá ina Ollamh Comhlach le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Tá mórán foilsithe aige sna réimsí spéise sin, idir leabhair agus ailt. É ina chomheagarthóir bunaidh ar an ríomhiris phiarmheasta acadúil COMHARTaighde (comhartaighde.ie), ina eagarthóir ar an gcartlann phórtráidí agus eolas beathaisnéise de bheoscríbhneoirí na Gaeilge, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge (portraidi.ie), agus ina thionólaí ar an ngrúpa maoirseachta den inphrionta san fhoilsitheoireacht acadúil, Cló Léann na Gaeilge (clo.ie). Tá sé ag plé go leanúnach le dhá mhórshaothar: monagraf ar fhoclóireacht na Nua-Ghaeilge san fhichiú haois (a thiocfaidh sna sála ar a leabhar Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (2008), agus saothar critice ar fhilíocht Mhichael Davitt agus tionchar an nua-aoiseachais dhéanaigh ar fhilíocht na Gaeilge le seachtó bliain anuas. Is é Léachtaí Uí Chadhain an dara leabhar atá curtha in eagar aige le Caoimhín Mac Giolla Léith, ar lean ó Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin (2012).

Tuilleadh eolais

Físeán

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…